An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Cumhachta Ilghnéitheacha an Bhuird.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. Oibreacha Iompair.)

10 1946

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946

Caibidil III.

Talamh a Thógaint, Etc.

An Bord do thógaint tailimh, etc.

29. —(1) Féadfaidh an Bord, chun aon chuid dá fheadhma a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, gach ní nó éinní acu seo leanas a dhéanamh:—

(a) aon talamh a thógaint go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta;

(b) aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith ar aon talamh nó uisce nó ina leith a thógaint (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta);

(c) forceannadh, srianadh, nó cur isteach eile a dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta) ar aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith ar aon talamh nó uisce nó ina leith;

(d) claonadh, dúnadh, díchur nó cur isteach eile a dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta) ar aon bhóthar, slí nó droichead príobháideach nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saorga eile nó ar aon uisce-chúrsa saorga;

(e) cur isteach ar aon talamh go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta.

(2) Ní léireofar éinní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanann difir d'oibriú ailt 130 den Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944) .

Dul isteach ar thalamh, etc., roimh é a leithliú.

30. —(1) Aon uair roimh an leithliú nó fionnadh an phraghais nó an chúitimh a bheith déanta, féadfaidh an Bord, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo agus chun aon chuid dá fheadhma a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, gach ní nó aon ní acu seo leanas a dhéanamh:—

(a) dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar aon talamh;

(b) aon cheart a fheidhmiú a húdaraítear leis an Acht seo don Bhord a thógaint;

(c) forceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh ar aon éasúint nó maoin nó ceart eile a n-údaraítear don Bhord leis an Acht seo forceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh air;

(d) claonadh, dúnadh, díchur nó cur isteach eile a dhéanamh ar aon bhóthar, bealach, nó droichead príobháideach nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saorga eile nó ar aon uisce-chúrsa saorga a n-údaraítear don Bhord leis an Acht seo claonadh, dúnadh, díchur nó cur isteach eile a dhéanamh air.

(2) Aon uair a fheidhmeos an Bord aon chumhacht dá dtugtar dó le fo-alt (1) den alt seo, dlífidh an Bord ús a íoc, le háititheoir an tailimh nó le húnaer na héasúna, an chirt nó na maoine eile a raghfar isteach air nó a gcuirfear isteach air i bhfeidhmiú na cumhachta sin, ar mhéid an phraghais nó an chúitimh is iníoctha faoin Acht seo leis an áititheoir nó leis an únaer sin, do réir trí faoin gcéad sa bhliain ó dháta an dulta isteach nó an churtha isteach sin go dtí dáta íoctha an phraghais nó an chúitimh sin.

(3) Ní dhéanfaidh an Bord—

(a) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoin alt seo gan fógra mí ar a laghad nó, i gcás tighe chomhnaithe ina bhfuil comhnaí, fógra trí mhí ar a laghad, a thabhairt i scríbhinn roimh ré d'áititheoir an tailimh sin go bhfuilid ar intinn sin a dhéanamh, ná

(b) aon éasúint ná ceart eile a fheidhmiú ná cur isteach ar aon cheart ná maoin faoin alt seo gan fógra mí ar a laghad a thabhairt i scríbhinn roimh ré d'únaer na héasúinte, an chirt, nó na maoine sin go bhfuilid ar intinn sin a dhéanamh.

(4) Féadfar fógra faoi fho-alt (3) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine ar bith tríd an bhfógra sin a chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag an seoladh is gnáth nó is déanaí is eol a bheith aige agus is tuigthe gur seirbheáladh é ar an duine sin an uair a déanfaí an clúdach sin a sheachadadh i ngnáth-chúrsa an phoist.

(5) Mura féidir, ar aon chúis áirithe, an clúdach a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a dhíriú mar a foráltar leis an bhfo-alt sin, féadfar an clúdach sin a dhíriú chun an duine dá mbeidh sé beartaithe i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo leanas:—

(a) faoin tuairisc “an t-únaer” nó “an t-áititheoir” (pé acu é) gan a ainm a luadh,

(b) ag an talamh nó ag suíomh na maoine lena mbainfidh an fógra a bheas sa chlúdach.

Léarscála, pleananna, etc., a lóisteáil.

31. —(1) Bhéarfaidh an Bord, tráth nach déanaí ná mí roimh iad a dhul isteach ar aon talamh nó áitreabh nó roimh iad a chur isteach ar aon mhaoin nó ceart faoin gCaibidil seo, go lóisteálfar do réir an ailt seo léarscála, pleananna agus leabhair eolais maidir leis an talamh, an t-áitreabh, an mhaoin nó an ceart sin (pé acu é).

(2) Na léarscála agus na pleananna a ceangaltar leis an alt seo ar an mBord a lóisteáil beid líonmhar a ndóthain agus de shaghas is leor chun go dtaispeánfaid ar leor-scálaí an mhaoin, corprach nó neamhchorprach, a bheas beartaithe a thógaint agus gach curisteach (a mhéid is féidir sin a thaispeáint ar tharraingeoireacht) a bheas beartaithe a dhéanamh ar aon mhaoin, corprach nó neamhchorprach, nó ar aon bhóthar nó droichead poiblí.

(3) Beidh sna leabhair eolais a ceangaltar ar an mBord leis an alt seo a lóisteáil ainmneacha na ndaoine is únaeraí nó únaeraí toimhdean, léasaithe nó léasaithe toimhdean agus áititheoirí ar an talamh go léir a mbeidh beartaithe é a thógaint nó baint leis ar shlí eile faoin Acht seo agus ar an maoin go léir, corprach nó neamhchorprach (lena n-áirítear bóithre agus droichid phoiblí) a mbeidh beartaithe cur isteach uirthi in aon tslí faoin Acht seo.

(4) Is i bpríomh-oifig an Bhuird i gCathair Bhaile Atha Cliath agus i pé áiteanna eile a bheas ordaithe a lóisteálfar na léarscála, na pleananna agus na leabhair eolais a ceangaltar leis an alt seo ar an mBord a lóisteáil agus coimeádfar ar lóisteáil amhlaidh iad go ceann pé tréimhse a bheas sonraithe agus, faid a bheid ar lóisteáil amhlaidh, beid ar fáil chun a n-iniúchta ag duine ar bith, in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire bainc.

(5) A luaithe is féidir tar éis aon léarscála, pleananna, nó leabhair eolais a lóisteáil de bhun an ailt seo, bhéarfaidh an Bord fógra poiblí i dtaobh na lóisteála sin trí fhógrán a fhoilsiú faoi dhó i ngach ceann de dhá nuachtán laethúla nó níos mó a léitear i gCathair Bhaile Atha Cliath agus i pé nuachtáin eile (más ann) a bheas ordaithe.

(6) Déarfar i ngach fógra poiblí a bhéarfas an Bord de bhun fo-ailt (5) den alt seo go bhfuil na léarscála, na pleananna, nó na leabhair eolais lena mbaineann an fógra sin ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpobal do réir an ailt seo agus luafar ann na trátha agus na háiteanna ina mbeid ar fáil amhlaidh chun a n-iniúchta.

Praghas nó cúiteamh a mheisiúnú.

32. —(1) An praghas nó an cúiteamh a bheas le n-íoc ag an mBord, as aon talamh a thógfas an Bord (go buan nó go sealadach) faoin gCaibidil seo, leis na daoine uile agus faoi seach a mbeidh teideal acu chuige nó eastáit nó leasa acu ann, nó as aon éasúint, cead slí, ceart uisce, nó ceart eile nó i leith aon cheann acu sin a thógfas an Bord (go buan nó go sealadach) faoin Acht seo lena únaer nó leis na daoine uile agus faoi seach a mbeidh teideal acu chun an tailimh nó eastáit nó leasa acu sa talamh ar air nó ina leith a tógfar an ceart sin amhlaidh, déanfar, cheal comhaontuithe, a mhéid a cheapadh faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(2) An cúiteamh a bheas le n-íoc ag an mBord, as forceannadh nó srianadh nó cur isteach eile (buan nó sealadach) ag an mBord faoin Acht seo ar aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar aon talamh nó uisce nó ina leith, nó as claonadh, dúnadh, díchur nó cur isteach eile (buan nó sealadach) ag an mBord faoin Acht seo ar aon bhóthar, bealach, nó droichead príobháideach nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saorga eile nó ar aon uisce-chúrsa saorga nó as cur isteach (buan nó sealadach) ag an mBord faoin Acht seo ar aon talamh, déanfar, cheal comhaontuithe, a mhéid a cheapadh faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, amhail is dá mba é a bheadh sa chúiteamh sin an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta.

(3) Nuair a bheas aon phraghas nó cúiteamh á mheisiúnú de bhun an ailt seo i leith aon mhaoine corprach nó neamhchorprach, a bheas á háitiú nó á húsáid nó á teachtadh i dteannta aon mhaoine eile nó is cuid d'aon mhaoin eile, bhéarfar áird ar aon tsochar i bhfoirm siltin nó i bhfoirm feabhsú ar sholáthar uisce a mbeadh sé réasúnach súil a bheith lena theacht don mhaoin eile sin de bhíthin aon oibreacha a bheas déanta nó á ndéanamh nó ar tí a ndéanta ag an mBord faoin Acht seo.

(4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845 (arna oiriúnú nó arna leasú le haon Acht iardain nó faoi) maidir le haon phraghas nó cúiteamh is iníoctha ag an mBord faoin alt seo agus maidir le maoin, corprach nó neamhchorprach, a bheas tógtha ag an mBord faoin Acht seo a leithliú chun an Bhuird, agus chun críche na feidhme sin is tuigthe gurb iad an Bord bunaitheoirí an ghnóthais.

(5) Ní luífidh aon aicsean dlí ná cothromais i gcoinne an Bhuird ná aon chonarthóra ná aon oifigigh ná seirbhísigh don Bhord nó d'aon chonarthóir i dtaobh ná i leith aon ghnímh, ní nó ruda a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith de bhuaidh an ailt seo.

An tréimhse chun praghas nó cúiteamh a éileamh.

33. —Gach éileamh ar an bpraghas le haghaidh, nó an cúiteamh i leith, aon éasúna, cirt nó maoine eile (corprach nó neamhchorprach) a thógfas an Bord nó a gcuirfidh an Bord isteach air faoin gCaibidil seo, déanfar é laistigh de bhliain tar éis don Bhord dul isteach, feidhmiú nó cur isteach a dhéanamh faoin gCaibidil seo den chéad uair ar an talamh, ar an éasúint, ar an gceart, nó ar an maoin sin.

Oibreacha a dhéanamh in ionad cúiteamh a íoc.

34. —(1) Ma bhíonn teideal, iarbhír nó go hionchasach, ag duine chun cúitimh i leith éinní a bheas déanta go dleathach nó a bheas beartaithe a dhéanamh amhlaidh ag an mBord faoin Acht seo, féadfaidh an Bord pé oibreacha a dhéanamh chun tairbhe don duine sin, mar shásamh nó mar shásamh leathrannach in éileamh an duine sin ar chúiteamh, is cuibhe leis an mBord agus a aontós an duine sin a ghlacadh.

(2) Féadfaidh an Bord pé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí i dtaobh únaerachta, seilbhe, agus stiúrtha na n-oibreacha sin), ar a gcomhaontóidh an Bord agus an duine ar chun tairbhe dhó a déanfar na hoibreacha amhlaidh, a chur ag gabháil le déanamh aon oibreacha faoin alt seo.

Talamh a thógaint in ionad cúiteamh a íoc.

35. —Aon uair is dóigh leis an mBord go mbeadh sé neamheacnamúil nó go mbeadh sé neamhfhóirstineach ar aon chúis eile cúiteamh a íoc as cur-isteach ag an mBord ar aon talamh faoin gCaibidil seo, féadfaidh an Bord an talamh sin a thógaint go buan faoin Acht seo trí chomhaontú nó go héigeanta.

Cumhachta agus dualgais i gcás talamh tógtha a bheith faoi bhlianacht talamh-cheannaigh, etc.

36. —Aon uair a thógfas an Bord go buan faoin gCaibidil seo aon talamh a bheas, as féin nó i dteannta tailimh eile, faoi bhlianacht talamh-cheannaigh, íocaíocht in ionad cíosa, nó suim bhliantúil eile (nach é amháin atá inti cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, ansin, amhail ón dáta ar a raghaidh an Bord isteach agus a ghlacfaidh seilbh ar an talamh a bheas tógtha amhlaidh—

(a) tiocfaidh chun bheith agus beidh de dhliteanas ar an mBord an tsuim bhliantúil sin, no pé cuid di a chionroinnfeas Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) ar an talamh sin, a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (pé acu é), amhail is dá mbeadh an talamh sin arna aistriú chun an Bhúird ag a únaer ar an dáta sin, agus

(b) beidh an Bord i dteideal, más oiriúnach leis an mBord é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid di adúradh a fhuascailt, agus

(c) beidh d'oblagáid ar an mBord, má cheanglann Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) air é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid di adúradh a fhuascailt.

Cumhacht an Bhuird chun talamh a cheannach ó Choimisiún Talún na hÉireann.

37. —(1) Féadfaidh an Bord aon talamh a cheannach ó Choimisiún Talún na hÉireann a bheas dílsithe i gCoimisiún Talún na Éireann agus a theastós ón mBord chun gach ceann nó aon cheann dá fheadhma a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo leanas maidir le gach ceannach talún faoin alt seo:—

(a) ceannófar an talamh sin amhlaidh ar pé praghas agus ar pé téarmaí agus coinníollacha eile ar a gcomhaontóidh an Bord agus Coimisiún Talún na hÉireann, faoi réir an tsrianta ná déanfar, nuair a bheas an praghas sin á mheisiúnú, aon áird a thabhairt, ná aon mheadú praghais a lomháil, ar fheabhsuithe ar bith a rinneadh ar an talamh sin le hairgead arna íoc nó arna áirleacan as an mPríomh-Chiste nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas;

(b) déanfaidh Coimisiún Talún na hÉireann an talamh sin a leithliú chun an Bhuird nó a dhílsiú ann;

(c) soláthróidh agus íocfaidh an Bord an praghas a bheas le n-íoc ag an mBord le Coimisiún Talún na hÉireann;

(d) íocfaidh an Bord costas agus caiteachas uile an Bhuird agus Choimisiún Talún na hÉireann i dtaobh nó i leith an cheannaigh sin.

(3) San alt seo (ach amháin sa bhfo-alt seo) folaíonn an focal “talamh” aon éasúint, profit-à-prendre, nó ceart eile ar aon talamh nó maidir leis agus folóidh an chumhacht cheannaigh a bheirtear leis an alt seo cumhacht chun aon cheart den tsórt sin a cheannach pé acu i dteannta nó d'éagmais talamh a cheannach é.