An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Chorparaid.) Ar Aghaidh (CUID IV. Muirir ar Thalamh I bhFabhar na Corparaide.)

14 1947

AN tACHT CÁIRDE THALMHAÍOCHTA, 1947

CUID III.

Airneis-Mhorgaisti.

Mínithe chun críocha Coda III.

21. —(1) San Acht seo—

Acht 1926.

ciallaíonn an abairt “Acht 1926” an t Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926) , arna leasú leis an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 (Uimh. 23 de 1940) ;

airnéismhorgáiste.

ciallaíonn an focal “airnéis-mhorgáiste,” nuair a húsáidtear é gan cháiliú, ionstraim faoi shéala arna déanamh idir iarrthach aitheanta de pháirt amháin agus iasachtóir aitheanta den pháirt eile agus is—

(a) airnéis-mhorgáiste foluaimneach, nó

(b) airnéis-mhorgáiste sonrach, nó

(c) airnéis-mhorgáiste foluaimneach agus airnéis-mhorgáiste sonrach;

ordú forghníomhuithe.

ciallaíonn an abairt “ordú forghníomhuithe” ordú forghníomhuithe do réir bhrí Achta 1926;

airnéismhorgáiste foluaimneach.

ciallaíonn an abairt “airnéis-mhorgáiste foluaimneach” ionstraim faoi shéala arna déanamh idir iarrthach aitheanta de pháirt amháin agus iasachtóir aitheanta den pháirt eile trína ndéanann an t-iarrthach aitheanta íoc aon airgid leis an iasachtóir aitheanta a mhuirearú ar an stoc a bheas ó am go ham ar thalamh an iarrthaigh aitheanta;

talamh.

ciallaíonn an focal “talamh,” nuair a húsáidtear é maidir le hiarrthach aitheanta, na foirgintí nó an talamh nó na foirgintí agus an talamh ina mbíonn nó ar a mbíonn gnó ar siúl ag an iarrthach aitheanta;

an morgáistí.

ciallaíonn an abairt “an morgáistí,” nuair a húsáidtear í maidir le hairnéis-mhorgáiste, an t-iasachtóir aitheanta dar tugadh an airnéis-mhorgáiste;

an morgáisteoir.

ciallaíonn an abairt “an morgáísteoir,” nuair a húsáidtear í maidir le hairnéis-mhorgáiste—

(a) más pearsa is feirmeoir an t-iarrthach aitheanta (páirtí ann)—

(i) i gcás é a bheith ina bheathaidh agus gan é bheith tar éis teacht chun bheith ina fhéimhí ná ina dhuine mímheabhrach, an t-iarrthach aitheanta, nó

(ii) i gcás é a bheith tar éis bháis, a oidhrí, a sheiceadóirí, a riarthóirí agus a chomharbaí, nó seiceadóir de son tort a eastáit nó an duine a mbeidh na hairnéisí a muirearaíodh faoin airnéis-mhorgáiste sin tar éis teacht ina sheilbh nó faoina urlámhas, dlíthiúil nó iarbhír, de dhroim an bháis sin, nó

(iii) i gcás é a bheith tar éis teacht chun bheith ina fhéimhí, a shannaí, nó

(iv) i gcás é a bheith tar éis teacht chun bheith ina dhuine mímheabhrach, a chúramaí nó a chaomhnóir,

(b) más comhlucht corpraithe an t-iarrthach aitheanta (páirtí ann), an comhlucht corpraithe sin;

banc aitheanta.

ciallaíonn an abairt “banc aitheanta” banc a ceapadh ina bhanc aitheanta faoi alt 24 den Phríomh-Acht nó a bheas ceaptha de thuras na huaire ag an Aire ina bhanc aitheanta chun críocha na Coda seo;

iarrthach aitheanta.

ciallaíonn an abairt “iarrthach aitheanta” duine ar bith—

(a) ar pearsa é is feirmeoir, nó

(b) ar comhlucht corpraithe é a bhféadfaidh an Chorparáid, ag féachaint d'alt 14 den Acht seo, airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan dó;

iasachtóir aitheanta.

ciallaíonn an abairt “iasachtóir aitheanta” aon chomhlucht—

(a) arb é an Chorparáid é, nó

(b) ar banc aitheanta é;

airnéismhorgáiste shonrach.

ciallaíonn an abairt “airnéis-mhorgáiste shonrach” ionstraim faoi shéala arna déanamh idir iarrthach aitheanta de pháirt amháin agus iasachtóir aitheanta den pháirt eile trína ndéanann an t-iarrthach aitheanta íoc aon airgid leis an iasachtóir aitheanta a mhuirearú ar stoc sonrach (pé áit arb ann dó);

stoc.

ciallaíonn an focal “stoc” stoc talmhaíochta agus folaíonn sé—

(a) ainmhithe agus éanacha de gach sórt agus an síolrach agus an toradh ó na héanacha agus na hainmhithe sin,

(b) sásra, feithiclí agus uirlisí talmhaíochta,

(c) barraí talmhaíochta (pé acu ag fás ar an talamh nó bainte den talamh dóibh),

(d) sásra, uirlisí, feithiclí, daingneáin agus feistis a húsáidtear chun nó le haghaidh aon toradh talmhaíochta a ullmhú chun a dhíolta, a mhonarú, a phróiseasú nó a mhargú.

(2) Má chruthnaíonn airnéis-mhorgáiste muirear ar stoc sonrach agus fós muirear foluaimneach ar an stoc a bheas ó am go ham ar thalamh áirithe, beidh an airnéis-mhorgáiste, chun críocha na Coda seo—

(a) sa mhéid go gcruthnóidh sé muirear ar stoc sonrach, ina airnéis-mhorgáiste sonrach, agus

(b) sa mhéid go gcruthnóidh sé muirear foluaimneach ar an stoc a bheas ó am go ham ar thalamh áirithe, ina airnéis-mhorgáiste foluaimneach.

(3) Ní bheidh ionstraim eisiata ó bheith ina hairnéis-mhorgáiste de bhíthin amháin duine nó daoine (i dteannta an mhorgáisteora agus an mhorgáistí) bheith ina pháirtí nó ina bpáirtithe ann mar urra nó urraí amháin.

(4) Déanfar tagairtí sa Chuid seo do stoc, maidir le hairnéismhorgáiste, a léiriú, faoi réir ailt 22 den Acht seo, mar thagairtí do stoc is leis an morgáisteoir go hiomlán.

(5) Na tagairtí sna forála seo a leanas den Chuid seo, eadhon, mír (b) d'fho-alt (6) d'alt 24 agus ailt 26 agus 31, don chláraitheoir contae, déanfar—

(a) maidir le feidhm na bhforál sin i gcás contae nó contaebhuirge a mbeidh foshirriam ann de thuras na huaire, iad a léiriú mar thagairtí don fhoshirriam don chontae nó don chontae-bhuirg sin, agus

(b) maidir le feidhm na bhforál sin i gcás contae nó contaebhuirge a mbeidh ann, de thuras na huaire, sirriam arna cheapadh faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 ( Uimh. 25 de 1945 ), agus feadhma an chláraitheora chontae maidir le forghníomhú orduithe forghníomhuithe dílsithe ann de thuras na huaire, iad a léiriú mar thagairtí don tsirriam don chontae nó don chontae-bhuirg sin.

Eifeacht airnéismhorgáiste ag muirearú stoic a bheas le ceannach ina dhiaidh sin trí iasacht a comhaontófar a thabhairt.

22. —I gcás—

(a) iasachtóir aitheanta a bheith tar éis comhaontú a dhéanamh iasacht a thabhairt d'iarrthach aitheanta ar fad nó go páirteach chun stoc sonrach a cheannach, agus

(b) an t-iarrthach aitheanta sin a bheith, chun urrús a thabhairt in aghaidh na hiasachta, tar éis airnéis-mhorgáiste sonrach ar an stoc sonrach a fhorghníomhú roimh an gceannach sin a dhéanamh, agus

(c) an airnéis-mhorgáiste a chlárú go cuí faoin gCuid seo,

déanfaidh an airnéis-mhorgáiste sin, d'ainneoin aon ní sa Chuid seo, muirear a chruthnú ar an stoc sonrach sin amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an stoc sin ar únaeracht agus ar seilbh an iarrthaigh aitheanta sin.

Bainc aitheanta.

23. —Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, ar aon bhanc dá iarraidh sin, an banc sin a cheapadh ina bhanc aitheanta chun críocha na Coda seo, agus aon uair a dhéanfas an tAire banc a cheapadh amhlaidh ina bhanc aitheanta bhéarfaidh sé fógra láithreach don Aire Dlí agus Cirt go bhfuil an ceapadh sin déanta aige.

Cáir dlairnéism'horgáistí.

24. —(1) Bunófar clár d'airnéis-mhorgáistí i ngach Oifig Chúirte Cuarda agus coimeádfar agus cothabhálfar ansin é do réir an ailt seo agus na rialachán a déanfar faoi.

(2) Faoi réir comhlíonadh na gcoinníoll a hordaítear leis an alt seo nó a hordófar faoi chun airnéis-mhorgáiste a chlárú, beidh gach airnéis-mhorgáiste inchláruithe laistigh de cheithre lá déag, ar a mhéid, tar éis a dháta sa chlár d'airnéis-mhorgáistí a bheas á chothabháil faoin alt seo san Oifig Chúirte Cuarda don cheantar ina mbeidh talamh an mhorgáisteora nó, má bhíonn an talamh sin i dhá gceantar nó níos mó a mbeidh Oifigí Cúirte Cuarda éagsúla ann dóibh, i ngach clár de na cláir d'airnéis-mhorgáistí a bheas á gcothabháil faoin alt seo sna hOifigí Cúirte Cuarda sin faoi seach.

(3) Féadfaidh duine ar bith (lena n-áirítear urra) is páirtí in airnéis-mhorgáiste nó féadfaidh ionadaí dlíthiúil aon duine den tsórt sin an airnéis-mhorgáiste sin a chlárú laistigh de cheithre lá déag, ar a mhéid, tar éis a dháta in aon chlár d'airnéis-mhorgáistí a mbeidh an airnéis-mhorgáiste sin inchláruithe ann faoin alt seo agus féadfaidh an morgáistí nó, le toiliú scríofa an mhorgáistí, féadfaidh an morgáisteoir nó aon urra is páirtí ann nó a ionadaí dlíthiúil a chur faoi ndear tráth ar bith an airnéis-mhorgáiste sin a bhaint d'aon chlár den tsórt sin.

(4) Aon uair a bheas an bunairgead, an t-ús agus na costais a bheas urraithe trí airnéis-mhorgáiste aisíoctha go hiomlán, cuirfidh an morgáistí faoi ndear láithreach an airnéis-mhorgáiste sin a bhaint de gach clár d'airnéis-mhorgáistí a mbeidh sé cláraithe ann faoin alt seo.

(5) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag aon airnéis-mhorgáiste mura gcláraítear agus go dtí go gclárófar é go cuí do réir an ailt seo agus na rialachán faoi sa chlár nó i ngach clár (do réir mar bheas) d'airnéis-mhorgáistí ina mbeidh sé inchláruithe faoin alt seo agus scoirfidh airnéis-mhorgáiste a bheas cláraithe amhlaidh d'aon fheidhm nó éifeacht a bheith aige má scoireann sé agus nuair a scoirfeas sé de bheith cláraithe go cuí sa chlár sin nó i ngach clár díobh sin (do réir mar bheas).

(6) Ní foilseofar ná ní nochtfar lánas aon chláir d'airnéismhorgáistí a bheas á chothabháil faoin alt seo ná ní tabharfar aon chóipeanna dhe ná d'aon chuid de do dhuine ar bith ach amháin—

(a) go bhféadfaidh iasachtóir aitheanta tráth ar bith trí fhoréileamh faoi shéala a cheangal ar an gcláraitheoir contae aon chlár den tsórt sin a iniúchadh agus cóipeanna deimhnithe a thabhairt don iasachtóir aitheanta sin d'aon iontrála ann a bhainfeas le stoc aon duine a bheas ainmnithe sa bhforéileamh sin; agus

(b) go bhféadfaidh cláraitheoir contae tráth ar bith an clár d'airnéis-mhorgáistí a iniúchadh a bheas á chothabháil in Oifig Chúirte Cuarda don cheantar nó d'aon chuid den cheantar arb é an cláraitheoir contae dhó é; agus

(c) go bhféadfaidh duine ar bith i seirbhís an Stáit a mbeidh údarás cuí aige i scríbhinn chuige sin ón Aire nó ón Aire Talmhaíochta aon chlár den tsórt sin nó aon chuid de a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh den chéanna tráth ar bith; agus

(d) go bhféadfaidh oifigeach a bheas ar fostú in Oifig Chúirte Cuarda agus a bheas ag comhlíonadh dualgas a bhíodh á gcomhlíonadh ag an bhfoshirriam an clár d'airnéismhorgáistí a bheas á chothabháil san Oifig Chúirte Cuarda sin a iniúchadh tráth ar bith; agus

(e) aon uair a ordós an Chúirt Uachtarach nó aon Bhreitheamh den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda cóip den chuid d'aon chlár den tsórt sin a bhainfeas le haon airnéis-mhorgáiste áirithe nó le haon airnéismhorgáiste líomhanta áirithe a thabhairt don Chúirt sin nó don Bhreitheamh sin, go dtabharfar an chóip sin dá réir sin amhlaidh agus go bhféadfaidh an Chúirt sin nó an Breitheamh sin an chóip sin nó a lánas a nochtadh nó a fhoilsiú sa mhéid sin agus sa tslí sin agus faoi réir na gcoinníoll sin a dhlífeas an ceartas i dtuairim na Cúirte sin nó an Bhreithimh sin.

(7) Féadfaidh an Chúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt nó féadfaidh an Chúirt Uachtarach ar achomharc ón Ard-Chúirt a chur faoi ndear tráth ar bith aon chlár d'airnéis-mhorgáistí a bheas á chothabháil faoin alt seo a cheartú (trí athrú, breisiú nó fágaint ar lár) i pé slí a dhlífeas an ceartas.

(8) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) foirm agus lánas na gclár uile agus faoi seach d'airnéismhorgáistí a bheas á gcothabháil faoin alt seo;

(b) coimeád agus cothabháil na gclár sin go ginearálta;

(c) an modh chun airnéis-mhorgáiste a chlárú sna cláir sin agus an fhianaise a bheas le tabhairt, chun críocha an chláruithe sin, ar fhorghníomhú agus stampáil chuí an airnéis-mhorgáiste sin;

(d) an modh chun airnéis-mhorgáiste a bhaint de na cláir sin agus an fhianaise a bheas le tabhairt chun é a bhaint díobh;

(e) foréileamh, déanamh agus deimhniú cuardaigh ag oifigigh de na hOifigí Cúirte Cuarda ar na cláir uile agus faoi seach d'airnéis-mhorgáistí ar iarratas ó na daoine nó na comhluchta a n-údaraítear dóibh faoin alt seo na cláir sin a iniúchadh;

(f) soláthar cóipeanna deimhnithe de na cláir sin nó d'aon choda dhíobh nó d'aon iontrála iontu ar iarratas agus thar ceann aon iasachtóra aitheanta;

(g) le toiliú an Aire Airgeadais, na táillí a bheas le héileamh agus le glacadh i leith airnéis-mhorgáistí a chlárú sna cláir sin, airnéis-mhorgáistí a bhaint de na cláir sin, na cláir sin a iniúchadh agus i leith aon ní eile a bhainfeas leis na cláir sin;

(h) lánas na gclár sin go ginearálta a choimeád ina rún agus go háirithe an fhianaise ar a n-údarás a bheas le tabhairt ag daoine a bheas á éileamh na cláir sin a iniúchadh nó cóipeanna a dhéanamh dhíobh.

(9) Gach clár d'airnéis-mhorgáistí atá á chothabháil in Oifig Chúirte Chuarda faoin bPríomh-Acht, is tuigthe é a bheith arna bhunú faoin alt seo.

(10) Aon rialacháin a rinne an tAire Dlí agus Cirt faoi alt 25 den Phríomh-Acht agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith, leanfaid i bhfeidhm agus is tuigthe gur faoin alt seo a rinneadh iad.

(11) Na costais a bhainfeas leis an alt seo a chur in éifeacht, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Oibriú agus éifeacht airnéismhorgáiste shonraigh.

25. —(1) Faid a bheas airnéis-mhorgáiste sonrach cláraithe go cuí faoin gCuid seo agus a bheas aon airgead dlite i leith bunairgid nó úis nó costas ar a urrús, oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige—

(a) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir únaeracht nó seilbh aon stoic a bheas faoi a dhíol nó a aistriú ar shlí eile gan fógra i scríbhinn a thabhairt, seacht lá glan ar a laghad roimh ré, don mhorgáistí go bhfuil sé ar intinn an díol nó an t-aistriú sin a dhéanamh, agus

(b) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir an únaeracht nó an tseilbh sin a dhíol nó a aistriú ar shlí eile ar phraghas is lú ná mar is cothrom agus is réasúnach, agus

(c) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir, i gcás aon chuid den stoc sin d'fháil bháis nó iad a ghoid nó iad a dhíthiú le tine nó eile, an ní sin a chur in iúl don mhorgáistí laistigh de sheacht lá tar éis é a tharlachtaint, agus

(d) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir, i gcás é do dhíol únaerachta nó seilbhe aon choda den stoc sin nó dá haistriú ar shlí eile, fógra i scríbhinn a thabhairt láithreach don mhorgáistí faoin díol nó faoin aistriú sin, maraon le pé sonraí ina thaobh a theastós ón morgáistí, agus

(e) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir, i gcás é do dhíol únaerachta nó seilbhe aon choda den stoc sin nó dá haistriú ar shlí eile, gach suim a bheas urraithe tríd an airnéis-mhorgáiste, nó pé suim is lú ná sin a aontós an morgáistí i scríbhinn a ghlacadh, a íoc leis an morgáistí laistigh de sheacht lá tar éis an díola nó an aistrithe sin nó toradh an díola nó an aistrithe sin a úsáid i pé slí eile a bheas údaraithe roimh ré ag an morgáistí, agus

(f) chun é a dhéanamh intuigthe cúnant a bheith ann de pháirt an mhorgáisteora chun an bunairgead agus an t-ús a bheas urraithe tríd an airnéis-mhorgáiste a íoc leis an morgáistí, ar é dá éileamh sin, san am agus sa tslí a bheas ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste, agus

(g) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir an stoc a bheas faoi a chaomhaint agus a choimeád slán agus (ach amháin mar bheas a mhalairt údaraithe leis an airnéismhorgáiste nó ag an morgáistí nó mar is riachtanach le haghaidh aon díola dhleathaigh a beifear ar intinn a dhéanamh) gan an stoc sin a aistriú dá thalamh;

(2) Má dhéanann an morgáisteoir faoi airnéis-mhorgáiste sonrach sárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) ar aon fhoráil is intuigthe a bheith, nó a bheas, san airnéis-mhorgáiste de bhuaidh fo-ailt (1) (ach amháin mír (f) de) den alt seo, ansin, ar an morgáistí dá éileamh é a íoc, tiocfaidh iomlán an bhunairgid a bheas urraithe tríd an airnéis-mhorgáiste chun bheith dlite agus beidh sé dlite, agus beidh sé iníoctha láithreach, d'ainneoin aon ní san airnéis-mhorgáiste.

(3) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh an morgáisteoir faoi airnéis-mhorgáiste sonrach an únaeracht nó an tseilbh ar stoc faoin airnéis-mhorgáiste sin a dhíol nó a aistriú ar shlí eile gan fógra i scríbhinn a thabhairt, seacht lá glan ar a laghad roimh ré, don mhorgáistí go raibh sé ar intinn an díol nó an t-aistriú sin a dhéanamh, nó

(b) tar éis dó an stoc sin nó aon chuid de a dhíol nó a aistriú ná déanfaidh an morgáisteoir faoi airnéis-mhorgáiste sonrach gach suim a bheas urraithe tríd an airnéismhorgáiste, nó pé suim is lú ná sin a aontós an morgáistí i scríbhinn a ghlacadh, a íoc, laistigh de sheacht lá tar éis an díola nó an aistrithe sin, leis an morgáistí,

beidh an morgáisteoir ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, mar is rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain.

(4) Formhuineofar cóip den alt seo ar gach airnéis-mhorgáiste sonrach ach ní bheidh an airnéis-mhorgáiste neambhailí má fágtar an fhoráil seo gan comhlíonadh.

Stoc a bheas ar áireamh in airnéismhorgáiste sonrach a urghabháil ar an morgáistí dá éileamh sin.

26. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh airnéis-mhorgáiste sonrach cláraithe go cuí de thuras na huaire faoin gCuid seo, agus

(b) ina mbeidh aon airgead dlite in aghaidh bunairgid nó ús nó costas ar a urrús sin, agus

(c) ina mbeidh—

an bunairgead a bheas urraithe tríd an airnéis mhorgáiste nó aon chuid den airgead sin nó aon ús air gan íoc ar feadh ceithre lá déag tar éis an lae a bheas ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste chun a íoctha, nó

sárú déanta ag an morgáisteoir ar aon chúnant nó coinníoll san airnéis-mhorgáiste,

féadfaidh an morgáistí ordú (a bheas sa bhfoirm ordaithe agus a dheimhneos an tsuim a bheas dlite ar scór an airnéis-mhorgáiste agus ina mbeidh pé sonraí a bheas ordaithe) a sheirbheáil ar chláraitheoir contae na contae nó na contae-bhuirge ina mbeidh aon chuid den stoc a bheas faoin airnéis-mhorgáiste á cheangal ar an gcláraitheoir contae sin déanamh do réir an fho-ailt seo, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(i) déanfaidh an cláraitheoir contae, a luaithe is féidir, an stoc ar fad nó aon chuid den stoc a bheas faoin airnéis-mhorgáiste a urghabháil agus a aistriú as coimeád aon duine (seachas ceannaitheoir bona fide ar luach-chomaoin gan fógra faoin airnéis-mhorgáiste) agus as aon áit (seachas talamh nó áitreabh leis an gceannaitheoir sin) laistigh de chontae nó de chontae-bhuirg an chláraitheora chontae sin,

(ii) ar an urghabháil sin a bheith déanta, cuirfidh an cláraitheoir contae faoi ndear, a luaithe is caothúil, an stoc a hurghabhadh amhlaidh a dhíol, agus úsáidfidh toradh an díola sin chun nó mar chabhair chun íoctha caiteachais, táillí agus costas na hurghabhála agus an díola sin agus na suime a bheas deimhnithe san ordú a bheith dlite ar scór an airnéis-mhorgáiste, maraon le hús ar an tsuim sin do réir trí puint faoin gcéad sa bhliain ó dháta an orduithe sin go dtí dáta na hurghabhála sin, agus íocfaidh barrachas (más ann) an toradh sin leis an morgáisteoir.

(2) Beidh ag ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a díreofar chun cláraitheora chontae an fheidhm agus an éifeacht chéanna a bheadh ag ordú forghníomhuithe agus is leor-údarás é don chláraitheoir contae sin chun déanamh dá réir, agus beidh ag an gcláraitheoir contae sin, nuair a bheas sé ag déanamh do réir an orduithe sin, gach ceart, cumhacht agus dualgas a bheas de thuras na huaire dílsithe ann nó forchurtha air do réir dlí maidir le forghníomhú orduithe fhorghníomhuithe.

(3) Cláraitheoir contae a bheas ag forghníomhú orduithe faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sé i dteideal—

(a) más mó ná trí chéad punt an t-airgead a bheas deimhnithe san ordú sin a bheith dlite, pé táillí agus costais, arna ríomh do réir na scálaí a bheas ceaptha le mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1926 agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, a éileamh agus (i gcás in ar iomchuí é) a chur leis an airgead sin agus (in aon chás) a thobhach faoin ordú sin, a bheadh an cláraitheoir contae sin i dteideal a éileamh nó a chur leis an airgead sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhuithe ón Ard-Chúirt an t-ordú sin, agus

(b) más mó ná cúig puint fhichead ach nach mó ná trí chéad punt an t-airgead a bheas deimhnithe san ordú sin a bheith dlite, pé táillí agus costais, arna ríomh do réir na scálaí sin, a éileamh agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an airgead sin agus (in aon chás) a thobhach faoin ordú sin, a bheadh an cláraitheoir contae sin i dteideal a éileamh nó a chur leis an airgead sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhuithe ón gCúirt Chuarda an t-ordú sin, agus

(c) mura mó ná cúig puint fhichead an t-airgead a bheas deimhnithe san ordú sin a bheith dlite, pé táillí agus costais, arna ríomh do réir na scálaí sin, a éileamh agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an airgead sin agus (in aon chás) a thobhach faoin ordú sin, a bheadh an cláraitheoir contae sin i dteideal a éileamh nó a chur leis án airgead sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhuithe ón gCúirt Dúiche an t-ordú sin.

(4) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagartar san alt seo mar ní ordaithe agus ciallaíonn an focal “ordaithe” san alt seo ordaithe leis na rialacháin sin.

(5) Na córacha a bheirtear faoin alt seo don mhorgáistí, chun airgead a bheas dlite faoi airnéis-mhorgáiste sonrach a aisghabháil, is córacha iad i dteannta agus ní córacha iad in ionad aon chóracha eile a bheas ag an morgáistí do réir dlí chun an t-airgead sin a aisghabháil.

Cumhacht mhorgáistí chun fardal a thógaint ar stoc faoi airnéismhorgáiste.

27. —(1) Faid a bheas aon airgead dlite i leith bunairgid nó úis nó costas ar urrús airnéis-mhorgáiste, féadfaidh an morgáistí, idir éirí agus luí gréine lá ar bith a féadfar próis síbhialta a sheirbheáil—

(a) i gcás airnéis-mhorgáiste shonraigh, dul isteach ar aon talamh nó in aon áitreabh (seachas talamh nó áitreabh ceannaitheora bona fide ar luach-chomaoin, gan fógra faoin airnéis-mhorgáiste sonrach, a cheannaigh an stoc a bhí faoin airnéis-mhorgáiste sonrach) a mbeidh an stoc sin ann agus fardal a thógaint ar an stoc sin, nó

(b) i gcás airnéis-mhorgáiste fholuaimnigh, dul isteach ar an talamh lena mbainfidh an airnéis-mhorgáiste foluaimneach agus fardal a thógaint ar an stoc a bheas ar an talamh.

(2) Má dhéanann duine ar bith bac nó cur isteach ar an morgáistí agus é ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le fo-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(3) Déanfar tagairtí san alt seo don mhorgáistí faoi airnéismhorgáiste a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do ghníomhairí agus seirbhísigh an mhorgáistí.

Oibriú agus éifeacht airnéismhorgáistí foluaimneacha.

28. —(1) Faid a bheas airnéis-mhorgáiste foluaimneach cláraithe go cuí faoin gCuid seo agus a bheas aon airgead dlite i leith bunairgid nó úis nó costas ar a urrús, agus ná beidh sé tagtha chun bheith fosaidh mar foráltar anseo ina dhiaidh seo, oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige—

(a) Chun an bunairgead agus an t-ús a bheas urraithe leis a chruthnú ina mhuirear siúlach fuaidreamhach ar an stoc go léir leis an morgáisteoir a bheas ó am go ham ar an talamh lena mbainfidh an airnéis-mhorgáiste (dá ngairmtear an talamh san alt seo); agus

(b) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir aon chuid den stoc a bheas ar an talamh tráth ar bith a dhíol seachas i ngnáthchúrsa gnótha; agus

(c) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir an stoc a bheas ar an talamh ó am go ham a choimeád ar comhluach (chomh gar agus is féidir ag féachaint do ghnáthchúrsa gnótha) le luach an stoic a bhí ar an talamh ar dháta an airnéis-mhorgáiste; agus

(d) aon uair a dhíolfas an morgáisteoir aon chuid den stoc a bheas de thuras na huaire ar an talamh agus ná cuirfidh sé, laistigh de mhí, in ionad an stoic sin stoc nua is leor chun luach an stoic ar an talamh a thabhairt chomh gar agus is féidir do luach an stoic a bhí ar an talamh ar dháta an airnéis-mhorgáiste, chun a chur d'oblagáid air pé cuid (más ann) de thoradh an díola sin, a éileos an morgáistí, a íoc leis an morgáistí do laghdú nó d'íoc an bhunairgid a bheas urraithe leis an airnéis-mhorgáiste agus aon úis agus costas a bheas dlite air, agus chun a thabhairt de cheart don mhorgáisteoir toradh iomlán nó aon chuid de thoradh an díola sin a íoc leis an morgáistí do laghdú nó d'íoc an bhunairgid agus an úis agus na gcostas sin

(2) Faid a bheas airnéis-mhorgáiste foluaimneach cláraithe go cuí faoin gCuid seo, oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige chun é a dhéanamh intuigthe cúnant a bheith ann de pháirt an mhorgáisteora, a oidhrí, a sheiceadóirí agus a riarthóirí leis an morgáistí chun an bunairgead agus an t-ús a bheas urraithe leis an airnéis-mhorgáiste a íoc leis an morgáistí na trátha agus sa tslí a bheas ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste.

Airnéismhorgáiste sonrach a dhéanamh d'airnéismhorgáiste foluaimneach.

29. —(1) Aon uair—

(a) a bheas an bunairgead a bheas urraithe le hairnéismhorgáiste foluaimneach nó aon chuid den airgead sin gan íoc ar feadh ocht lá fichead tar éis an dáta a bheas ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste foluaimneach chun a íoctha, nó a bheas ús éigin a bheas urraithe le hairnéis-mhorgáiste foluaimneach i riaráiste agus gan íoc ar feadh sé lá caogad tar éis é a theacht chun bheith dlite, nó a bheas sárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) déanta ag an morgáisteoir ar fhoráil éigin (seachas cúnant chun an bunairgead nó an t-ús a bheas urraithe leis a íoc) a bheas in airnéis-mhorgáiste foluaimneach nó is intuigthe a bheith ann de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 28 den Acht, seo, agus

(b) a bheas an morgáistí tar éis fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an morgáisteoir á dhearbhú go bhfuil an airnéismhorgáiste foluaimneach sin tagtha chun bheith fosaidh, agus

(c) a bheas fardal tógtha, roimh an bhfógra a sheirbheáil, ag an morgáistí ar an stoc a bhí an uair sin ar an talamh lena mbaineann an airnéis-mhorgáiste foluaimneach sin, agus

(d) a dhéanfas an morgáistí, laistigh de sheacht lá i ndiaidh an lae a seirbheáladh an fógra sin, cóip dhílis den fhógra agus den fhardal a chur leis an bpost cláraithe go dtí an Oifig Chúirte Cuarda nó na hOifigí Cúirte Cuarda ina mbeidh an airnéis-mhorgáiste foluaimneach sin cláraithe,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá—

(i) chun críocha an Achta seo, tiocfaidh an airnéismhorgáiste foluaimneach sin chun bheith, agus beidh sé, fosaidh, le héifeacht amhail ar dháta agus ó dháta an fhógra a sheirbheáil, agus oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige mar airnéismhorgáiste sonrach ar an stoc go léir a bheas ar an talamh sin tráth an fhógra sin a sheirbheáil, agus beidh feidhm dá réir sin ag ailt 25 agus 26 den Acht seo,

(ii) nuair a gheofar na cóipeanna den fhógra agus den fhardal sin in aon Oifig Chúirte Cuarda, iontrálfar sa chlár d'airnéis-mhorgáistí gur seirbheáladh an fógra sin agus sonraí an stoic a bheas leagtha amach sa bhfardal agus, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, beidh an iontráil sin ina fianaise in aon imeachta gur seirbheáladh an fógra sin agus go raibh an stoc, a mbeifear tar éis a shonraí a iontráil amhlaidh sa chlár sin, ar an talamh sin ar dháta an fhógra sin a sheirbheáil.

(2) (a) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, beidh fógra scríbhinn, á dhearbhú go bhfuil airnéis-mhorgáiste tar éis teacht chun bheith fosaidh, leor-sheirbheálta ar an morgáisteoir má déantar—

(i) i gcás inar pearsa an morgáisteoir, cóip de—

(I) a sheachadadh don mhorgáisteoir, nó

(II) a fhágaint don mhorgáisteoir, san áit chónaithe nó ghnótha is déanaí nó is gnáthaí ag an morgáisteoir sa Stát, le duine ar bith (is é sin, bean chéile nó fear céile an mhorgáisteora nó gaol, gníomhaire, cléireach nó seirbhíseach don mhorgáisteoir) a bheas sé bliana déag d'aois nó os a chionn, nó

(ii) i gcás inar comhlucht corpraithe an morgáisteoir, cóip de a fhágaint don mhorgáisteoir, in áit ghnótha an mhorgáisteora, le haon ghníomhaire, cléireach nó seirbhíseach don mhorgáisteoir a bheas sé bliana déag d'aois nó os a chionn.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is tuigthe gnó a bheith á sheoladh ina hoifig chláraithe ag cuideachtain a bheas cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gnó a bheith á sheoladh ina phríomhoifig nó ina phríomh-áit ghnótha ag gach comhlucht corpraithe eile.

(3) Formhuineofar cóip d'alt 25 den Acht seo ar gach fógra a seirbheálfar faoi fho-alt (1) den alt seo ach ní bheidh an fógra neamhbhailí má fágtar an fhoráil seo gan comhlíonadh.

Eifeacht airnéismhorgáistí maidir le tocsail.

30. —Ní chuirfidh airnéis-mhorgáiste cosc ná srian le hurghabháil dleathach ar aon stoc a bheas faoin airnéis-mhorgáiste nó lena mbainfidh sé ag oifigeach cuí-údaraithe a bheas ag tocsal nó ag tobhach faoi na hAchta Cánach Ioncaim ná ag bailitheoir rátaí a bheas ag tocsal i leith rátaí nó ag tiarna talún a bheas ag tocsal i leith cíosa.

Eifeacht airnéismhorgáistí maidir le horduithe orghníomhuithe.

31. —(1) Ní chuirfidh airnéis-mhorgáiste cosc ná srian le haon stoc a bheas faoin airnéis-mhorgáiste nó lena mbainfidh sé a urghabháil agus a dhíol go dleathach—

(a) faoi bharántas arna eisiúint faoi alt 28 den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933) , nó

(b) faoi ordú forghníomhuithe arna eisiúint d'fhorfheidhmiú breithiúntais nó orduithe go n-íocfar—

(i) airgead a bheas dlite nó iníoctha leis an bPríomh-Chiste nó iníoctha chun tairbhe dhó, nó

(ii) airgead i leith airleacan as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó i leith an úis ar na hairleacain sin, nó

(iii) airgead a bheas dlite nó iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh nó

(iv) airgead a bheas dlite do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn i leith iasachta áitiúla, do réir bhrí Achta Chiste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 11 de 1935) , nó

(v) airgead a bheas dlite do bhailitheoir rátaí i leith ráraí arna dtobhach ag comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile.

(2) Ní chuirfidh airnéis-mhorgáiste foluaimneach cosc ná srian le haon stoc a bheas faoin airnéis-mhorgáiste nó lena mbainfidh sé a hurghabháil agus a dhíol go dleathach faoi ordú forghníomhuithe arna eisiúint d'fhorfheidhmiú aon bhreithiúntais nó orduithe chun airgead a íoc a bheas dlite nó iníoctha le tiarna talún i leith cíosa.

(3) Ach amháin mar foráltar i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo, ní déanfar aon stoc a bheas faoi airnéis-mhorgáiste nó lena mbainfidh sé a urghabháil ná a dhíol faoi ordú forghníomhuithe mura mbeidh an creidiúnóir, roimh an urghabháil sin, tar éis toiliú an mhorgáistí a fháil i scríbhinn nó tar éis méid iomlán an bhunairgid agus an úis agus na gcostas a bheas dlite agus gan íoc an uair sin ar urrús an airnéis-mhorgáiste sin a íoc leis an gcláraitheoir contae d'fhorghníomhaigh an t-ordú forghníomhuithe sin.

(4) Aon uair a dhéanfas creidiúnóir an méid iomlán a bheas dlite ar urrús airnéis-mhorgáiste a íoc, faoi fho-alt (3) den alt seo, le cláraitheoir contae, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) íocfaidh an cláraitheoir contae an méid sin leis an morgáistí agus glacfaidh an morgáistí an méid sin mar íocaíocht ar an airgead a bheas urraithe leis an airnéis-mhorgáiste sin d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin san airnéis-mhorgáiste sin agus go háirithe d'ainneoin gan an t-airgead sin a bheith dlite ná iníoctha an uair sin, agus

(b) cuirfear an méid sin leis an bhfiach a mbeidh forghníomhú intobhaigh ina leith faoin ordú forghníomhuithe, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an ordú forghníomhuithe sin.

(5) Chun a chur ar chumas creidiúnóra buntáiste a bhaint as forála (3) agus (4) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) aon uair a iarrfas creidiúnóir ordú forghníomhuithe a fhorghníomhú in aghaidh aon stoic, déanfaidh an cláraitheoir contae an clár iomchuí d'airnéis-mhorgáistí a iniúchadh agus, má gheibhtear de thoradh an iniúchta sin an stoc sin a bheith faoi airnéis-mhorgáiste nó baint a bheith ag airnéis mhorgáiste leis, cuirfidh an cláraitheoir contae sin in iúl don chreidiúnóir an airnéis-mhorgáiste sin a bheith ann, a dháta agus ainm agus seoladh an mhorgáistí, agus

(b) ar an gcreidiúnóir dá éileamh sin, bhéarfaidh an morgáistí don chláraitheoir contae, lena chur go dtí an creidiúnóír, ráiteas ar mhéid iomlán an bhunairgid agus an úis agus na gcostas a bheas dlite agus gan íoc an uair sin ar urrús an airnéis-mhorgáiste.

(6) San alt seo ciallaíonn an focal “creidiúnaí” an duine ar ar agra uaidh a heisítear ordú forghníomhuithe, ach ní fholaíonn sí an morgáisti faoi airnéis-mhorgáiste.

Tosaíocht airnéismhorgáistí.

32. —(1) Beidh tosaíocht ag airnéis-mhorgáistí do réir na dtráth a clárófar iad faoi seach faoin gCuid seo.

(2) Beidh tosaíocht ar airnéis-mhorgáiste ag bille díola a rinneadh roimh an bPríomh-Acht a rith, má bhíonn sé, agus faid a bheas sé, bailí agus infhorfheidhmithe faoi na Bills of Sale Acts, 1879 and 1883.

(3) Aon stoc a bheas faoi airnéis-mhorgáiste sonrach nó airnéismhorgáiste foluaimneach a bheas tagtha chun bheith fosaidh, ní tuigthe é a bheith ina sheilbh ná ar a ordú ná ar a chur ag an morgáisteoir do réir bhrí an Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, nó aon Achta ga athrú nó ag leasú an Achta sin.

Airnéismhorgáiste a nochtadh do chreidiúnóir.

33. —(1) Gach duine (dá ngairmtear an féichiúnaí san alt seo) a iarrfas ar dhuine eile (dá ngairmtear an creidiúnóir san alt seo) creidiúnas a thabhairt nó a bhuanú dhó, beidh d'oblagáid air a nochtadh i scríbhinn don chreidiúnóir (ar an gcreidiúnóir dá iarraidh sin air i scríbhinn) cé acu atá nó ná fuil airnéis-mhorgáiste ann i leith aon choda de stoc an fhéichiúnaí agus fós sonraí gach airnéis-mhorgáiste (más ann) den tsórt sin a nochtadh amhlaidh.

(2) Ní nochtfaidh aon chreidiúnóir eolas ar bith a bhéarfas an féichiúnaí dhó de bhuaidh an ailt seo ach amháin sa mhéid gur gá nó gur cuí é a nochtadh chun críocha inchúisimh faoin alt seo nó chun imeachta dlí a thionscnamh nó a sheoladh chun airgead a aisghabháil a bheas dlite den fhéichiúnaí don chreidiúnóir.

(3) Gach duine a dhéanfas ráiteas i scríbhinn de bhun an ailt seo a bheas, go bhfios dó, bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha agus gach duine a nochtfas, contrártha don alt seo, aon eolas a tugadh dó de bhun an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós nach mó ná fiche punt a chur air.

Ráiteas ó mhorgáisteoir beartaitheach i dtaobh fiacha atá air.

34. —(1) Aon uair a aontós iarrthach aitheanta (dá ngairmtear an morgáisteoir beartaitheach sa bhfo-alt seo) airnéis-mhorgáiste (dá ngairmtear an airnéis-mhorgáiste beartaithe sa bhfo-alt seo) a dhéanamh agus a aontós iasachtóir aitheanta (dá ngairmtear an morgáistí beartaitheach sa bhfo-alt seo) é a ghlacadh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) ciallaíonn an abairt “creidiúnóir láithreach” aon iasachtóir aitheanta a mbeidh an morgáisteoir beartaitheach i bhfiacha aige de thuras na huaire;

(b) bhéarfaidh an morgáisteoir beartaitheach ráiteas i scríbhinn don mhorgáistí beartaitheach ina ndéarfaidh—

(i) cé acu atá nó ná fuil aon chreidiúnóir láithreach nó aon chreidiúnóirí láithreacha ann, agus

(ii) má tá aon chreidiúnóir láithreach amháin ann agus ná fuil ach an taon chreidiúnóir láithreach amháin, ainm an chreidiúnóra láithrigh sin, agus

(iii) má tá dhá chreidiúnóir láithreacha nó níos mó ann, ainmneacha na gcreidiúnóirí láithreacha sin;

(c) más rud é—

(i) ná comhlíonfar forála míre (b) den fho-alt seo, agus

(ii) go ndéanfar an airnéis-mhorgáiste beartaithe, agus

(iii) go mbeidh aon chreidiúnóir láithreach nó aon chreidiúnóirí láithreacha ann,

is tuigthe an airnéis-mhorgáiste beartaithe a bheith calaoiseach agus ar neamhní amhail i gcoinne an chreidiúnóra láithrigh nó na gcreidiúnóirí láithreacha sin;

(d) má bheirtear an ráiteas sin agus más léir uaidh go bhfuil aon chreidiúnóir láithreach nó aon chreidiúnóirí láithreacha ann—

(i) cuirfidh an morgáistí beartaitheach leis an bpost go dtí an creidiúnóir láithreach sin nó, má bhíonn níos mó ná aon chreidiúnóir láithreach amháin ann, go dtí gach duine de na creidiúnóirí láithreacha, fógra i scríbhinn á rá go bhfuil beartaithe ag an morgáistí beartaitheach an airnéis-mhorgáiste beartaithe a ghlacadh;

(ii) mura gcomhlíona an morgáistí beartaitheach fo-mhír (i) den mhír seo maidir le haon chreidiúnóir láithreach, is tuigthe an airnéis-mhorgáiste beartaithe a bheith calaoiseach agus ar neamhní amhail i gcoinne an chreidiúnóra láithrigh sin;

(iii) má déantar an airnéis-mhorgáiste beartaithe laistigh de dheich lá i ndiaidh an lae a comhlíonadh fo-mhír (i) den mhír seo, is tuigthe an airnéismhorgáiste beartaithe a bheith calaoiseach agus ar neamhní amhail i gcoinne gach creidiúnóra láithrigh a bheas sonraithe sa ráiteas.

(2) Gach duine a dhéanfas ráiteas i scríbhinn de bhun míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo a bheas, go bhfios dó, bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha, beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, piantseirbhís ar feadh trí bliana nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá bhliain.

Billí díola stoic a neamhniú.

35. —Gach bille díola stoic (pé acu a bheas nó ná beidh aon airnéisí eile ann) a déanfar tar éis an tAcht seo a rith, beidh sé, d'ainneoin aon ní sna Bills of Sale Acts, 1879 and 1883, ar neamhní agus gan éifeacht agus dochláruithe faoi na hAchta sin.

Feidhm ag Cuid III maidir le hairnéismhorgáistí faoin bPríomh-Acht.

36. —Gach airnéis-mhorgáiste a bhí, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, cláraithe go cuí do réir ailt 25 den Phríomh-Acht, is tuigthe é a bheith arna chlárú go cuí faoi alt 24 den Acht seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag an gCuid seo maidir leis an airnéis-mhorgáiste sin.