An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Forala Ilghneitheacha maidir leis an gCuirt Duiche.)

21 1946

AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS (AN CHÚIRT DÚICHE), 1946

CUID II.

Forala maidir leis na Breithiuin do Chathair Bhaile Atha Cliath.

Na ranna de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath.

5. —(1) D'fhonn go mba chaothúla a déanfaí gnó na Cúirte Dúiche i nDúthaigh Chathrach Bhaile Á tha Cliath, beidh na Breithiúin do Chathair Bhaile Átha Cliath, ar an lá ceaptha (Cuid II), arna roinnt, de bhuaidh an fho-ailt seo, ina dtrí Ranna a ngairmfear de gach Roinn faoi leith acu an ainm a cheapfas an tAire dhi.

(2) Is é a bheas i ngach Roinn—

(a) Breitheamh, dá ngairmfear Ard-Bhreitheamh na Roinne sin,

(b) pé uimhir (más ann) de Bhreithiúin eile, dá ngairmfear Gnáth-Bhreithiúin na Roinne sin, a chinnfeas an tAire ó am go ham.

Forála maidir le hArd-Bhreithiúin.

6. —(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le hArd-Bhreitheamh Roinne—

(a) ainmneoidh an tAire é as na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath,

(b) ní haistreofar go dtí Roinn eile é mura dtoilí sé féin chuige,

(c) socróidh sé i dtaobh gnó na Roinne sin a roinnt idir Bhreithiúin ar leithligh na Roinne sin.

(2) Aon uair a bheas folúntas in oifig Ard-Bhreithimh Roinne (dá ngairmtear an Roinn sin sa bhfo-alt seo) nó a thárlós, ar chúis ar bith, ná beidh ar chumas Ard-Bhreithimh Roinne (dá ngairmtear an Roinn sin freisin sa bhfo-alt seo) gníomhú, féadfaidh an tAire—

(a) Ard-Bhreitheamh Roinne eile a ainmniú, le toiliú an Bhreithimh sin, chun gníomhú go sealadach mar Ard-Bhreitheamh don Roinn sin, i dteannta a Roinne féin nó

(b) duine de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath (is Gnáth-Bhreitheamh Roinne) a ainmniú chun gníomhú go sealadach mar Ard-Bhreitheamh don Roinn sin, ach gan luach saothair sa bhreis a fháil,

agus Breitheamh a hainmneofar amhlaidh, gníomhóidh sé dá réir sin.

(3) Ainmneoidh an tAire an Breitheamh is sinsearaí, díreach roimh an lá ceaptha (Cuid II), de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath, chun bheith ina Ard-Bhreitheamh do cheann de na Ranna.

Forála maidir le Gnáth-Bhreithiúin Roinne.

7. —Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le Gnáth-Bhreitheamh Roinne—

(a) ainmneoidh an tAire é as na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath,

(b) féadfaidh an tAire é a aistriú ó am go ham ón Roinn sin aige go dtí Roinn eile.

Tuarastail na mBreithiún do Chathair Bhaile Atha Cliath.

8. —(1) Gheobhaidh Ard-Bhreitheamh Roinne tuarastal míle agus dhá chéad punt sa bhliain.

(2) Gheobhaidh gach Breitheamh do Chathair Bhaile Atha Cliath (seachas Ard-Bhreitheamh Roinne) tuarastal míle agus céad punt sa bhliain.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc na dtuarastal a luaitear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo.

(4) Tiocfaidh fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ngníomh ar an lá ceaptha (Cuid II).

Breithiúin bhreise Roinne a ainmniú.

9. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham Breitheamh, ná beidh buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe agus a bheas de thuras na huaire sannaithe go sealadach do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, a ainmniú chun gníomhú mar Bhreitheamh breise Roinne.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham Breitheamh sealadach, a bheas de thuras na huaire sannaithe go sealadach do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, a ainmniú chun gníomhú mar Bhreitheamh breise Roinne.

(3) Breitheamh nó Breitheamh sealadach a hainmneofar faoin alt seo chun gníomhú mar Bhreitheamh breise Roinne, gníomhóidh sé amhlaidh go dtí go bhforceannfaidh an tAire a ainmniú.

Gnó a roinnt idir na Ranna.

10. —An gnó de chuid na Cúirte Dúiche a bheas le déanamh i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, roinnfear é idir na Ranna ar leithligh i pé slí a ordós an tAire ó am go ham.

Na háiteanna, etc., ina mbeidh gnó Roinne le déanamh.

11. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, maidir le gach Roinn,—

(a) na háiteanna i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath a cheapadh ina mbeidh gnó na Roinne sin le déanamh,

(b) an saghas nó na saghsanna gnótha de chuid na Roinne sin a chinneadh a bheas le déanamh i ngach áit ar leithligh de na háiteanna a ceapfar amhlaidh.

(c) na laetha agus na huaireanta a chinneadh a déanfar gach saghas gnótha ar leithligh den tsórt sin sna háiteanna ar leithligh a ceapfar amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire a údarú d'Ard-Bhreitheamh Roinne na cumhachta is infheidhmithe ag an Aire faoi mhíreanna (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo a fheidhmiú, maidir leis an Roinn sin, agus féadfaidh aon údarás den tsórt sin a fhorceannadh.

Forála i dtaobh gnótha ar feitheamh.

12. —(1) Gach gnó de chuid na Cúirte Dúiche i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath a bheas tosnaithe roimh an lá ceaptha (Cuid II) agus ná beidh críochnaithe roimh an lá ceaptha (Cuid II) leanfar de agus críochnófar é amhail is ná beadh an tAcht seo arna rith.

(2) Chun críocha an ailt seo, is tuigthe gnó de chuid na Cúirte Dúiche a bheith arna thosnú lá eisithe na toghairme, an bharántais, na próise nó na doiciméide tionscnaimh eile ina thaobh.

Comhaltaí exofficio de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche.

13. —Amhail ar an lá ceaptha (Cuid II) agus uaidh sin amach, is iad a bheas ina gcomhaltaí ex-officio de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche, a bunaíodh le halt 71 Acht 1936, ná—

(a) pé duine (is Ard-Bhreitheamh Roinne) a ainmneos an tAire chuige sin de na Breithiúin, agus is é an duine sin a bheas ina chathaoirleach ar an gCoiste sin;

(b) pé duine a ainmneos an tAire chuige sin de Chléirigh Chúirte Dúiche Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, agus is é an duine sin a bheas ina rúnaí don Choiste sin.