An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Easuinti a Mhuchadh, Cearta Sli a Bhunu agus Talamh a Thogaint go hEigeanta.)

13 1946

AN tACHT FORAOISEACHTA, 1946

CUID II.

Foraoiseacht a chur ar Aghaidh agus Foraoisiu a Fhorbairt, agus Adhmad a Thairgeadh agus a Sholathar.

Cumhachta ginearálta au Aire.

9. —(1) Faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais (go ginearálta nó go sonrach), féadfaidh an tAire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) aon talamh atá oiriúnach chun foraoiseachta nó a theastós chun críocha a bhaineas le foraoisiú nó le bainistí aon choillte nó foraoisí, nó aon cheart (a theastós amhlaidh) ar aon talamh, a cheannach nó a thógaint ar léas nó a thógaint ar shlí eile;

(b) aon talamh a dílsíodh san Aire de bhuaidh an Orduithe Foraoiseachta (Seirbhísí Poiblí a Athroinnt), 1933 (R. & O. R., Uimh. 158 de 1933), nó a tógadh faoi na hAchta Foraoiseachta, 1919 agus 1928, nó faoin Acht seo, a bhainistí, a phlandáil nó a úsáid ar shlí eile agus pé foirgintí a thógail air nó pé oibreacha eile a dhéanamh air a mheasfaidh is gá;

(c) aon talamh a dílsíodh san Aire de bhuaidh an Orduithe Foraoiseachta (Seirbhísí Poiblí a Athroinnt), 1933 (R. & O. R., Uimh. 158 de 1933), nó a tógadh faoi na hAchta Foraoiseachta, 1919 agus 1928, nó faoin Acht seo, a dhíol nó a ligean, nó aon talamh den tsórt sin a mhalairtiú ar aon talamh eile agus (más gá é i gcás aon mhalairtithe den tsórt sin) airgead a íoc nó a fháil i gcothrom malairte nó cearta a dheonadh ar aon talamh den tsórt sin;

(d) aon fhoirgintí nó oibreacha, a theastós maidir lena chumhachta faoin alt seo, a cheannach nó a thógaint ar léas agus aon fhoirgintí nó oibreacha leis féin a dhíol nó a ligean;

(e) adhmad ar a chois a cheannach nó a thógaint ar shlí eile agus aon adhmad a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile, is leis féin, nó, faoi réir pé téarmaí ar a gcomhaontófar, is le húnaer príobháideach, agus, i gcoitinne, soláthar, díol, úsáid agus comhshó adhmaid a chur ar aghaidh;

(f) airleacain a thabhairt i bhfoirm dheontais nó iasachta, nó go leathrannach i bhfoirm acu agus go leathrannach sa bhfoirm eile, agus sin ar pé téarmaí agus faoi réir pé coinníoll is oiriúnach leis, do dhaoine (lena n-áirítear údaráis áitiúla) i leith talamh leis na daoine sin a athfhoraoisiú (lena n-áirítear athphlandáil);

(g) plandáil, forbairt, úsáid, bainistí nó maoirsiú aon choillte nó foraoisí le daoine ar bith, lena n-áirítear coillte agus foraoisí le haon Aire Stáit nó le húdarás áitiúil, a ghlacadh de láimh ar pé téarmaí agus faoi réir pé coinníoll ar a gcomhaontófar, nó cúnamh nó comhairle a thabhairt maidir le plandáil nó bainistí aon choillte nó foraoisí den tsórt sin;

(h) tionscail choille a bhunú agus a sheoladh nó cabhrú lena mbunú agus a seoladh;

(i) bailiú, ullmhú, foilsiú agus iomdháil staidrimh i dtaobh foraoiseachta a ghlacadh de láimh agus teagasc agus oiliúint i bhforaiseacht a chur ar aghaidh agus a fhorbairt, trí scoileanna nó forais oideachais eile a bhunú, nó trí chabhrú leo sin, nó i pé slí eile is oiriúnach leis;

(j) pé fiosrúcháin, turgnaimh agus taighde a dhéanamh, nó cabhrú lena ndéanamh, agus pé faisnéis a bhailiú, nó cabhrú lena bailiú, a mheasfas sé a bheith tábhachtach chun an fhoraoiseacht agus múineadh na foraoiseachta a chur ar aghaidh, agus tortha na bhfiosrúchán, na dturgnamh nó an taighde sin a fhoilsiú nó beart a dhéanamh ar shlí eile chun eolas a thabhairt ar na tortha sin agus chun an fhaisnéis sin a leathadh;

(k) faisnéis a leathadh nó cabhrú le faisnéis a leathadh is dóigh leis a mhúsclódh, a ghríosfadh nó a mhéadódh suim an phobail sa bhforaoiseacht nó i dtionscail choille;

(l) pé fiosrúcháin a dhéanamh nó cabhrú le pé fiosrúcháin a dhéanamh a mheasfaidh is gá chun leor-soláthar adhmaid a chur ar fáil sa Stát nó chun díol, úsáid nó comhshó adhmaid a chur ar aghaidh nó chun bunú nó leathnú tionscal coille a chur ar aghaidh.

(2) Ní léireofar aon ní dá bhfuil i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a údaraíos don Aire aon imeall trágha, do réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 (Uimh, 12 de 1933), ná aon Mhianraí Stáit, do réir bhrí an Achta Forbairte Minearál, 1940 ( Uimh. 31 de 1940 ), a dhíol, nó a ligean, nó a mhalairtiú ar thalamh eile.

(3) Scoirfidh Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) , a mhéid atá feidhm aige maidir le haon talamh den tsórt a luaitear i mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, d'fheidhm a bheith aige.

(4) Féadfaidh an tAire glacadh le haon bhronntas a bhéarfar dó chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta seo, agus, faoi réir téarmaí an bhronntais, féadfaidh é a úsáid chun na gcríocha sin do réir rialachán a húdaraítear dó leis seo a dhéanamh.

(5) Duine ar bith a bheas faoi éagumas dá dtagartar in alt 7 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, féadfaidh sé comhaontuithe a dhéanamh leis an Aire chun críocha an ailt seo sa tslí cheanann chéanna ina bhfuil sé i dteideal comhaontuithe a dhéanamh chun críche an ailt sin 7.

(6) Bhéarfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais (seachas an bhliain airgeadais 1945-45), go leagfar faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas tuarascáil ar a imeachta faoin Acht seo i rith na bliana sin.

An Coiste Comhairlitheach.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, coiste comhairlitheach (dá ngairmtear an Coiste Comhairlitheach san alt seo) a bhunú chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Aire, do réir foral an orduithe, maidir le feidhmiú a chumhacht faoin Acht seo ag an Aire.

(2) Beidh an Coiste Comhairlitheach comhdhéanta mar a cinnfear leis an ordú a bhunós é, ach sin ar shlí go mbeidh ar chomhaltaí an Choiste sin—

(a) ionadaí don Aire Talmhaíochta;

(b) duine ag a mbeidh taithí phraiticiúil ar nithe a bhaineas le foraoiseacht;

(c) duine ag a mbeidh eolas agus taithí ar thrádáil an adhmaid dúchais;

(d) duine ag a mbeidh eolas nó taithí ar chúrsaí oibreachais;

(e) duine ag a mbeidh eolas nó taithí ar obair chomhairlí contae;

(f) comhalta d'aon chumann a bheas ann chun foraoisiú a chur ar aghaidh;

(g) únaer coille.

Talamh a iniúchadh.

11. —(1) Féadfaidh aon oifigeach údaraithe dul isteach agus suirbhéireacht a dhéanamh ar aon talamh chun a fhionnadh an bhfuil sé oiriúnach chun foraoisithe nó d'fhonn aon adhmad air a iniúchadh nó chun aon chríche eile a bhainfeas le feidhmiú cumhacht an Aire faoin Acht seo.

(2) Oifigeach údaraithe a rachas isteach ar aon talamh de bhun á chumachta faoin alt seo, déanfaidh, ar áititheoir an tailimh dá iarraidh sin air a údarás a thaispeáint don áititheoir sin agus ceadóidh dó é a léamh.

(3) Má dhéanann duine ar bith bac nó cur isteach ar oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta a bheirtear dó faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó na deich bpuint a chur air.

(4) San alt seo, ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh i scríbhinn ag an Aire chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo.