17 1946


Uimhir 17 de 1946.


AN tACHT AOISLIÚNTAS, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT AOISLIÚNTAS, 1834 GO 1942. [11ú Iúil, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1887” an Superannuation Act, 1887, arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán iardain nó faoi;

ciallaíonn an abairt “Rialacháin 1940” na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Bónas a Dhéanamh Seasmhach), 1940 (R. & O.R., Uimh. 177 de 1940).

Alt 1 den Superannuation Act, 1887, a leasú.

2. —Beidh éifeacht ag alt 1 d'Acht 1887, maidir le daoine a díobháladh nó a díobhálfar an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis,—

(a) amhail is dá mba rud é, i bhfo-alt (1) den alt sin,—

(i) go gcuirfí na focail “and, if within seven years after the date of the injury, he dies as a direct result thereof” in ionad na bhfocal “or if he dies from the injury”,

(ii) go gcuirfí, in ionad na tagairte do bhaintreach dhuine a díobháladh, i gcás inar baineannach an duine sin, tagairt dá baintreach fir, agus

(iii) go gcuirfí na focail “to or in respect of his children, or any of them” in ionad na bhfocal “to his children, or to any of them”, agus

(iv) go bhfolódh an focal “children” leanbhaí mídhlistineacha agus leas-leanbhaí agus leanbhaí a raibh an duine díobhálta, ar dháta na díobhála, in loco parentis maidir leo;

(b) amhail is dá gcuirtí an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (3) den alt sin—

“(3) (a) Any allowance granted under this section to an injured person shall not, together with any superannuation allowance for which he is otherwise qualified, exceed five sixths of the annual salary and emoluments of the office held by him at the date of the injury.

(b) In this subsection the expression ‘superannuation allowance’ includes, in relation to any person, an annual compensation or retiring allowance under the Superannuation Acts, 1834 to 1946, and the annuity value (calculated in such manner as the Minister directs) of any additional allowance under these Acts.”.

Dámhachtain aoisliúntais a choigeartú.

3. —(1) Baineann an t-alt seo le duine—

(a) a ndearna an tAire Airgeadais cinneadh, faoi fho-alt (5) d'alt 3 den Acht Seirbhísí Poiblí (Fearachas Sealadach), 1933 (Uimh. 37 de 1933) , i leith a luach saothair, agus

(b) a d'éirigh as an Stát-Sheirbhís agus dámhachtain aoisliúntais aige, an 1ú lá d'Iúil, 1940, nó dá éis, agus roimh an Acht seo a rith, agus

(c) lenar bhain Rialacháin 1940 díreach sar ar éirigh sé as oifig amhlaidh.

(2) San alt seo folaíonn an abairt “dámhachtain aoisliúntais” aoisliúntas faoi fho-alt (1) d'alt 1 den Superannuation Act, 1909, agus aon liúntas den tsórt sin arna athrú faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 354), 1945 (R. & O. R., Uimh. 29 de 1945 ), agus aon liúntas breise faoi alt 3 den Acht sin.

(3) Féadfar dámhachtain aoisliúntais dhuine lena mbaineann an t-alt seo a choigeartú i slí go n-údarófar íocaíocht amhail is ná bainfeadh Rialacháin 1940 leis an duine sin díreach roimh an dáta ar ar éirigh as oifig, agus féadfaidh an dámhachtain choigeartaithe a bheith iníoctha amhail ón dáta ar a dtáinig an dámhachtain bhunaidh chun bheith iníoctha an chéad uair.

(4) Nuair a bheas íocaíochta á ndéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo glacfar creidiúin sna méideanna a bheas íoctha cheana den dámhachtain aoisliúntais.

Forála maidir leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 354), 1945.

4. —Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 354), 1945 (R. & O. R., Uimh. 29 de 1945 )—

(a) leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm tar éis an tAcht Cumhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , a dhul in éag;

(b) ní bhainfidh an tAcht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 , leis an ordú.

Costais.

5. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas gach costas faoina raghfar chun an tAcht seo a chur i ngníomh.

Gearr-theideal agus comhluadh.

6. —(1) Féadfar an tAcht Aoisliúntas, 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hÁchta Aoisliúntas, 1834 go 1946, a ghairm de na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1942, agus den Acht seo le chéile.