33 1946


Uimhir 33 de 1946.


AN tACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT CEADÚNÚCHÁIN, 1833 GO 1943, TRÍ SHOCRÚ A DHÉANAMH CHUN ÁITRIBH ÁIRITHE AR PHORTAIGH ÁIRITHE A CHEADÚNÚ. [17ú Nollaig, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “áitreabh portaigh” na foirgintí uile a bheas tógtha de thuras na huaire ar phortach, pé críoch chun a n-úsáidtear an t-áitreabh sin;

ciallaíonn an abairt “áitreabh portaigh ceadúnaithe” áitreabh ar phortach a mbeidh ceadúnas díolta deocha meisciúla, arna dheonadh nó arna athnuachaint de bhuaidh an Achta seo, ar marthain ina leith de thuras na huaire, pé acu a bheas iomláine an áitribh phortaigh ar an bportach sin nó ná beidh ach cuid de san áitreabh sin;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

ciallaíonn an abairt “ceadúnas iomlán” ceadúnas chun deocha meisciúla a dhíol chun a n-ólta san áitreabh nó lasmuigh dhe.

Ceadúnais a dheonadh agus a athnuachaint i leith áitribh ar phortach.

2. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire é a bheith fóirstineach ceadúnas iomlán a dheonadh i leith iomláine aon áitribh phortaigh áirithe nó i leith aon choda áirithe dhe, féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt do dhuine is dóigh leis a bheith ina dhuine chóir oiriúnach chun an ceadúnas iomlán sin a bheith aige á dheimhniú go n-aontaíonn an tAire na Coimisinéirí Ioncaim do dheonadh ceadúnais iomláin don duine sin (a hainmneofar sa deimhniú) i leith áitribh shonraithe arb é iomlán an áitribh phortaigh sin é nó ar cuid den áitreabh portaigh sin é.

(2) Ar dheimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1943, ceadúnas iomlán i leith an áitribh a bheas sonraithe chuige sin sa deimhniú a dheonadh don duine a bheas ainmnithe chuige sin sa deimhniú.

(3) Aon uair a bheas ceadúnas iomlán a deonadh nó a hathnuadh faoin alt seo ar marthain, féadfaidh an tAire, más cuí leis, deimhniú a thabhairt do shealbhóir an cheadúnais iomláin sin á dheimhniú go n-aontaíonn an tAire an ceadúnas iomlán a athnuachaint dá shealbhóir i leith an áitribh phortaigh sin.

(4) Ar dheimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (3) den alt seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1943, athnuachaint ar an gceadúnas iomlán sin a dheonadh dá shealbhóir.

Ceadúnais i leith áitribh ar phortach a aistriú agus a athrú.

3. —(1) Aon uair a mheasfas an tAire é a bheith fóirstineach ceadúnas iomlán, a bheas arna dheonadh nó arna athnuachain faoin Acht seo agus a bheas ar marthain de thuras na huaire, a aistriú, mar gheall ar bhás a shealbhóra nó ar aon chúis eile, chun duine áirithe is dóigh leis an Aire a bheith ina dhuine chóir oiriúnach chun an ceadúnas iomlán sin a bheith aige, féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt don duine sin á dheimhniú go n-aontaíonn an tAire an ceadúnas a aistriú chun an duine sin.

(2) Ar dheimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1943, an ceadúnas iomlán lena mbainfidh an deimhniú a aistriú chun an duine a bheas sonraithe chuige sin sa deimhniú.

(3) Aon uair a mheasfas an tAire é a bheith fóirstineach ar chúis ar bith an t-áitreabh lena mbainfidh ceadúnas iomlán, a bheas arna dheonadh nó arna athnuachaint faoin Acht seo agus a bheas ar marthain de thuras na huaire, a athrú in aon tslí áirithe, seachas an ceadúnas iomlán sin a chur i mbaint le háitreabh nach cuid d'aon áitreabh portaigh, féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt do shealbhóir an cheadúnais iomláin sin ag deimhniú pé ní nó nithe acu seo a leanas is iomchuí sa chás, is é sin le rá:—

(a) go n-aontaíonn an tAire an ceadúnas iomlán sin a leathnú chun go mbainfidh le cuid shonraithe den áitreabh portaigh a mbaineann sé le cuid eile dhe cheana;

(b) go n-aontaíonn an tAire cuid shonraithe den áitreabh lena mbaineann an ceadúnas iomlán sin a eisiadh ón áitreabh;

(c) go n-aontaíonn an tAire an ceadúnas iomlán sin a aistriú ón áitreabh lena mbaineann go dtí cuid eile den áitreabh portaigh céanna.

(4) Ar dheimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (3) den alt seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1943, an ceadúnas iomlán lena mbaineann an deimhniú sin a leasú dó réir aontuithe an Aire mar a bheas luaite sa deimhniú.

Forála áirithe den Acht Deocha Meisciúla, 1927 , a eisiadh.

4. —I gCuid IV den Acht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927) , ní fholóidh an focal “ceadúnas” ceadúnas a bheas ag gabháil le háitreabh portaigh ceadúnaithe, agus léireofar an Chuid sin IV (agus go háirithe fo-alt (3) d'alt 36 di) agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

Gearr-theideal, léiriú agus comhluadh.

5. —(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla, 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Leireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1943, agus féadfar na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.