An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Srianta le Crainn a Ghearradh Anuas agus a Dhiobhaladh.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachan a hAthghairmtear.)

13 1946

AN tACHT FORAOISEACHTA, 1946

CUID V.

Ilghneitheach.

Damáiste ag coiníní agus loitmhíola a chosc.

58. —(1) Más deimhin leis an Aire go bhfuil crainn nó plandaí crann, atá ag fás ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh plandálta sa bhfo-alt seo), á ndamáistiú, nó gur dócha go mbeid á ndamáistiú, ag coiníní nó loitmhíola atá ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh foircithe sa bhfo-alt seo) i gcomharsanacht na talún plandálta,—

(a) féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar áititheoir (más ann) na talún foircithe á rá—

(i) go bhfuil crainn nó plandaí crann atá ag fás ar an talamh plandálta á ndamáistiú, nó gur dócha go mbeid á ndamáistiú, ag coiníní nó loitmhíola atá ar an talamh foircithe, agus

(ii) nach foláir, laistigh de thrí mhí tar éis na seirbheála sin,—

(A) na coiníní nó na loitmhíola sin a dhíothú go héifeachtúil, nó

(B) bearta éifeachtúla eile a dhéanamh chun an damáiste sin a chosc;

(b) más rud é—

(i) gur talamh neamháitithe an talamh foircithe, nó

(ii) i gcás an talamh foircithe a bheith áitithe agus fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo a bheith arna sheirbheáil ar áititheoir na talún sin, ná déanfaidh an t-áititheoir, laistigh de thrí mhí tar éis na seirbheála sin, na coiníní nó na loitmhíola air a dhíothú go héifeachtúil nó bearta eile, is dóigh leis an Aire a bheith indéanta agus éifeachtach, chun cosc a chur le damáistiú crann nó plandaí crann, atá ag fás ar an talamh plandálta, ag coiníní nó loitmhíola,

féadfaidh an tAire a údarú i scríbhinn do dhuine ar bith dul isteach ar an talamh foircithe agus na coiníní nó na loitmhíola air a mharú agus a ghabháil i rith aon tréimhse sonraithe, nach sia ná dhá mhí dhéag.

(2) Duine ar bith a rachas isteach ar thalamh faoi údarás arna thabhairt ag an Aire faoin alt seo déanfaidh, ar an áititheoir (más ann) dá iarraidh sin air, a údarás a thaispeáint, agus, má bhacann duine ar bith aon duine a bheas údaraithe amhlaidh i bhfeidhmiú cuibhe a chumhacht nó a dhualgas faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomhair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) Chun críocha an ailt seo is loitmhíola gach ceann acu seo a leanas—

(a) fiana,

(b) ainmhithe fiaine (seachas giorraithe) is cosúil a dhéanfadh damáiste do chrainn nó plandaí.

Giorraithe a dhíothú ar thailte a bheas ar seilbh ag an Aire chun críocha an Achta seo.

59. —(1) D'ainneoin aon ní dá bhfuil san Acht chun Géim a Chosaint, 1930 (Uimh. 11 de 1930) , is dleathach don Aire agus do sheirbhísigh agus gníomhairí an Aire giorraithe a ghabháil agus a dhíothú ar aon mhodh réasúnach aon tráth lá ar bith ar aon talamh a bheas ar seilbh ag an Aire chun críocha an Achta seo.

(2) San alt seo, folaíonn an focal “giorraithe” patacháin.

Forála eile maidir le giorraithe a dhíothú.

60. —(1) Más deimhin leis an Aire go bhfuil aon chrainn nó plandaí crann, atá ag fás ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh pandálta sa bhfo-alt seo), á ndamáistiú, nó gur dócha go mbeid á ndamáistiú, ag giorraithe atá ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh foircithe sa bhfo-alt seo), arb é an talamh plandálta é nó talamh atá ag luí leis an talamh plandálta, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) féadfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear ordú giorraithe (fionraí ar shrianta le díothú) san alt seo) a dhéanamh á cheadú do dhuine sonraithe, arb é únaer nó áititheoir na talún foircithe é, agus fós, más cuibhe leis an Aire, d'aon duine nó daoine (a hainmneofar san ordú) de sheirbhísigh nó gníomhairí an duine sin, giorraithe a ghabháil agus a dhíothú ar an talamh foircithe i rith aon tréimhse sonraithe, nach sia ná sé mhí,

(b) oibreoidh an t-ordú chun é a dhéanamh dleathach, d'ainneoin aon ní dá bhfuil san Acht chun Géim a Chosaint, 1930 (Uimh. 11 de 1930) , do pé duine nó daoine (más ann) dá sheirbhísigh nó dá ghníomhairí a hainmneofar amhlaidh giorraithe a ghabháil agus a dhíothú ar an talamh foircithe ar aon mhodh réasúnach aon tráth lá ar bith laistigh den tréimhse shonraithe sin.

(2) Más rud é—

(a) gur deimhin leis an Aire go bhfuil crainn nó plandaí crann, atá ag fás ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh plandálta sa bhfo-alt seo), á ndamáistiú, nó gur dócha go mbeid á ndamáistiú, ag giorraithe ar aon talamh eile (dá ngairmtear an talamh foircithe sa bhfo-alt seo) atá i gcomharsanacht na talún plandálta, agus

(b) (i) gur talamh neamháitithe an talamh foircithe agus ná fuil únaer na talún sin ina chomhnaí sa Stát nó ná fuil a sheoladh ar eolas agus nach féidir é a fhionnadh go réidh, nó

(ii) i gcás ordú giorraithe (fionraí ar shrianta le díothú) a bheith arna dhéanamh, go bhfuil an tréimhse a sonraíodh ann caite agus gur fhailligh na daoine a húdaraíodh chuige sin leis an ordú sin, i rith na tréimhse sin, bearta a dhéanamh, is dóigh leis an Aire a bheith sásúil, chun giorraithe a ghabháil agus a dhíothú ar an talamh foircithe,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(I) féadfaidh an tAire, le hordú, a údarú d'aon duine nó daoine (a ngairmtear duine údaraithe de gach duine acu sa bhfo-alt seo) a hainmneofar san ordú giorraithe a ghabháil agus a dhíothú ar an talamh foircithe i rith aon tréimhse sonraithe, nach sia ná dhá mhí dhéag,

(II) oibreoidh an t-ordú chun é a dhéanamh dleathach do gach duine údaraithe, aon tráth lá ar bith laistigh den tréimhse shonraithe sin,—

(A) dul isteach ar an talamh foircithe, agus

(B) d'ainneoin aon ní dá bhfuil san Acht chun Géim a Chosaint, 1930, giorraithe a bheas ann a ghabháil agus a dhíothú ar aon mhodh réasúnach,

(III) má théann duine údaraithe isteach ar an talamh foircithe de bhun na gcumhacht a bheirtear leis an ordú, déanfaidh sé, ar an áititheoir (más ann) dá iarraidh sin air, an t-ordú a thaispeáint,

(IV) duine ar bith a dhéanfas bac nó cur isteach ar dhuine údaraithe agus é ag féidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an ordú, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) San alt seo, folaíonn an focal “giorraithe” patacháin.

Fásra a dhó.

61. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon fhásra a dhó atá ag fás laistigh de mhíle ó choill nach leis an duine sin mura dtuga an duine sin, seacht lá ar a laghad sar a dtosnóidh sé ar an bhfásra sin a dhó, fógra i scríbhinn d'únaer na coille sin agus don tsáirsint i gceannas an stáisiúin Gharda Shíochána is gaire don choill sin go bhfuil ar intinn aige an fásra sin a dhó.

(2) Má dhónn duine ar bith aon fhásra contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

(3) Aon uair a déanfar fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1) den alt seo ar únaer coille, féadfaidh an t-únaer sin, laistigh de thrí lá tar éis dó an fógra sin a fháil, frithfhógra a sheirbheáil ar an duine a thug an fógra sin ina ndéanfaidh agóid i gcoinne an dó bheartaithe ar an bhforas go mb'fhéidir damáiste a theacht uaidh don choill sin.

(4) Má dhónn duine ar bith aon fhásra contrártha don alt seo nó tar éis dó an fógra a sheirbheáil is gá do réir an ailt seo agus frithfhógra faoin alt seo a fháil, is tuigthe gurb é gníomh mainneachtana an duine sin faoi ndear gach díobháil a thiocfas den dó sin d'aon choill ar cheart go ndéanfaí ina leith nó a ndearnadh ina leith fógra a sheirbheáil faoin alt seo agus féadfaidh únaer na coille sin airgead damáiste in aghaidh méid na díobhála sin a aisghabháil dá réir sin ón duine sin.

Fásra ar thalamh atá ina luí le coillte a dhíchur nó a dhíothú.

62. —(1) Más deimhin leis an Aire go mb'fhéidir damáiste a theacht do choill trí thine a thosnódh ar thalamh neamh-shaothraithe atá ina luí leis an gcoill sin, mar gheall ar fhásra a bheith ann,—

(a) féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar áititheoir (más ann) na talún sin á rá gur abhar contúirte don choill sin an fásra sin agus gur ceart é a dhíchur nó é a leor-dhíothú laistigh de thríocha lá tar éis na seirbheála sin;

(b) más rud é—

(i) gur talamh neamháitithe an talamh sin, nó

(ii) i gcás inar talamh áitithe é agus inar seirbheáladh fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo ar an áititheoir, ná dearna an t-áititheoir dá réir,

féadfaidh an tAire a údarú i scríbhinn do dhuine ar bith dul isteach ar an talamh sin agus aon fhásra a bheas ag fás ar an gcuid den/talamh sin atá laistigh de chéad go leith troigh ó theorainn na coille sin a dhíchur nó a dhíothú i rith aon tréimhse sonraithe, nach sia ná trí mhí.

(2) Féadfaidh duine ar bith, d'ainneoin forál ailt 28 den Acht chun Géim a Chosaint, 1930 (Uimh. 11 de 1930) , fásra a bheas ag fás ar aon talamh atá laistigh de chéad go leith troigh ó aon choill a dhíchur nó a dhíothú gan cead i scríbhinn ó Cheannphort an Gharda Shíochána don cheantar, más de bhun fógra a bhaineas leis an talamh sin agus a seirbheáladh faoi fho-alt (1) den alt seo nó do réir údaráis chuige sin a tugadh faoin bhfo-alt sin a déanfar an díchur nó an díothú sin.

(3) Duine ar bith a rachas isteach ar thalamh faoi údarás arna thabhairt ag an Aire faoin alt seo, déanfaidh, ar an áititheoir (más ann) dá iarraidh sin air, a údarás a thaispeáint, agus má bhacann duine ar bith aon duine a bheas údaraithe amhlaidh i bhfeidhmiú cuibhe a chumhacht nó a dhualgas faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Eolas ó shábhmhuilleoirí.

63. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, fógra a sheirbheáil ar dhuine ar bith (is dílseánach ar aon tsábh-mhuileann nó monarcha ina ndéantar adhmad a shábhadh nó a chomhshó óna riocht chomhchruinn nó garbh) á cheangal ar an duine sin tuairisceán a thabhairt don Aire, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fógra sin a sheirbheáil, ina mbeidh na sonraí a bheas sonraithe sa bhfógra maidir le háit soláthair, toirt agus cineál an adhmaid a sábhadh nó a comhshódh amhlaidh i rith tréimhse sonraithe sa tsábh-mhuileann nó sa mhonarcha sin.

(2) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, fógra a sheirbheáil ar dhuine ar bith (a dhéanas adhmad a onnmhuiriú ina riocht chomhchruinn nó garbh) á cheangal ar an duine sin tuairisceán a thabhairt don Aire, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fógra sin a sheirbheáil, ina mbeidh na sonraí a bheas sonraithe sa bhfógra maidir le háit soláthair, toirt agus cineál an adhmaid a d'onnmhuirigh sé amhlaidh i rith tréimhse sonraithe.

(3) Féadfaidh fógra faoin alt seo a cheangal gur i bhfoirm a bheas sonraithe sa bhfógra a bhéarfar aon tuairisceán a bheas le tabhairt faoin bhfógra sin.

(4) Má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn duine ar bith, ar ar seirbhéaladh fógra faoin alt seo, an fógra sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(5) I gcás—

(a) ina gciontófar duine i gcion faoi fho-alt (4) den alt seo toisc é dá fhaillí nó dá mhainniú na nithe a bheas sonraithe i bhfógra a seirbheálfar air faoin alt seo a dhéanamh laistigh den tréimhse a bheas sonraithe sa bhfógra, agus

(b) ina mbeidh na nithe sin, tar éis dáta an chiontuithe sin fágtha gan déanamh aige,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontuithe chéadluaite sin, a fhágfas sé na nithe sin gan déanamh, agus beidh an cion sin ina chion leanúnach agus dá réir sin féadfar imeachta nua a bhunú ina leith ó am go ham.

Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha, etc.

64. —(1) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh duine ar bith, in aon fhógra leagain faoin Acht seo nó in aon iarratas ag lorg ceadúnais leagain teoranta nó orduithe úsáidte (crainn eiscithe) nó ceadúnais leagain ginearálta, do réir bhrí Choda IV den Acht seo, aon ráiteas a bheas bréagach nó míthreorach i bponc abhartha, nó

(b) ina ndéanfaidh duine ar bith, in aon tuairisceán a bheas á thabhairt aige don Aire faoin Acht seo, aon eolas a thabhairt a bheas bréagach nó míthreorach i bponc abhartha,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

Cumhachta au Aire faoi Achta na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1877 go 1929, a aistriú chun an Aire Thalmhaíochta.

65. —Aistrítear leis seo chun an Aire Thalmhaíochta gach cumhacht a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, á fheidhmiú nó infheidhmithe ag an Aire faoi Achta na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1877 go 1929.