|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 6 de 1947. | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN INDUSTRIAL AND LIFE ASSURANCE AMALGAMATION COMPANY, LIMITED (SCAIREANNA A THÓGAINT), 1947. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA ÁIRITHE LEIS AN INDUSTRIAL AND LIFE ASSURANCE AMALGAMATION COMPANY, LIMITED, A CHEANNACH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE A BHAINEAS LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [26ú Márta, 1947.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | Cuideachta shealbhach Bhreataineach. |
ciallaíonn an abairt “Cuideachta shealbhach Bhreataineach” aon chomhlucht acu seo a leanas, eadhon— |
[EN] | (a) an Britannic Assurance Company, Limited, nó | |
[EN] | (b) an Pearl Assurance Company, Limited, nó | |
[EN] | (c) an Prudential Assurance Company, Limited, nó | |
[EN] | (d) an Refuge Assurance Company, Limited, nó | |
[EN] | (e) an Liverpool Victoria Friendly Society; | |
[EN] | An tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais; |
An Chuideachta Forceanntach. |
ciallaíonn an abairt “an Chuideachta Fhorceanntach” an Industrial and Life Assurance Amalgamation Company, Limited. | |
[EN] |
Cumhacht an Aire chun scaireanna áirithe leis an gCuideachta Fhorceanntach a cheannach. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire na gnáth-scaireanna “A” dhá scilling an scair atá ag aon Chuideachta shealbhach Bhreataineach sa Chuideachta Fhorceanntach a cheannach ar phraghas nach mó ná trí scillinge an scair. |
[EN] | (2) Ní bheidh aon dleacht stampa iníochta i leith scaireanna a ceannófar faoin alt seo a aistriú. | |
[EN] |
Feidhm ailt 6 den Acht Arachais (Leasú), 1938 . |
3. —Déanfar na tagairtí i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 6 den Acht Arachais (Leasú), 1938 ( Uimh. 31 de 1938 ), do scaireanna leis an gCuideachta Fhorceanntach a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do scaireanna leis an gCuideachta Fhorceanntach arna gceannach ag an Aire faoin Acht seo. |
[EN] |
Airgead a airleacan as an bPríomh-Chiste. |
4. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastós ó am go ham ón Aire chun íoc as aon scaireanna leis an gCuideachta Fhorceanntach a cheannós sé faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Chun airgead a sholáthar i gcóir na suimeanna a hairleacfar as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire aon tsuim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta sin féadfaidh an tAire urrúis a chruthnú agus a eisiúint ar pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhaidh ar iasacht amhlaidh. | |
[EN] | (3) Déanfar bunairgead agus ús aon urrús a eiseos an tAire faoin alt seo agus na costais faoina raghfar maidir le heisiúint na n-urrús sin a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beid iníoctha as an gcéanna. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
5. —Féadfar an tAcht um an Industrial and Life Assurance Amalgamation Company, Limited (Scaireanna a Thógaint), 1947, a ghairm den Acht seo. |