An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Dleachta Stampa.)

15 1947

AN tACHT AIRGEADAIS, 1947

CUID III.

Cain Bhrabus Corparaide.

Saoirsí áirithe ó cháin bhrabús corparáide a bhuanú.

14. —(1) Na saoirsí ó cháin bhrabús corparáide a bheirtear le halt 33 den Acht Airgeadais, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , arna leasú le halt 30 den Acht Airgeadais, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , agus le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus a buanaíodh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1946, le halt 17 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 ), beid arna mbuanú agus buanaítear iad leis seo go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1949.

(2) Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1947, nó aon lá dá éis sin, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1949, nó aon lá roimhe sin, déanfar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , a léiriú agus beidh éifeacht aige amhail is dá scriostaí an focal “trambhealaigh” as an mír sin agus déanfar fo-alt (1) den alt seo a léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Fórála maidir le hasbhaintí in aghaidh luach saothair stiúrthóirí i leith cánach brabús corparáide.

15. —Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon lá i ndiaidh an 31ú lá de Nollaig, 1946, déanfar an proviso (c) a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 53 den Finance Act, 1920, agus fo-alt (4) d'alt 36 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), a léiriú agus beidh éifeacht acu amhail is dá gcuirtí na focail “one thousand five hundred pounds” in ionad na bhfocal “one thousand pounds” sa phroviso sin agus na focail “míle agus cúig chéad déag punt” in ionad na bhfocal “míle punt” sa bhfo-alt sin.

Faoiseamh i leith caillteanas ar stoc a dhíol.

16. —(1) Chun críocha an ailt seo agus an Chúigiú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo—

(a) déanfar an abairt “an tréimhse díolachán” a léiriú do réir na bhforál seo a leanas:—

(i) ciallóidh an abairt sin, faoi réir fo-mhíre (ii) den mhír seo, na blianta 1947 agus 1948,

(ii) má scoireann cuideachta, i rith na mblian sin, d'iomlán a trádála nó a gnótha a sheoladh, ciallóidh an abairt sin, maidir leis an gcuideachtain, an tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1947, agus dar críoch dáta an scoir sin;

(b) is tuigthe gurb é méid is fiú saghas áirithe stoic thrádála a bhí ar seilbh chun críocha trádála nó gnótha an 31ú lá de Nollaig, 1946, ná iomlán na méideanna dob fhiú na hítimí uile agus faoi seach a bhí sa tsaghas sin stoic thrádála, gach ítim ann á luacháil ar a chostas nó ar chostas a hathsholáthruithe an lá sin, pé acu sin is lú;

(c) is tuigthe gurb é méid is fiú an stoc trádála go léir a bhí ar seilbh chun críocha trádála nó gnótha an 31ú lá de Nollaig, 1946, ná iomlán na méideanna dob fhiú saghsanna uile agus faoi seach an an stoic thrádála a bhí ar seilbh chun críocha na trádála nó an ghnótha sin an 31ú lá de Nollaig, 1946;

(d) is tuigthe gurb í suim a fuarthas, i rith na tréimhse díolachán, ar an stoc trádála go léir a bhí ar seilbh chun críocha trádála nó gnótha an 31ú lá de Nollaig, 1946, ná iomlán na suimeanna uile agus faoi seach a fionnadh, maidir le saghsanna uile agus faoi seach an stoic thrádála sin, do réir Rialach 2 den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, gach suim faoi leith den tsórt sin á laghdú, más iomchuí sin, do réir Rialach 3 den Chúigiú Sceideal sin.

(2) Má dhéanann aon chuideachta a raibh trádáil nó gnó á sheoladh aici an 31ú lá de Nollaig, 1946, éileamh a chur, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse díolachán, chun na gCoimisinéirí Ioncaim ag lorg faoisimh faoin alt seo agus go gcruthóidh sí—

(a) go ndearnadh, an 31ú lá de Nollaig, 1946, stoc-áireamh ar an stoc trádála go léir a bhí ar seilbh an tráth sin chun críocha na trádála nó an ghnótha, agus

(b) gur mhó dob fhiú an stoc trádála sin go léir ná an tsuim a fuarthas i rith na tréimhse díolachán ar an stoc trádála sin go léir,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) is tuigthe gur bhain caillteanas inéilithe don chuideachtain,

(ii) faoi réir míreanna (iii) agus (iv) den alt seo, is tuigthe gur suim is comhionann leis an mbreis sin an caillteanas inéilithe sin,

(iii) más rud é go raibh nó go mbeidh, go díreach nó go neamhdhíreach, ar dhuine ar bith, seachas an chuideachta, iomlán aon chaillteanais, nó aon chuid d'aon chaillteanas, a sheasamh a tharla i ndíolacháin, nó a thainig d'aon titim i luach, aon choda den stoc a bhí ar seilbh chun críocha na trádála nó an ghnótha an 31ú lá de Nollaig, 1947, laghdófar dá réir sin méid an chaillteanais inéilithe,

(iv) i gcás díolachán stoic a chur i gcuntas nuair a beifear ag ríomh brabús nó caillteanais na trádála nó an ghnótha i leith aon tréimhse cuntasaíochta dar tosach aon lá roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, agus dar críoch an dáta sin nó aon lá dá éis, déanfar méid an chaillteanais inéilithe a áireamh amhail is dá mbeadh an méid dob fhiú an stoc trádála go léir a bhí ar seilbh chun críocha na trádála nó an ghnótha an 31ú lá de Nollaig, 1946, arna laghdú nó arna mhéadú, pé acu é, an oiread sin d'aon chaillteanas nó brabús ar an díolachán a dhéanfas, de bhuaidh aon chionroinnte faoi mhír (c) (mír a cuireadh isteach trí mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 25 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 )), d'fho-alt (3) d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), difir do na brabúis nó don chaillteanas in aghaidh na coda den tréimhse chuntasaíochta a tháinig roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, adúradh,

(v) lamhálfar an caillteanas inéilithe mar asbhaint nuair a beifear ag ríomh na mbrabús de chuid na cuideachtan is inchurtha faoi cháin ró-bhrabús corparáide i leith na tréimhse arb í, i gcás inar chríochnaigh tréimhse chuntasaíochta ag an gcuideachtain ar an 31ú lá de Nollaig, 1946, an tréimhse chuntasaíochta sin í, nó arb í, in aon chás eile, an chuid í, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, de thréimhse chuntasaíochta na cuideachtan dar thosach aon lá roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, agus dar críoch an dáta sin nó aon lá dá éis, nó lamhálfar é mar bhreis le haon easnamh brabús don tréimhse sin, pé acu é.

(3) I gcás inar tuigthe, do réir ailt 14 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944) , cuideachta iar-lá-ceaptha a bheith ina fochuideachtain ag cuideachtain ré-lá-ceaptha agus go mbaineann forála fo-ailt (5) den alt sin 14 leis na cuideachtana, beidh éifeacht ag na fo-ailt roimhe seo den alt seo ag féachaint go cuí do na forála atá san alt sin 14.

(4) Aon chuideachta a ndéanfar thar a ceann éileamh bréagach nó calaoiseach ar fhaoiseamh faoin alt seo dlífear pionós a chur uirthi is comhionann le trí oiread an fhaoisimh a beifear a éileamh.

(5) Go dtí go gcinnfear éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cáin ró-bhrabús corparáide a mheisiúnú agus a bhailiú gan aird a thabhairt ar an éileamh, agus aon fhaoiseamh a bheas dlite i leith aon éilimh den tsórt sin bhéarfar é i bhfoirm aisíocaíochta.

(6) Féadfaidh aon chigire cánach, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon chuideachtain a dhéanfas éileamh faoin alt seo tuairisceán a thabhairt dó i pé foirm a ordós na Coimisinéirí Ioncaim agus ina mbeidh pé sonraí a iarrfaid i dtaobh an stoic thrádála a bhí, nó is tuigthe a bhí, ar seilbh chun críocha na trádála nó an ghnótha ar aon dáta abhartha, agus i dtaobh aon nithe eile a bhainfeas leis an éileamh.

(7) Beidh ag fo-alt (6) d'alt 56 den Finance Act, 1920, agus fós ag an méid sin d'fho-alt (7) den alt sin agus na rialacháin faoi a bhaineas le hachomhairc, feidhm agus éifeacht, fara na modhnuithe is gá, maidir le faoiseamh a thabhairt faoin alt seo amhail mar bhainid le meisiúnachta chun cánach ró-bhrabús corparáide.

Léiriú Coda III de n Acht seo.

17. —Léifear agus léireofar an Chuid seo den Acht seo i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin iardain, agus, go háirithe, léifear agus léireofar í i dteannta Coda V den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , Coda IV den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942) , Coda III den Acht Airgeadais, 1943 (Uimh. 16 de 1943) , Coda II den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944) , agus Coda III den Acht Airgeadais, 1946 (Uimh. 15 de 1946) .