An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947) Ar Aghaidh (CUID II. Ceadunais agus Ceada Ceantala.)

10 1947

AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —(1) San Acht seo—

ceantáil.

folaíonn an focal “ceantáil” ceantáil Dúitseach agus léireofar an focal “ceantálaí” dá réir sin;

cead ceantála.

ciallaíonn an abairt “cead ceantála” cead, faoi alt 9 den Acht seo, chun ceantáil a dhéanamh;

ceadúnas ceantálaí.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas ceantálaí” ceadúnas, faoi alt 8 den Acht seo, chun gnó ceantálaí a sheoladh;

deimhniú cáiliúcháin.

ciallaíonn an abairt “deimhniú cáiliúcháin” deimhniú cáiliúcháin, faoi alt 12 den Acht seo, chun ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe a shealbhú;

éarlais.

ciallaíonn an focal “éarlais” éarlais chun críocha an Achta seo a coimeádfar san Ard-Chúirt do réir ailt 14 den Acht seo;

breitheamh dúiche.

ciallaíonn an abairt “breitheamh dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche;

teach.

folaíonn an focal “teach” cuid de thigh agus folaíonn sé freisin foirgint d'aon tsórt agus cuid d'aon fhoirgint;

gníomhaire tithe.

ciallaíonn an abairt “gníomhaire tithe” duine a dhéanfas, mar ghníomhaire do dhuine eile agus ar luach saothair nó mar shúil le luach saothair, teach a cheannach, a dhíol, a ligean nó a thairiscint chun a dhíolta nó a ligthe, nó tairisceana a lorg chun é a cheannach nó a thógaint ar ligean, nó margántaíocht a shaothrú chun é a cheannach, a dhíol nó a ligean, ar shlí seachas trí cheantáil, nó a fhéachfas le ceannach, díol nó ligean den tsórt sin a dhéanamh;

ceadúnas gníomhaire thithe.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas gníomhaire thithe” ceadúnas faoi alt 10 den Acht seo, chun gnó gníomhaire thithe a sheoladh;

ceadúnas.

ciallaíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe;

cuideachta árachais cheadúnaithe.

ciallaíonn an abairt “cuideachta árachais cheadúnaithe” cuideachta árachais ag á bhfuil ceadúnas árachais faoin Acht Arachais,

ceantálaí ceadúnaithe.

ciallaíonn an abairt “ceantálaí ceadúnaithe” sealbhóir ceadúnais cheantálaí;

gníomhaire tithe ceadúnaithe.

ciallaíonn an abairt “gníomhaire tithe ceadúnaithe” sealbhóir ceadúnais gníomhaire thithe;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an 6ú lá d'Iúil díreach tar éis an tAcht seo a rith.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo do thigh a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'aon talamh a bheas ar seilbh ina theannta agus fós d'aon leas i dtigh.

Rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní a measfaidh an tAire é a bheith riachtanach nó inmhianuithe rialacháin a dhéanamh ina thaobh chun éifeacht a thabhairt do chuspóirí an Achta seo, ach, maidir le bailiú na ndleacht máil is iníoctha ar cheadúnais agus ar cheada ceantála agus maidir lena n-eisiúint, lena gcealú agus lena bhfionraí, ní dhéanfaidh rialacháin den tsórt sin ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhníú an rialacháin, beidh an rialachán neamhnithe dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Costais

4. —Na costais faoina raghaidh an tAire nó na Coimisinéirí Ioncaim ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, le héifeacht ón dáta feidhme, a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin.