37 1945


Uimhir 37 de 1945.


ACHT UISCE-BHEALAIGH LOCHA COIRIB, 1945.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRAITHE BHREISE AGUS FHEABHSA I dTAOBH UISCE-BHEALAIGH LOCHA COIRIB. [20ú Nollaig, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

Acht 1856.

ciallaíonn an abairt “Acht 1856” an Drainage (Ireland) Act, 1856;

an lá ceaptha.

ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá a cheapfaidh an tAire chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta so;

an Bord Iontaobhaithe.

ciallaíonn an abairt “an Bord Iontaobhaithe” Iontaobhaithe Uisce-bhealaigh Locha Coirib;

Údarás áitiúil ranníocach.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil ranníocach” comhlucht acu so leanas:—

(a) Bárdas na Gaillimhe, nó

(b) Comhairle Chontae na Gaillimhe, nó

(c) Comhairle Chontae Mhuigheo;

bliain toghcháin.

ciallaíonn an abairt “bliain toghcháin”, maidir le húdarás áitiúil ranníocach, bliain, seachas an bhliain 1945, ina gcomórfar toghchán do chomhaltaí uile an údaráis sin;

an líomatáiste feidhmiúcháin.

ciallaíonn an abairt “an líomatáiste feidhmiúcháin”—

(a) maidir le Bárdas na Gaillimhe, buirg na Gaillimhe,

(b) maidir le Comhairle Chontae na Gaillimhe, contae na Gaillimhe (gan buirg na Gaillimhe d'áireamh),

(c) maidir le Comhairle Chontae Mhuigheo, contae Mhuigheo;

Bárdas na aillimhe,

ciallaíonn an abairt “Bárdas na Gaillimhe” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh bhuirg na Gaillimhe;

Comhairle Chontae na Gaillimhe.

ciallaíonn an abairt “Comhairle Chontae na Gaillimhe” comhairle chontae na Gaillimhe;

Comhairle Chontae Mhuigheo.

ciallaíonn an abairt “Comhairle Chontae Mhuigheo” comhairle chontae Mhuigheo;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

an tUiscebhealach.

ciallaíonn an abairt “an tUisce-bhealach” an tUisce-bhealach, i gCeantar Locha Coirib, Locha Measca, agus Locha Ceara i mbuirg na Gaillimhe agus i gcontaethe na Gaillimhe agus Mhuigheo, trí Abha agus Loch Coirib agus trí Loch Coirib, Loch Measca agus Loch Ceara ón bhfarraige i nGaillimh go dtí an pointe is sia ó thuaidh de Loch Measca agus Loch Ceara adúradh, agus go dtí Loch Cluain ar Abhainn na hAille;

cinneadh 1859 um an uiscebhealach.

ciallaíonn an abairt “cinneadh 1859 um an uisce-bhealach” an cinneadh a rinne Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, an 30ú lá de Mheitheamh, 1859, maidir leis an Uisce-bhealach.

(2) Aon tagairtí atá san Acht so d'aon achtachán, léireofar iad mar thagairtí don achtachán san arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

An lá ceaptha.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta so.

Tréimhse oifige comhaltaí láithreacha an Bhuird Iontaobhaithe d'fhoirceannadh.

3. —Na daoine is comhaltaí den Bhord Iontaobhaithe díreach roimh an lá ceaptha scoirfid ar an lá ceaptha de bheith i seilbh oifige.

An Bord Iontaobhaithe d'athchóiriú.

4. —(1) Amhail ar an lá ceaptha agus ón lá san amach beidh an Bord Iontaobhaithe comhdhéanta—

(a) de chúigear comhalta (dá ngairmtear comhaltaí do chathair na Gaillimhe san Acht so) arna dtoghadh ag Bárdas na Gaillimhe,

(b) de bheirt chomhalta (dá ngairmtear comhaltaí do chontae na Gaillimhe san Acht so) arna dtoghadh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus

(c) de chomhalta amháin (dá ngairmtear an comhalta do Mhuigheo san Acht so) arna thoghadh ag Comhairle Chontae Mhuigheo.

(2) Féadfaidh an Bord Iontaobhaithe gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais a bheith ina gcomhaltas.

An Bord Iontaobhaithe do bheith ina gcomhchomhlucht chun críocha an Achta um Bainistí Chontae, 1940 .

5. —Is comh-chomhlucht chun críocha an Achta um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), an Bord Iontaobhaithe.

Comhaltaí den Bhord Iontaobhaithe do dhícháiliú.

6. —(1) Beidh feidhm ag Airteagal 12 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, maidir leis an mBord Iontaobhaithe agus le comhaltaí an bhuird sin fé mar atá feidhm aige maidir le comhairlí contae agus lena gcomhaltaí.

(2) Beidh duine dícháilithe chun a thofa ina chomhalta den Bhord Iontaobhaithe ag údarás áitiúil ranníocach más rud é nach toghthóir Rialtais Áitiúil do líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúil sin é.

(3) I gcás comhalta den Bhord Iontaobhaithe a bheas ceaptha ag údarás áitiúil ranníocach do scor de bheith ina thoghthóir Rialtais Áitiúil do líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúil sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta.

(4) Ní shealbhóidh duine ar bith aon oifig nó fostaíocht ar páigh faoin mBord Iontaobhaithe faid is comhalta den Bhord Iontaobhaithe é ná laistigh de dhá mhí dhéag tar éis é do scor de bheith ina chomhalta den bhord san.

(5) Aon uair a thiocfas comhalta den Bhord Iontaobhaithe chun bheith dícháilithe ó bheith ina chomhalta, dearbhóidh an Bord Iontaobhaithe láithreach a oifig a bheith folamh agus is tuigthe an folúntas a thárlachtain ar an dearbhú san a dhéanamh.

Toghadh agus téarma oifige comhaltaí do chathair na Gaillimhe.

7. —(1) Comórfar an chéad toghchán comhaltaí do chathair na Gaillimhe pé lá, nach déanaí ná mí roimh an lá ceaptha, a cheapfaidh an tAire chuige sin, agus toghfaidh Bárdas na Gaillimhe cúigear comhalta do chathair na Gaillimhe sa toghchán san.

(2) Déanfaidh Bárdas na Gaillimhe gach bliain toghcháin cúigear comhalta do chathair na Gaillimhe do thoghadh ag an gcéad chruinniú ráithiúil de Chomhairle Bhuirge na Gaillimhe a tionólfar tar éis an 22ú lá de Mheitheamh sa bhliain sin, agus beidh an toghchán san ina chuid den ghnó a bheas le déanamh ag gach cruinniú ráithiúil den tsórt san.

(3) Gach comhalta a toghfar ag an gcéad toghchán comhaltaí do chathair na Gaillimhe, tosnóidh a théarma oifige an lá ceaptha.

(4) Gach comhalta do chathair na Gaillimhe (seachas comhalta a toghfar sa chéad toghchán comhaltaí do chathair na Gaillimhe), tosnóidh a théarma oifige an lá a toghfar é.

(5) Mura dtárlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, beidh gach comhalta do chathair na Gaillimhe i seilbh oifige go dtí deireadh an lae díreach roimh an lá a déanfar an chéad toghchán eile comhaltaí do chathair na Gaillimhe do chomóradh do réir fo-ailt (2) den alt so.

(6) Aon uair a thárlós corr-fholúntas i measc na gcomhaltaí do chathair na Gaillimhe déanfaidh Bárdas na Gaillimhe, a luaithe is caothúil, duine do thoghadh chun an folúntas san a líonadh.

(7) I gcás duine a toghfar chun bheith ina chomhalta do chathair na Gaillimhe de bhun fo-ailt (1) den alt so d'fháil bháis roimh an lá ceaptha is tuigthe, chun críocha an ailt seo, an duine sin d'fháil bháis an lá ceaptha.

Toghadh agus téarma oifige comhaltaí do chontae na Gaillimhe.

8. —(1) Comórfar an chéad toghchán comhaltaí do chontae na Gaillimhe pé lá, nach déanaí ná mí roimh an lá ceaptha, a cheapfaidh an tAire chuige sin, agus toghfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe beirt chomhalta do chontae na Gaillimhe sa toghchán san.

(2) Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe gach bliain toghcháin beirt chomhalta do chontae na Gaillimhe do thoghadh ag an gcéad chruinniú bliantúil de Chomhairle Chontae na Gaillimhe a tionólfar tar éis an 22ú lá de Mheitheamh sa bhliain sin, agus beidh an toghchán san ina chuid den ghnó a bheas le déanamh ag gach cruinniú bliantúil den tsórt san.

(3) Gach comhalta a toghfar ag an gcéad toghchán comhaltaí do chontae na Gaillimhe, tosnóidh a théarma oifige an lá ceaptha.

(4) Gach comhalta do chontae na Gaillimhe (seachas comhalta a toghfar sa chéad toghchán comhaltaí do chontae na Gaillimhe), tosnóidh a théarma oifige an lá a toghfar é.

(5) Mura dtárlaí roimhe sin é d'éag nó d'eirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, beidh gach comhalta do chontae na Gaillimhe i seilbh oifige go dtí deireadh an lae díreach roimh an lá a déanfar an chéad toghchán eile comhaltaí do chontae na Gaillimhe do chomóradh do réir fo-ailt (2) den alt so.

(6) Aon uair a thárlós corr-fholúntas i measc na gcomhaltaí do chontae na Gaillimhe déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, a luaithe is caothúil, duine do thoghadh chun an folúntas san a líonadh.

(7) I gcás duine a toghfar chun bheith ina chomhalta do chontae na Gaillimhe de bhun fo-ailt (1) den alt so d'fháil bháis roimh an lá ceaptha is tuigthe, chun críocha an ailt seo, an duine sin d'fháil bháis an lá ceaptha.

Toghadh agus téarma oifige an chomhalta do Mhuigheo.

9. —(1) Déanfaidh Comhairle Chontae Mhuigheo pé lá, nach déanaí ná mí roimh an lá ceaptha, a cheapfaidh an tAire chuige sin, an comhalta do Mhuigheo do thoghadh, agus tosnóidh téarma oifige an duine a toghfar amhlaidh an lá ceaptha.

(2) Déanfaidh Comhairle Chontae Mhuigheo gach bliain toghcháin an comhalta do Mhuigheo do thoghadh ag an gcéad chruinniú bliantúil de Chomhairle Chontae Mhuigheo a tionólfar tar éis an 22ú lá de Mheitheamh sa bhliain sin, agus beidh an toghchán san ina chuid den ghnó a bheas le déanamh ag gach cruinniú bliantúil den tsórt san.

(3) An comhalta do Mhuigheo a toghfar ag aon chruinniú bliantúil de Chomhairle Chontae Mhuigheo de bhun fo-ailt (2) den alt so, tosnóidh a théarma oifige an lá a toghfar é.

(4) Mura dtárlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, beidh an comhalta do Mhuigheo i seilbh oifige go dtí deireadh an lae díreach roimh an lá a déanfar an chéad toghchán eile don chomhalta do Mhuigheo do chomóradh do réir fo-ailt (2) den alt so.

(5) Aon uair a thárlós folúntas imeasc comhaltaí an Bhuird Iontaobhaithe de bhíthin an comhalta do Mhuigheo d'éag nó d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, déanfaidh Comhairle Chontae Mhuigheo, a luaithe is caothúil, duine do thoghadh chun an folúntas san a líonadh.

(6) I gcás an duine a toghfar chun bheith ina chomhalta do Mhuigheo de bhun fo-ailt (1) den alt so d'fháil bháis roimh an lá ceaptha is tuigthe, chun críocha an ailt seo, an duine sin d'fháil bháis an lá ceaptha.

Comhaltaí den Bhord Iontaobhaithe d'éirí as oifig.

10. —Féadfaidh comhalta den Bhord Iontaobhaithe éirí as a oifig tráth ar bith trí litir arna díriú chun an Bhuird Iontaobhaithe agus beidh éifeacht ag gach éirí as den tsórt san i dtosach an chéad chruinnithe a bheas ag an mBord Iontaobhaithe tar éis an litir sin d'fháil.

Folúntais a chur in iúl d'údaráis áitiúla ranníocacha.

11. —Déanfaidh an Bord Iontaobhaithe, a luaithe is féidir tar éis folúntas a thárlachtain de bhíthin comhalta den Bhord Iontaobhaithe d'éag nó d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, an folúntas san a chur in iúl dá réir sin don údarás áitiúil ranníocach do thoigh an comhalta.

Costais an Bhuird Iontaobhaithe de bhreis ar ioncam an bhuird.

12. —(1) Amhail ar an lá ceaptha agus ón lá san amach—

(a) sa mhéid go mbaineann cinneadh 1859 um an uiscebhealach leis an tslí ina ndéanfar na costais uile a bhainfeas agus a ghabhfas le cothabháil agus caomhnadh an Uisce-bhealaigh (a mhéid ná glanfar na costais sin as ioncam an Uisce-bhealaigh) do mhuirearú, d'iompar agus d'íoc, scoirfe sé d'éifeacht a bheith aige,

(b) na costais uile faoina raghaidh an Bord Iontaobhaithe maidir le cothabháil agus caomhnadh an Uisce-bhealaigh (lena n-áirítear airgead is iníoctha ag an mBord Iontaobhaithe faoi fho-alt (3) d'alt 14 den Acht so), a mhéid ná glanfar na costais sin as ioncam an Uiscebhealaigh, beidh a muirear, a n-iompar agus a n-íoc ar na húdaráis áitiúla ranníocacha, faoi réir fo-ailt (2) den alt so, sna cionúireachta so leanas—

(i) seasca faoin gcéad ar Bhárdas na Gaillimhe,

(ii) tríocha faoin gcéad ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus

(iii) deich faoin gcéad ar Chomhairle Chontae Mhuigheo.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú (arna dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí), a ordú maidir leis na costais dá bhforáltar faoi fho-alt (1) den alt so go ndéanfar, in ionad iad do mhuirearú, d'iompar agus d'íoc sna cionúireachta atá leagtha amach sa bhfo-alt san, a muirear, a n-iompar agus a n-íoc do chur, amhail ar an dáta agus ón dáta a sonnrófar chuige sin san ordú, ar na húdaráis áitiúla ranníocacha (nó ar aon dá údarás acu ag eisceadh an tríú údaráis) i pé cionúireachta is oiriúnach leis an Aire agus a shonnró sé san ordú, nó a muirear, a iompar agus a n-íoc a chur go hiomlán ar aon cheann áirithe de na húdaráis sin ag eisceadh na n-údarás eile, agus faid a bheas aon ordú den tsórt san i bhfeidhm beidh éifeacht ag an bhfo-alt san faoi réir forál an ordaithe sin.

(3) Féadfaidh an tAire aon ordú a bheas déanta aige faoi fho-alt (2) den alt so do chúlghairm.

(4) Gach ordú a déanfar faoi fho-alt (2) den alt so leagfar é faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Tigh sin tar éis an t-ordú do leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an ordaithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Cuid den Uisce-bhealach do thréigean nó d'aistriú.

13. —(1) D'ainneoin éinní dá bhfuil in alt 45 den Railway and Canal Traffic Act, 1888, féadfaidh an tAire, ar an mBord Iontaobhaithe nó duine ar bith ag á mbeidh leas sa scéal dá iarraidh sin, a údarú, le hordú, aon chuid den Uisce-bhealach nó de na hoibreacha ann do thréigean nó d'aistriú chun údaráis siltin nó chun údaráis áitiúil ranníocaigh.

(2) Ní déanfar aon aistriú chun údaráis siltin faoin alt so mura dtoilí an t-údarás siltin sin roimh ré leis an aistriú.

(3) Sar a ndéana an tAire ordú ag údarú aon tréigin nó aistrithe faoin alt so, deimhneoidh sé go ndeighleálfar leis na hoibreacha tréigthe nó aistrithe, nó go n-úsáidfear iad, i slí a bheas chun a shástachta.

Údaráis áitiúla ranníocacha do dhéanamh agus do chothabháil oibreacha áirithe.

14. —(1) Má chítear d'údarás áitiúil ranníocach, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Iontaobhaithe, gur gá nó gur inmhianaithe ar mhaithe leis an bpobal oibreacha nua maidir leis an Uisce-bhealach do dhéanamh laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúil sin nó oibreacha láithreacha de chuid an Uisce-bhealaigh do leathnú, d'fheabhsú nó do chothabháil, is dleathach don údarás áitiúil sin, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí agus faoi réir ailt 50 den Acht Siltin Airtéirigh, 1945 (Uimh. 3 de 1945) , déanamh nó cothabháil na n-oibreacha san a ghabháil orthu féin, d'ainneoin nach gá an déanamh nó an chothabháil sin, nó gach gá go hiomlán é, chun críche an Uisce-bhealaigh.

(2) An costas a bhainfeas le húdarás áitiúil ranníocach do dhéanamh aon oibreacha nua nó do chothabháil aon oibreacha láithreacha faoi fho-alt (1) den alt so, beidh ar an údarás áitiúil sin é d'iompar.

(3) (a) I gcás údarás áitiúil ranníocach do dhéanamh oibreacha nua nó do leathnú nó d'fheabhsú oibreacha láithreacha faoi fho-alt (1) den alt so, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(i) má thagann de sin go méadóidh ar luach an Uiscebhealaigh, íocfaidh an Bord Iontaobhaithe cúiteamh leis an údarás áitiúil sin,

(ii) má thagann de sin go laghdóidh ar luach an Uiscebhealaigh, íocfaidh an t-údarás áitiúil sin cúiteamh leis an mBord Iontaobhaithe.

(b) I gcás aon oibreacha láithreacha do bheith á gcothabháil ag údarás áitiúil ranníocach faoi fho-alt (1) den alt so, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin pé cuid den chostas d'aisghabháil ón mBord Iontaobhaithe ba ghá chun an obair láithreach a choimeád sa staid ba ghá chun críche an Uisce-bhealaigh.

(4) Má éiríonn aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníoctha ag údarás áitiúil ranníocach nó leo faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt so nó i dtaobh méid an chúitimh sin nó i dtaobh aon tsuim a bheith ionaisghabhála ag údarás áitiúil ranníocach faoi mhír (b) den fho-alt san nó i dtaobh méid na suime sin, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí agus ní bheidh dul thar a bhreith sin.

(5) Amhail ar an lá ceaptha agus ón lá san amach scoirfidh an Bord Iontaobhaithe de bheith freagarthach i gcothabháil an róid, é Bharr an Chalaidh go dtí an bóthar poiblí, a luaitear i Sceideal B a ghabhas le cinneadh 1859 um an Uisce-bhealach agus is tuigthe chun críocha an Achta san agus aon ordaithe den tsórt san gur bóthar baile-cheantair an ród san.

Costais údarás áitiúla ranníocacha.

15. —Faoi réir ailt 27 (alt a bhaineas le costais chothabhála, déanta agus tréigthe bóithre) den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , déanfar na costais faoina raghaidh údarás áitiúil ranníocach faoin Acht so do chruinniú—

(a) i gcás Bárdais na Gaillimhe, tríd an ráta dealúis,

(b) i gcás Comhairle Contae na Gaillimhe tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar chontae na Gaillimhe go hiomlán (gan buirg na Gaillimhe d'áireamh),

(c) i gcás Comhairle Contae Mhuigheo, tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar chontae Mhuigheo go hiomlán.

Forála áirithe d'Acht 1856 do scor d'fheidhm a bheith acu.

16. —Amhail ar an lá ceaptha agus ón lá san amach scoirfidh ailt 9, 10 agus 25 d'Acht 1856 d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Uisce-bhealach.

Gearr-theideal.

17. —Féadfar Acht Uisce-bhealaigh Locha Coirib, 1945 , do ghairm den Acht so.