An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CUANTA, 1946) Ar Aghaidh (CUID II. Comhaltai agus Nos Imeachta Udarais Chuain.)

9 1946

AN tACHT CUANTA, 1946

CUID I.

Réamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Cuanta, 1946 , a ghairm den Acht seo.

Míníthe.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

aerárthach, aerodróm.

tá leis na focail “aerárthach” agus “aerodróm” na bríonna atá leo faoi seach san Acht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936) ;

cruinniú bliantiúil.

tá leis an abairt “cruinniú bliantúil” an bhrí a ceaptar di le fo-alt (1) d'alt 20 den Acht seo;

comhalta comhlachais tráchtála.

tá leis an abairt “comhalta comhlachais tráchtála” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

an bailitheoir rátaí.

ciallaíonn an abairt “an bailitheoir rátaí” an bailitheoir rátaí nó an máistir cuain agus bailitheoir rátaí (do réir mar bheas) faoi alt 38 den Acht seo do chuan;

comhalta tofa.

tá leis an abairt “comhalta tofa” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

bliain toghcháin.

ciallaíonn an abairt “bliain toghcháin” bliain is bliain toghcháin chun críocha an Achta seo maidir leis an údarás cuain iomchuí do réir ailt 9 den Acht seo;

an Bainisteoir Ginearálta.

ciallaíonn an abairt “an Bainisteoir Ginearálta” an Bainisteoir Ginearálta faoi alt 39 den Acht seo ar chuan;

earraí.

folaíonn an focal “earraí” beodhíle, mianraí, bathair, airnéisí agus marsantas de gach saghas;

rátaí earraí.

tá leis an abairt “rátaí earraí” an bhrí a ceaptar di le mír (b) d'alt 94 den Acht seo;

duga grábhála.

folaíonn an abairt “duga grábhála” aon fhánán paiteanta, greadall, sásar nó obair eile dá samhail;

cuan.

ciallaíonn an focal “cuan” cuan údaráis chuain;

údarás cuain.

ciallaíonn an abairt “údarás cuain” comhlucht a luaitear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ach—

(a) i gcás comhairle cheantair uirbigh Chill Ruis, léireofar an abairt mar abairt a thagraíos don chomhairle sin ag gníomhú dhóibh mar an gcomhlucht atá ag cothabháil piara na Ceapaighe i gCill Ruis, agus

(b) i gcás comhairle cheantair uirbigh Eochaille, léireofar an abairt mar abairt a thagraíos don chomhairle sin ag gníomhú dhóibh mar an gcomhlucht atá ag cothabháil Cuan Eochaille;

an máistir cuain.

ciallaíonn an abairt “an máistir cuain” an máistir cuain nó an máistir cuain agus bailitheoir rátaí (do réir mar bheas) do chuan faoi alt 38 den Acht seo;

ordú cuan-rátaí.

tá leis an abairt “ordú cuan-rátaí” an bhrí a ceaptar di le halt 104 den Acht seo;

ordú cuanoibreacha.

tá leis an abairt “ordú cuan-oibreacha” an bhrí a ceaptar di le halt 134 den Acht seo;

comhalta lucht oibre.

tá leis an abairt “comhalta lucht oibre” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

comhalta beodhíle.

tá leis an abairt “comhalta beodhíle” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

údarás áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 );

comhalta údaráis áitiúil.

tá leis an abairt “comhalta údaráis áitiúil” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

comhalta monaróirí.

tá leis an abairt “comhalta monaróirí” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

máistir.

ciallaíonn an focal “máistir” an duine i gceannas nó i gcúram an árthaigh ar maidir léi a húsáidtear an focal sin, ach ní fholaíonn sé píolóití;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

comhalta ainmnithe.

tá leis an abairt “comhalta ainmnithe” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo;

oifig an bhailitheora rátaí.

ciallaíonn an abairt “oifig an bhailitheora rátaí” an áit nó aon cheann de na háiteanna a ainmneos an t-údarás cuain iomchuí ó am go ham chun rátaí is inéilithe acu a íoc ann;

únaor.

folaíonn an focal “únaer,” maidir le hearraí, aon chonsíneoir, consíní, loingseoir nó gníomhaire chun na hearraí sin a dhíol nó a choimeád;

údarás píolóiteachta.

tá leis an abairt “údarás píolóiteachta” an bhrí atá leis an abairt “pilotage authority” sa Pilotage Act, 1913;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

príomh-oifig.

ciallaíonn an focal “príomh-oifig” an phríomh-oifig a bheas á cothabháil ag údarás cuain faoi alt 147 den Acht seo;

ordú cuanoibreacha sealadach.

tá leis an abairt “ordú cuan-oibreacha sealadach” an bhrí a ceaptar di le halt 135 den Acht seo;

rátaí.

folaíonn an focal “rátaí” rátaí tonnáiste, rátaí earraí agus rátaí seirbhíse;

an rúnaí.

ciallaíonn an abairt “an rúnaí” an rúnaí faoi alt 38 den Acht seo do chuan;

rátaí seirbhíse.

tá leis an abairt “rátaí seirbhíse” an bhrí a ceaptar di le mír (c) d'alt 94 den Acht seo;

rátaí tonnáiste.

tá leis an abairt “rátaí tonnáiste” an bhrí a ceaptar di le mír (a) d'alt 94 den Acht seo;

árthach.

folaíonn an focal “árthach” long, bád nó árthach eile d'aon tsaghas.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo do shárú ar aon fhoráil, folaíonn sí, i gcás inar iomchuí é, tagairt do shárú ar an bhforáil sin trí fhaillí nó diúltú a thabhairt i gcomhlíonadh na forála sin.

(3) Aon tagairt atá san Acht seo do theoranta cuain léireofar í—

(a) i gcás cuain a mbeidh ordú cuan-oibreacha ag ceapadh a theoranta i bhfeidhm de thuras na huaire ina thaobh —mar thagairt do theoranta an chuain arna gceapadh leis an ordú sin, ach sin faoi réir aon athruithe ar an gcéanna a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi aon ordú cuan-oibreacha eile, agus

(b) in aon chás eile, mar thagairt—

(i) más é Cuan Bhaile Atha Cliath an cuan—do theoranta Poirt Bhaile Atha Cliath do réir bhrí ailt 2 den Dublin Port and Docks Act, 1869, agus

(ii) murab é Cuan Bhaile Atha Cliath an cuan—do theoranta an chuain mar a bhí díreach roimh an Acht seo a rith,

ach sin faoi réir aon athruithe ar an gcéanna a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi aon ordú cuanoibreacha eile.

Costais.

3. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Forála ginearálta maidir le rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe nó le hordú.

(2) Aon chumhacht a bheirtear don Aire leis an Acht seo chun rialacháin a dhéanamh, léireofar í mar chumhacht chun na rialacháin sin a dhéanamh maidir le húdaráis chuain i gcoitinne nó maidir le haon údarás cuain sonraithe amháin nó níos mó agus chun rialacháin difriúla a dhéanamh maidir le húdaráis chuain difriúla.

(3) Beidh feidhm dlí do réir a dtéarmaí ag rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo.

Foráil shealadach maidir le comhaltas údasás airithe cuain.

5. —D'ainneoin aon ní dá bhfuil in aon alt eile den Acht seo nó in aon achtachán eile, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le húdarás cuain (nach údarás áitiúil) ar feadh na tréimhse dar tosach lá an Achta seo a rith agus dar críoch an lá roimh an dara Déardaom i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar faoi alt 6 den Acht seo maidir leis an údarás cuain:

(a) faoi réir míre (b) den alt seo, beidh an t-údarás cuain comhdhéanta de na daoine a bhí ag gníomhú mar chomhaltaí dhe díreach roimh an Acht seo a rith;

(b) aon uair a éagfas aon duine de na daoine sin nó a éireos sé as bheith ina chomhalta, líonfar an folúntas a tharlós dá dhroim sin tríd an gcuid eile de na daoine sin do chomhthoghadh duine chun an folúntas a líonadh;

(c) i gcás feidhm a bheith ag aon fhorála dá bhfuil in ailt 37 go 52 agus in alt 55 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir leis an údarás cuain díreach roimh an Acht seo a rith, ansin, leanfaidh na forála sin, faoi réir aon athruithe a bheas déanta iontu leis an achtachán ar dá bhuaidh a bhí feidhm acu amhlaidh, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an údarás cuain.