5 1946


Uimhir 5 de 1946.


ACHT IOMPAIR OILEÁN ÁRANN, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRAITHE CHUN CABHRÚ LE COTHABHÁIL DEA-SHEIRBHÍSE LOINGSEOIREACHTA IDIR CATHAIR NA GAILLIMHE AGUS OILEÁIN ÁRANN AGUS DÁ ÚDARÚ CÚNAIMH AIRGID A ÍOC LE DAOINE A BHEAS AG SEOLADH NA SEIRBHÍSE SIN.

[19ú Márta, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

Acht 1936.

1. —San Acht seo—

an tAire.

ciallaíonn an abairt “Acht 1936” an tAcht um Oileáin Arann (Iompar), 1936 ;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

Connartha i gcóir seirbhíse loingseoireachta do dtí Oileáin Arann.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, ina aonar nó i dteanta aon Aire nó Airí eile, connradh a dhéanamh ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, le duine ar bith chun go seolfaidh an duine sin, i rith aon tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1946, nó lá dá éis, seirbhís loingseoireachta a bheas ar fáil don phobal chun paisnéirí agus earraí a iompar ar luach saothair idir Cathair na Gaillimhe agus Oileáin Arann agus féadfaidh, leis an toiliú adúradh, socrú a dhéanamh tríd an gconnradh sin i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an t-árthach nó na hárthaí a bheas le húsáid chun críche na seirbhíse sin, agus cothbháil, deisiú, agus árachas an árthaigh nó na n-árthach sin;

(b) minicíocht agus trátha na seirbhíse sin;

(c) na héilithe a bheas le héileamh as paisnéirí agus earraí a iompar ar an tseirbhís sin;

(d) ré, buanú, athnuachain, agus foirceannadh an chonnartha sin;

(e) aon árthach a húsáidfear chun críche na seirbhíse sin a chur thar barr, lena n-áirítear an t-árthach sin a aistriú chun an Aire, ar an gconnradh sin a bheith foirceannta;

(f) aon ní eile is dóigh leis an Aire, agus le gach Aire eile (más ann) is páirtí sa chonnradh sin, a bheith riachtanach nó inmhianaithe chun éifeachtúlacht agus somhaoineacht na seirbhíse sin a mhéadú.

(2) Féadfaidh an tAire, trí aon chonnradh arna dhéanamh faoin alt seo, a ghabháil lena ais, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir na dteorann, maidir le cúnaimh airgid ócáideacha, a forchuirtear le halt 3 den Acht seo, cúnamh airgid bliantúil nó cúnamh airgid ócáideach nó an dá chúnamh airgid sin a íoc, na trátha sin agus faoi réir na gcoinníoll sin a luafar sa chonnradh sin, leis an duine a bheas de thuras na huaire ag seoladh na seirbhíse loingseoireachta is abhar don chonnradh sin.

(3) An t-údarás a bheirtear le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo chun connradh den tsórt a luaitear sna fo-ailt sin a dhéanamh beidh feidhm aige maidir le buanú, athnuachain, athrú agus foirceannadh aon chonnartha den tsórt sin le toiliú an Aire Airgeadais ach, i gcás an mhéide den Chonnradh sin a bhaineas le cúnamh airgid ócáideach, beidh san faoi réir na dteorann a forchuirtear le halt 3 den Acht seo.

Teorainn le cúnaimh airgid ócáideacha faoin Acht seo.

3. —Ní bheidh cúnaimh airgid ócáideacha faoin Acht seo nó faoi aon chonnradh arna dhéanamh faoin Acht seo iníoctha ach mar ranníoc i leith costas faoi n-a raghfar iarbhfír chun imchóiriú nó deisiú a dhéanamh ar árthach a húsáidfear chun críche na seirbhíse ar ina leith a bheas an cúnamh airgid sin iníoctha.

An tAire do ligean de an ceart chun an galtán “Dun Aengus” a aistriú chuige féin.

4. —Údaraítear leis seo don Aire an ceart a ligean de, a fuair sé faoi chomhaontú a rinneadh, faoi alt 2 d'Acht 1936, an 3ú lá de Mheitheamh, 1938, idir an tAire ar an gcéad taobh, an tAire Talmhaíochta ar an dara taobh, an tAire Airgeadais ar an tríú taobh, agus an Galway Bay Steamboat Company, Limited, ar an gceathrú taobh, chun an galtán “Dun Aengus” a aistriú chun an Aire.

Costais.

5. —Na costais uile faoi n-a raghaidh an tAire faoin Acht seo (lena n-áirítear cúnaimh airgid a íoc faoi chonnradh arna dhéanamh faoin Acht seo) déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais agus, maidir le cúnaimh airgid ócáideacha, faoi réir na dteorann a forchuirtear le halt 3 den Acht seo, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Acht 1936 a athghairm.

6. —Athghairmtear leis seo Acht 1936.

Gearr-theideal.

7. —Féadfar Acht Iompair Oileán Arann, 1946 , a ghairm den Acht seo.