An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Tuarastail Bhreithiun.) Ar Aghaidh (CUID IV. Forala Ilghneitheacha Maidir leis an gCuirt Chuarda.)

20 1947

AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1947

CUID III.

Uachtaran na Cuirte Cuarda agus a Chumhachta agus a Dhualgais.

Uachtarán na Cúirte Cuarda.

9. —(1) Beidh Uachtarán ar an gCúirt Chuarda.

(2) D'ainneoin aon ní sna h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, beidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ina bhreitheamh breise ex-officio den Ard-Chúirt.

(3) Déanfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dhó ar chomhairle an Rialtais, Uachtarán na Cúirte Cuarda a cheapadh as líon na mBreithiún Cuarda agus beidh tosach aige ar gach Breitheamh Cuarda eile.

(4) An duine a ceapfar ina Uachtarán ar an gCúirt Chuarda sealbhóidh sé an oifig sin faid a shealbhós sé oifig Bhreithiún Chuarda.

Cumhachta Uachtaráin na Cúirte Cuarda.

10. —(1) Chun a áirithiú go ndéanfar obair na Cúirte Cuarda a roinnt go cothrom idir na Breithiún uile agus faoi seach den Chúirt sin agus go ndéanfar go hurlamh gnó na Cúirte Cuarda i gcuarda eile agus faoi seach na Cúirte sin, beidh ag Uachtarán na Cúirte Cuarda agus feidhmeoidh sé na cumhachta a bheirteai dó le fo-ailt (2), (3), (4), (5) agus (6) den alt seo.

(2) (a) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ó am go ham, le hordú, a shocrú, maidir le haon chuaird, cad iad na háiteanna sa chuaird sin ina gcomórfar suíonna, agus aon uair a bheas ordú, arna dhéanamh faoin mír seo maidir le cuaird, i bhfeidhm, is sna háiteanna a bheas socair leis an ordú sin agus ní in aon áit eile a comórfar suíonna laistigh den chuaird sin.

(b) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ó am go ham, le hordú, a shocrú, maidir le haon chuaird, cad iad na dátaí ar a dtosnóidh suíonna i ngach áit faoi leith sa chuaird sin ina gcomórfar suíonna agus, aon uair a bheas ordú faoin mír seo i bhfeidhm, tosnóidh suíonna i ngach áit den tsórt sin do réir an orduithe.

(c) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda tráth ar bith, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo (agus an mhír seo a áireamh) a chúlghairm nó a leasú.

(d) Sar a bhfeidhmeoidh Uachtarán na Cúirte Cuarda a chumhachta faoin bhfo-alt seo maidir le cuaird, raghaidh sé i gcomhairle, ar dtúis, leis an mBreitheamh Cuarda a bheas sannaithe go buan don chuaird sin.

(e) Gach ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo foilseofar é, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, i pé slí a ordós Uachtarán na Cúirte Cuarda.

(f) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an focal “suíonna” suíonna den Chúirt Chuarda.

(3) (a) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda, tráth ar bith, aon Bhreitheamh Cuarda, pé acu bheas nó ná beidh sé sannaithe go buan do chuaird eile, a shannadh d'aon chuaird (pé acu bheas nó ná beidh Breitheamh Cuarda buan-shannaithe don chuaird sin).

(b) I gcás ina ndéanfar Breitheamh Cuarda a bheas sannaithe go buan do chuaird áirithe a shannadh go sealadach faoin bhfo-alt seo do chuaird eile, ní dhéanfaidh an sannadh sealadach sin forceannadh ar an sannadh buan sin ná ní dhéanfaidh difir dó ná ní bhainfidh den Bhreitheamh sin aon phríbhléid, cumchacht ná dualgas dá mbeidh dílsithe ann nó forchurtha air de bhuaidh an tsannuithe bhuain sin.

(4) I gcás ina gceapfar duine faoi alt 14 d'Acht 1936 chun gníomhú mar Bhreitheamh Cuarda, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda, i rith na tréimhse dá mbeidh an duine sin ceaptha amhlaidh, é a shannadh ó am go ham d'aon chuaird, pé acu bheas nó ná beidh Breitheamh Cuarda sannaithe go buan don chuaird sin.

(5) (a) Má bhíonn beirt Bhreithiún Chuarda nó níos mó sannaithe (go buan nó go sealadach) de thuras na huaire do chuaird áirithe, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda, tar éis do dul i gcomhairle leis na Breithiúin Chuarda sin, gnó na Cúirte Cuarda sa chuaird sin a dháiliú ó am go ham idir na Breithiúin Chuarda sin.

(b) Léireofar tagairtí sa bhfo-alt seo do Bhreithiúin Chuarda mar thagairtí a fholaíos daoine arna gceapadh faoi alt 14 d'Acht 1936 chun gníomhú mar Bhreithiúin Chuarda.

(6) Chun a chumasú d'Uachtarán na Cúirte Cuarda a fheadhma faoin alt seo a chomhlíonadh, déanfaidh an claráitheoir contae do chontae nó do chontae-bhuirg, ar Uachtarán na Cúirte Cuarda dá iarraidh sin air, pé sonraí a thabhairt dó, i dtaobh gnótha na Cúirte Cuarda sa chontae nó sa chontae-bhuirg sin, a sonrófar san iarratas.

(7) Má bhíonn Uachtarán na Cúirte Cuarda éagumasach ar ghníomhú ar feadh aon tréimhse, ansin, ar feadh na tréimhse sin, beidh ag Breitheamh Cuarda Bhaile Atha Cliath nó (má bhíonn níos mó ná Breitheamh Cuarda amháin ann) ag an duine is sinsearaí de Bhreithiún Chuarda Bhaile Atha Cliath, agus feidhmeoidh sé, na cumhachta a bheirtear d'Uachtarán na Cúirte Cuarda le fo-ailt (2), (3), (4), (5) agus (6) den alt seo.

Dualgais agus cumhachta Breithiún Cuarda a bheas sannaithe go sealadach do chuarda.

11. —(1) I gcás ina mbeidh Breitheamh Cuarda sannaithe go sealadach, faoi alt 10 den Acht seo, do chuaird, ansin, faid a bheas sé sannaithe go sealadach amhlaidh, beidh ag an mBreitheamh Cuarda sin agus beidh infheidhmithe aige, maidir leis an gcuaird sin agus i gcomhréim leis an mBreitheamh Cuarda a bheas sannaithe go buan di agus le haon Bhreitheamh Cuarda eile a bheas sannaithe go sealadach amhlaidh don chuaird sin, na príbhléidí, na cumhachta agus na dualgais uile a bheas bronnta nó forchurtha, de thuras na huaire, le dlí ar Bhreitheamh Cuarda a bheas sannaithe go buan don chuaird sin.

(2) San alt seo folaíonn an abairt “Breitheamh Cuarda” duine arna cheapadh faoi alt 14 d'Acht 1936 chun gníomhú mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

Comhaltaí ex-officio de Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda.

12. —Is iad a bheas ina gcomhaltaí ex-officio de Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda a bunaíodh le halt 69 d'Acht 1936—

(a) Uachtarán na Cúirte Cuarda, a bheas ina chathaoirleach ar an gcoiste sin, agus

(b) an cláraitheoir contae do chontae agus do chathair Bhaile Átha Cliath, a bheas ina rúnaí don choiste sin.