An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS (AN CHÚIRT DÚICHE), 1946) Ar Aghaidh (CUID II. Forala maidir leis na Breithiuin do Chathair Bhaile Atha Cliath.)

21 1946

AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS (AN CHÚIRT DÚICHE), 1946

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearr-theideal agus comhluadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, a ghairm de na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1936, agus den Acht seo le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

Acht 1928.

ciallaíonn an abairt “Acht 1928” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928) ;

Acht 1936.

ciallaíonn an abairt “Acht 1936” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936) ;

an lá ceaptha (Cuid II).

ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha (Cuid II)” an lá a ceapfar ina lá ceaptha chun críocha Coda II den Acht seo le hordú ón Aire faoi alt 3 den Acht seo;

Roinn.

ciallaíonn an focal “Roinn” roinn de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath a bunaítear le halt 5 den Acht seo;

Breitheamh do Chathair Bhaile Atha Cliath.

ciallaíonn an abairt “Breitheamh do Chathair Bhaile Atha Cliath” Breitheamh arna bhuan-shannadh do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath;

Breitheamh.

ciallaíonn an focal “Breitheamh” Breitheamh den Chúirt Dúiche, ach ní fholaíonn sé Breitheamh sealadach;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) ;

Breitheamh sealadach.

ciallaíonn an abairt “Breitheamh sealadach” duine arna cheapadh faoi alt 51 d'Acht 1936 chun gníomhú mar Bhreitheamh.

An lá ceaptha chun críocha Coda II.

3. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh ina lá ceaptha chun críocha Coda II den Acht seo.

Athghairm.

4. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach, a mhéid a sonraítear sa tríú colún de Chuid I den Sceideal sin.

(2) Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, amhail ar an lá ceaptha (Cuid II) agus uaidh sin amach, a mhéid a sonraítear sa tríú colún de Chuid II den Sceideal sin.