29 1947


Uimhir 29 de 1947.


AN tACHT AOISLIÚNTAS, 1947.

[An tiontó oifigiúil].


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTACHÁN ÁIRITHE A BHAINEAS LE hAOISLIUNTAIS.

[26ú Samhain, 1947].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

na Rialacháin bhónais.

ciallaíonn an abairt “na Rialacháin bhónais” na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Bónas a Dhéanamh Seasmhach), 1940 go 1945;

treoir-uimhir.

ciallaíonn an abairt “treoir-uimhir” treoir-uimhir oifigiúil an chostais mhaireachtana;

tréimhse 1940-46.

ciallaíonn an abairt “tréimhse 1940-46” an tréimhse dar thosach an 1ú lá d'Iúil, 1940, agus dar chríoch an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946;

Na hAchta Aoisliúntas.

ciallaíonn an abairt “na hAchta Aoisliúntas” na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1946.

Dámhachtana faoi na hAchta Aoisliúntas do Stát-Sheirbhísigh áirithe d'éirigh as oifig i dtréimhse 1940-46, nó ina leith sin, a choigeartú, agus alt 20 den Superannuation Act, 1834, a leasú dá réir sin.

2. —(1) Baineann an t-alt seo le duine—

(a) a scoir as an Stát-Sheirbhís i dtréimhse 1940-46, agus

(b) a raibh a luach saothair, díreach roimh é do scor, faoi réir na Rialachán bónais, agus

(c) nach—

(i) duine lena mbaineann alt 3 den Acht Aoisliúntas, 1946 ( Uimh. 17 de 1946 ), ná

(ii) duine a ndearnadh aon liúntas, liúntas breise nó aisce a dheonadh dhó do réir luach saothair nach lú ná an luach saothair a bheadh á fháil aige díreach roimh é do scor dá mba ná dearnadh na Rialacháin bhónais, ná

(iii) duine a ndearnadh aon liúntas, liúntas breise nó aisce a dheonadh dhó do réir luach saothair nach lú ná an luach saothair a bheadh á fháil aige díreach roimh é do scor dá ríomhtaí a luach saothair an uair sin do réir treoir-uimhreach 270.

(2) I gcás liúntas a deonadh, faoi na hAchta Aoisliúntas nó faoi Bharántas arna dhéanamh faoi alt 1 den Superannuation Act, 1887, do dhuine lena mbaineann an t-alt seo, a bheith i gcúrsa a íoctha an 1ú lá de Shamhain, 1946, féadfar an liúntas sin d'athrú i slí go n-údarófar é d'íoc i leith aon tréimhse dar tosach an 1ú lá de Shamhain, 1946, nó dáta dá éis sin, amhail is dá mbeadh an duine sin, díreach roimh é do scor, ag fáil luach saothair ba chomhionann leis an luach saothair is lú acu seo a leanas—

(a) an luach saothair a bheadh á fháil aige, díreach roimh é do scor, dá mba ná dearnadh na Rialacháin bhónais,

(b) luach saothair arna ríomh do réir treoir-uimhreach 270.

(3) I ngach cás inar deonadh, faoi na hAchta Aoisliúntas, liúntas breise nó aisce do dhuine lena mbaineann an t-alt seo, nó ina leith, féadfar an deontas d'athrú i slí go n-údarófar íoc an deontais a bhéarfaí dá mbeadh an duine sin, díreach roimh é do scor, ag fáil luach saothair ba chomhionann leis an luach saothair is lú acu sin a luaitear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo.

(4) Nuair a beifear ag déanamh íocaíochta faoin alt seo glacfar crediúint i leith na n-íocaíocht a rinneadh cheana.

(5) Scoirfidh an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 354), 1945 (R. & O. R., Uimh. 29 de 1945 ), d'fheidhm a bheith aige i gcás liúntas a hathraítear faoin alt seo.

(6) I gcás alt 20 den Superannuation Act, 1834, d'fheidhmiú maidir le duine lena mbaineann an t-alt seo, is tuigthe, amhail ar an 1ú lá de Shamhain, 1946, agus uaidh sin amach, gurbh é sochar na hoifige a bhí aige an luach saothair ar dá réir a bheas liúntas, a deonadh dhó faoi na hAchta Aoisliúntas, le hathrú do réir fo-ailt (2) den alt seo.

Pinsin faoi alt 4 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 , do chláraitheoirí contae a scoir i dtréimhse 1940-46 a choigeartú, agus fo-alt (2) den alt sin 4 a leasú dá réir sin.

3. —(1) Baineann an t-alt seo le duine a scoir as oifig chláraitheora chontae i dtréimhse 1940-46.

(2) I gcás pinsean a deonadh, faoi alt 4 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 ( Uimh. 25 de 1945 ), do dhuine lena mbaineann an t-alt seo, a bheith i gcúrsa a íoctha an 1ú lá de Shamhain, 1946, féadfar an pinsean sin d'athrú i slí go n-údarófar é d'íoc i leith aon tréimhse, dar tosach an 1ú lá de Shamhain, 1946, nó dáta dá éis sin, amhail is dá mbeadh an duine sin, díreach roimh é do scor, ag fáil luach saothair arna ríomh do réir treoir-uimhreach 270.

(3) Nuair a beifear ag déanamh íocaíochta faoin alt seo glacfar creidiúint i leith na n-íocaíocht a rinneadh cheana.

(4) I gcás fo-alt (2) d'alt 4 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 , d'fheidhmiú maidir le duine lena mbaineann an t-alt seo, is tuigthe, amhail ar an 1ú lá de Shamhain, 1946, agus uaidh sin amach, gurbh é an luach saothair ar dá réir a háiríodh pinsean an duine sin faoin alt sin 4 an luach saothair ar dá réir a bheas an pinsean sin le hathrú do réir fo-ailt (2) den alt seo.

Dámhachtana faoi na hAchta Aoisliúntas i leith Stát-Sheirbhíseach áirithe d'éag i dtréimhse 1940-46 a choigeartú.

4. —(1) Baineann an t-alt seo le duine—

(a) d'éag, le linn é a bheith ar fostú sa Stát-Sheirbhís, i dtréimhse 1940-46, agus

(b) a raibh a luach saothair, díreach sar ar éag sé, faoi réir na Rialachán bónais, agus

(c) nach—

(i) duine a ndearnadh ina leith aon liúntas nó aisce a dheonadh do réir luach saothair nach lú ná an luach saothair a bheadh á fháil aige, díreach sar ar éag sé, dá mba ná dearnadh na Rialacháin bhónais, ná

(ii) duine a ndearnadh ina leith liúntas nó aisce a dheonadh do réir luach saothair nach lú ná an luach saothair a bheadh á fháil aige, díreach sar ar éag sé, dá ríomhtaí a luach saothair an uair sin do réir treoir-uimhreach 270.

(2) I gcás liúntas a deonadh, faoi Bharántas arna dhéanamh faoi alt 1 den Superannuation Act, 1887, i leith duine lena mbaineann an t-alt seo, a bheith i gcúrsa a íoctha an 1ú lá de Shamhain, 1946, féadfar an liúntas sin d'athrú i slí go n-údarófar é d'íoc i leith aon tréimhse dar tosach an 1ú lá de Shamhain, 1946, nó dáta dá éis sin, amhail is dá mbeadh an duine sin, díreach sar ar éag sé, ag fáil luach saothair ba chomhionann leis an luach saothair is lú acu seo a leanas—

(a) an luach saothair a bheadh á fháil aige, díreach sar ar éag sé, dá mba ná dearnadh na Rialacháin bhónais,

(b) luach saothair arna ríomh do réir treoir-uimhreach 270.

(3) I ngach cás inar deonadh, faoi na hAchta Aoisliúntas, aisce i leith duine lena mbaineann an t-alt seo, féadfar an deontas sin d'athrú i slí go n-údarófar íoc an deontais a bhéarfaí dá mbeadh an duine sin, díreach sar ar éag sé, ag fáil luach saothair ba chomhionann leis an luach saothair is lú acu sin a luaitear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo.

(4) Nuair a beifear ag déanamh íocaíochta faoin alt seo glacfar creidiúint i leith na n-íocaíocht a rinneadh cheana.

Forála maidir le dámhachtana faoi na hAchta Aoisliúntas do dhaoine áirithe lena mbaineann na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Luach Saothair), 1947, nó i leith na ndaoine sin.

5. —I gcás—

(a) dámhachtain a deonadh, faoi na hAchta Aoisliúntas, do dhuine, nó i leith duine, a raibh a luach saothair, díreach sar ar scoir nó sar ar éag sé, faoi réir na Rialachán Stát-Sheirbhíse (Luach Saothair), 1947 (R. & O. R., Uimh. 182 de 1947), a bheith le cinneadh ar mheán-mhéid a thuarastail do réir ailt 12 den Superannuation Act, 1834, nó do réir an ailt sin arna leathnú le halt 4 den Superannuation Act, 1909, agus

(b) a luach saothair sa tréimhse dar chríoch an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, a bheith níos lú ná mar bheadh sé dá ríomhtaí é do réir treoir-uimhreach 270,

ansin, chun críocha na dámhachtana sin, is tuigthe gur híocadh leis sa tréimhse sin luach saothair arna riomh do réir na treoiruimhreach sin 270.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht Aoisliúntas, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947, a ghairm de na hAchta Aoisliúntas agus den Acht seo (ach amháin alt 3) le chéile.