An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Airgeadas agus Cuntais.) Ar Aghaidh (CUID IX. Conartha agus Tairiscinti.)

9 1946

AN tACHT CUANTA, 1946

CUID VIII.

Orduithe Cuan-Oibreacha.

Ordú cuanoibreacha.

134. —(1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, le hordú (dá ngairmtear ordú cuan-oibreacha san Acht seo)—

(a) a údarú d'údarás cuain pé dugaí, dugaí grábhála, céibheanna, calaithe, lamairní, piaranna, cladhphoirt, tonnchoisc, bóithre, tarbhealaí, trambhealaí, iarnróid, aerodróma nó oibreacha eile a bheas sonraithe san ordú a fhoirgniú, a athfhoirgniú. a leathnú nó a dhíchur, nó

(b) a údarú d'údarás cuain pé talamh (lena n-áirítear aon cheart nó éasúint i dtalamh nó thairis nó ina leith) a bheas sonraithe san ordú a thógaint go héigeanta, nó

(c) cuan údaráis chuain, nó cuid shonraithe den chuan sin, maraon leis an maoin, na hoibreacha, an gléasra, an trealamh, agus na hairnéisí go léir a bhainfeas leis, a aistriú chun údaráis áitiúil, agus gach ní a údarú is gá chun éifeacht a thabhairt don aistriú sin, nó

(d) port nó piara sonraithe agus bainistí agus urlámhas an chéanna a aistriú chun údaráis chuain, nó

(e) teoranta cuain údaráis chuain a shocrú, nó iad a athrú trína leathnú nó a laghdú.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, le hordú (dá ngairmtear freisin ordú cuan-oibreacha san Acht seo), ordú cuan-oibreacha (lena n-áirítear ordú cuanoibreacha arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hordú cuan-oibreacha faoi mhír (c) nó (d) d'fho-alt (1) den alt seo agus le hordú cuan-oibreacha faoi fho-alt (2) den alt seo de dhroim orduithe chuan-oibreacha arna dhéanamh faoin mír sin (c) nó (d):

(a) féadfaidh an tAire an t-ordú a dhéanamh ar iarratas ón údarás cuain lena mbainfidh an t-ordú nó gan aon iarratas den tsórt sin,

(b) má dhéanann an tAire an t-ordú gan aon iarratas chuige sin a bheith déanta ag an údarás cuain lena mbainfidh an t-ordú, beidh de dhualgas ar an údarás cuain sin gach ní a dhéanamh is gá nó a bheas ordaithe ag an Aire chun an t-ordú a chomhlíonadh, agus

(c) más ordú faoin mír sin (c) é nó ordú faoi fho-alt (2) den alt seo de dhroim orduithe chuan-oibreacha arna dhéanamh faoin mír sin (c), ní déanfar an t-ordú ach amháin le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.

(4) Lasmuigh de chás dá bhforáltar le fo-alt (3) den alt seo, ní déanfar ordú cuan-oibreacha ach amháin ar iarratas ón údarás cuain lena mbainfidh an t-ordú.

(5) Féadfaidh pé forála forlíontacha agus foghabhálacha agus pé coinníollacha agus srianta is cuí leis an Aire a bheith in ordú cuan-oibreacha.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (5) den alt seo, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith in ordú cuan-oibreacha:—

(a) forála á údarú, faoi réir téarmaí an orduithe, aon bhóithre poiblí nó bóithre príobháideacha, mórbhealaí, sráideanna, cosáin, tolláin, srutha, uiscechúrsaí, taobhlaigh iarnróid, séaracha, sileáin, píopaí, sreanganna nó goireas, a oscailt, a stopadh, a bhriseadh, a thrasnú, a athrú, a leathnú, a chlaonadh nó baint leo ar shlí eile, agus

(b) coinníoll ná déanfaidh an t-údarás cuain lena mbainfidh an t-ordú, nuair a bheid ag comhlíonadh forál an orduithe, daoine den lucht oibre a chur as ionad nó ná cuirfid daoine den tsórt sin as ionad ach amháin tar éis ceanglais shonraithe a chomhlíonadh.

(7) I gcás ordú cuan-oibreacha dá údarú d'údarás cuain nó dá cheangal orthu aon talamh a thógaint go héigeanta, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) forálfaidh an t-ordú, maidir le haon talamh a tógfar amhlaidh, go ndéanfaidh an t-údarás cuain cúiteamh a íoc leis na daoine faoi seach a mbeidh eastáit nó leasa acu sa talamh agus forálfaidh go ndéanfar aon cheist i dtaobh cúitimh dhíospóidithe a chinneadh faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú leis an Acht chun Talamh a Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) ;

(b) féadfaidh an t-ordú gach foráil nó aon fhoráil d'Achta na gClásal Talún a chorprú, fara pé modhnuithe agus oiriúnuithe is cuí leis an Aire.

(8) Faoi réir forál an chéad ailt ina dhiaidh seo, beidh feidhm agus éifeacht reachtúil ag ordú cuan-oibreacha.

Ordú cuanoibreacha sealadach,

135. —(1) Má dhéanann ordú cuan-oibreacha—

(a) údarás a thabhairt d'údarás cuain chun talamh a thógaint go héigeanta ar dóigh leis an Aire ina thaobh, agus a ndéarfaidh sé ina thaobh san ordú, nach ceart, mar gheall ar a mhéid agus a shuíomh nó na críocha chun a n-úsáidtear é nó ar aon chúis eile, é a thógaint go héigeanta gan cead ón Oireachtas, nó

(b) cuan údaráis chuain a aistriú chun údaráis áitiúil, nó

(c) cuid de chuan údaráis chuain a aistriú chun údaráis áitiúil, is cuid ar dóigh leis an Aire ina taobh, agus a ndéarfaidh sé ina taobh san ordú, nach ceart, mar gheall ar a méid, a aistriú gan cead ón Oireachtas, nó

(d) port nó piara sonraithe a aistriú chun údaráis chuain, nó

(e) teoranta cuain údaráis chuain a shocrú, nó a athrú trína leathnú nó a laghdú, nó

(f) ordú cuan-oibreacha a rinneadh cheana agus a daingníodh le hAcht ón Oireachtas a chúlghairm nó a leasú,

ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an ordú sin (dá ngairmtear ordú cuan-oibreacha sealadach san Acht seo) mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar é a dhaingniú le hAcht ón Oireachtas.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hordú cuan-oibreacha sealadach:

(a) a luaithe is caothúil tar éis an t-ordú a dhéanamh, lóisteálfaidh an tAire cóip de le cláraitheoir contae an chontae ina mbeidh príomh-oifig an údaráis chuain lena mbainfidh an t-ordú;

(b) foilseoidh an tAire ansin san Iris Oifigiúil agus i dhá nuachtán a léitear sa chontae sin fógra á rá go mbeidh an chóip den ordú, ar feadh tréimhse sonraithe nach giorra ná ocht lá fhichead ar fáil in oifig an chláraitheora chontae chun a hiniúchta ag an bpobal i rith gnáthuaireanna oifige agus go bhféadfar agóidí agus cúisaithristí maidir leis an ordú a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i rith na tréimhse sin;

(c) i rith na tréimhse sin, déanfaidh an cláraitheoir contae, an chóip den ordú a choimeád ar fáil chun a hiniúchta mar adúradh agus féadfar agóidí agus cúis-aithristí maidir leis an ordú a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire;

(d) mura ndéana an tAire an t-ordú a chur ar neamhní faoi fho-alt (3) den alt seo, cuirfidh sé faoi ndear, a luaithe is caothúil tar éis an tréimhse sin a bheith caite agus ar bhreithniú a bheith déanta aige ar na hagóidí agus na cúis-aithristí (más ann) a bheas déanta mar adúradh, go dtabharfar isteach san Oireachtas bille ina mbeidh an t-ordú, mar a céad-rinneadh é nó mar a hathraíodh é faoi fho-alt (3) den alt seo (do réir mar bheas), leagtha amach go hiomlán mar Sceideal leis an mbille.

(3) Féadfaidh an tAire ordú cuan-oibreacha sealadach a chur ar neamhní nó a athrú sar a dtugtar isteach san Oireachtas an bille chun é a dhaingniú.

(4) Na costais faoina raghaidh an tAire maidir le fógra a fhoilsiú faoi mhír (b) d'fho-alt 2 den alt seo, is ar an údarás cuain iomchuí a bheas a n-íoc agus beid inaisghabhála uathu ag an Aire mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Is tuigthe gur Acht poiblí ginearálta Acht arna rith ag an Oireachtas chun ordú cuan-oibreacha sealadach a dhaingniú.

Fógra i dtaobh beartú ar ordú cuan-oibreacha seachas ordú cuan-oibreacha sealadach a dhéanamh.

136. —(1) Aon uair a bheartós an tAire ordú cuan-oibreacha seachas ordú cuan-oibreacha sealadach, a dhéanamh—

(a) foilseoidh an t-údarás cuain lena mbainfidh an t-ordú beartaithe, pé tráth nó trátha agus i pé slí a ordós an tAire, pé fógra a ordós an tAire i dtaobh nádúir an orduithe bheartaithe,

(b) déarfar sa bhfógra sin go bhféadfar agóidí agus cúisaithristí maidir leis an ordú a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i rith tréimhse sonraithe, agus

(c) nuair a bheas an t-ordú á dhéanamh aige, bhéarfaidh an tAire aird ar na hagóidí agus na cúis-aithristí (más ann) a bheas déanta mar adúradh.

(2) Is ar an údarás cuain iomchuí a bheas íoc na gcostas faoina raghaidh údarás cuain maidir le fógra a fhoilsiú de bhun an ailt seo.

(3) Aon uair a dhiúltós nó a fhailleos údarás cuain fógra a fhoilsiú a ordós an tAire dhóibh a fhoilsiú faoin alt seo, féadfaidh an tAire, gan dochar d'aon imeachta eile i gcoinne an údaráis chuain, an fógra a fhoilsiú é féin agus is ar an údaráis cuain a bheas íoc na gcostas uile faoina raghaidh sé maidir le foilsiú an fhógra sin agus beid inaisghabhála ag an Aire ón údarás cuain mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Fiosrúcháin áitiúla maidir le hordú cuanoibreacha.

137. —Aon uair a bheartós an tAire ordú cuan-oibreacha a dhéanamh, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, a ordú fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl maidir leis an ordú beartaithe.

Iarratas ar ordú cuanoibreacha.

138. —(1) Féadfaidh údarás cuain ordú cuan-oibreacha a iarraidh ar an Aire.

(2) Ní foláir iarratas ar ordú cuan oibreacha a bheith i pé foirm agus pé sonraí a bheith ann a iarrfas an tAire agus ní foláir dréacht den ordú beartaithe a bheith ag gabháil leis.

(3) Aon údarás cuain a mbeidh ordú cuan-oibreacha á iarraidh acu faoin alt seo, bhéarfaid don Aire, ar an Aire dá iarraidh sin orthu, pé sonraí eile agus pé pleananna agus doiciméidí eile a theastós uaidh ó am go ham chun an t-iarratas a bhreithniú.

(4) Aon ráiteas a déanfar in iarratas ar ordú cuan-oibreacha nó a cuirfear chun an Aire ar é d'iarraidh sonraí faoin alt seo, féadfaidh an tAire a cheangal go ndéanfaidh duine eigin a mbeidh eolas pearsanta aige ar an ráiteas sin fíorú a thabhairt air i pé slí a cheanglós an tAire.

(5) Má fhaillíonn údarás cuain aon tsonraí, plean, doiciméid nó fíorú a thabhairt a cheanglós an tAire orthu faoin alt seo a thabhairt, féadfaidh an tAire, ar fhoras na faillí agus gan dochar dá dhíscréid chun ordú cuan-oibreacha a dhéanamh nó chun diúltú d'é a dhéanamh, diúltú don iarratas ar maidir leis a ceanglaíodh amhlaidh na sonraí, an plean, an doiciméid nó an fíorú a thabhairt.

(6) Déanfaidh údarás cuain a mbeidh ordú cuan-oibreacha á iarraidh acu faoin alt seo pé táille a íoc leis an Aire a shocrós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le táille is iníoctha faoi fho-alt (6) den alt seo:

(a) baileofar agus glacfar an táille i pé slí a ordós an tAire Airgeadais, agus íocfar isteach sa Stát-Christe nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordachán an Aire Airgeadais, agus

(b) ní bheidh feidhm maidir leis an táille ag an Public Offices Fees Act, 1879.

Suirbhéireacht agus cigireacht.

139. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, a chur faoi ndear go ndéanfar—

(a) suirbhéireacht ar an suíomh a bheas ceaptha d'aon oibreacha a bheartós údarás cuain a fhoirgniú, agus

(b) cigireacht ar aon oibreacha ar iad a bheith críochnaithe nó á bhfoirgniú ag údarás cuain.

(2) Aon tsuirbhéireacht nó cigireacht a déanfar faoin alt seo, beidh a costas ar an údarás cuain a rinne, nó a mbeidh beartaithe acu, na hoibreacha a fhoirgniú a ndéanfar an tsuirbhéireacht nó an chigireacht maidir leo, agus beidh an costas sin inaisghabhála ón údarás cuain ag an Aire mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Dualgas údaráis chuain chun contúirt do loingseoireacht a chosc maidir le hoibreacha.

140. —(1) I gcás aon oibreacha a bheas críochnaithe ag údarás cuain nó á bhfoirgniú, á leathnú nó á ndeisiú ag údarás cuain faoi leibhéal an mharc lánmhara a bheith suite i slí gur contúirt do loingseoireacht iad nó aon oibreacha a bheas críochnaithe ag údarás cuain a bheith damáistithe nó trochlaithe i dtreo gur contúirt iad do loingseoireacht, beidh de dhualgas ar an údarás cuain pé baoithe a chur síos agus a chothabháil, pé soilse a chur ar taispeáint agus a choimeád ar lasadh agus pé nithe eile a dhéanamh, ag forcinn na n-oibreacha nó in aice le foircinn na n-oibreacha, d'fhonn contúirt do loingseoireacht a laghdú, a cheadós nó a ordós an t-údarás ginearálta tithe solais ó am go ham faoi na forála ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) Féadfaidh an t-údarás ginearálta tithe solais, ar iarratas ón údarás cuain iomchuí nó gan aon iarratas den tsórt sin, beartú a cheadú a bheas déanta faoin alt seo chun contúirt do loingseoireacht a laghdú maidir le haon oibreacha nó féadfaid na bearta sin a neamhcheadú, agus féadfaid a ordú don údarás cuain sin pé bearta eile a dhéanamh chuige sin, in ionad nó i dteannta na mbeart a bheas déanta cheana, a mheasfaidh an t-údarás ginearálta tithe solais is gá nó is cuí.

Pionós mar gheall ar chosc nó bac maidir le hordú cuan-oibreacha.

141. —Duine ar bith a choiscfeas nó a bhacfas comhlíonadh aon fhorála d'ordú cuan-oibreacha beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.