35 1947


Uimhir 35 de 1947.


ACHT CHUIDEACHTA NA MIANRAÍ, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM CHUIDEACHTAIN LORGTHA AGUS FORBARTHA MIANRAÍ, 1941 , AGUS ACHTA CHUIDEACHTA NA MIANRAÍ, 1945 . [10ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

Acht Leasaitheach 1945.

ciallaíonn an abairt “Acht Leasaitheach, 1945” Acht Chuideachta na Mianraí, 1945 (Uimh. 7 de 1945) ;

An Chuideachta.

ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” Mianraí, Teoranta;

An chuideachta dhíscaoilte.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta dhíscaoilte” Comhlucht Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, Teoranta, a díscaoileadh le halt 5 d'Acht Leasaitheach 1945;

An tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachtain Lorgtha agus Forbartha Mianraí, 1941 (Uimh. 13 de 1941) , arna leasú le hAcht Leasaitheach 1945;

ceadúnas lorgaireachta.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas lorgaireachta” ceadúnas lorgaireachta do réir bhrí an Achta Fhorbairte Minearál, 1940 ( Uimh. 31 de 1940 );

An tAcht athghairmthe.

ciallaíonn an abairt “an tAcht athghairmthe” Acht Forbairte Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, 1941 (Uimh. 8 de 1941) , a hathghairmeadh le hAcht Leasaitheach 1945.

An Chuideachta a scaoileadh ó dhliteanais áirithe.

2. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “na hairleacain faoin Acht athghairmthe agus faoin bPríomh-Acht”—

(a) na hairleacain a tugadh don chuideachta dhíscaoilte faoi alt 9 den Acht athghairmthe; agus

(b) na hairleacain a tugadh don Chuideachta faoi alt 10 den Phríomh-Acht.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis an 30ú Meán Fómhair, 1947, deimhniú i scríbhinn d'eisiúint ina ndeimhneoidh—

(a) an tsuim (dá ngairmtear luach deimhnithe sócmhainní na Cuideachtan san alt seo) is dóigh leis is ionann agus luach sócmhainní na Cuideachtan amhail ar an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1947,

(b) an tsuim (dá ngairmtear dliteanais dheimhnithe na Cuideachtan san alt seo) a bhí dlite don Aire ag an gCuideachta an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1947, ar scór na n-airleacan faoin Acht athghairmthe agus faoin bPríomh-Acht maraon leis an ús orthu.

(3) Ar an dáta ar an-eiseofar an deimhniú a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, beidh an Chuideachta, de bhuaidh an fho-ailt seo arna scaoileadh ó bheith faoi dhliteacht an méid sin de dhliteanais dheimhnithe na Cuideachtan d'íoc leis an Aire is comhionann leis an difríocht idir luach deimhnithe sócmhainní na Cuideachtan agus dliteanais dheimhnithe na Cuideachtan.

Airleacain don Chuideachta chun Gual-láthair Shliabh Ardachadh d'oibriú.

3. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná caoga míle punt) a theastós ón gCuideachta, chun Gual-Láthair Shliabh Ardachadh d'fhorbairt agus d'oibriú agus chun gual agus mianraí eile a gheofar de bharr an oibrithe sin a dhéanamh inmhargaidh, d'airleacan don Chuideachta as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(2) Beidh feidhm ag ailt 11 agus 12 den Phríomh-Acht maidir le haon tsuimeanna arna n-airleacan faoi fho-alt (1) den alt seo amhail mar atá feidhm ag na hailt sin maidir le suimeanna arna n-airleacan faoi alt 10 den Phríomh-Acht.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “Gual-Láthair Shliabh Ardachadh” na mianraí Stáit (do réir bhrí an Achta Fhorbairte Minearál, 1940 ( Uimh. 31 de 1940 )), a forléasadh trí Dhintiúir Léasa dar dáta an lú lá de Bhealtaine, 1942, agus a rinneadh idir an tAire den chéad pháirt, an tAire Airgeadais den dara páirt agus an chuideachta dhíscaoilte den treas pháirt.

An Chuideachta d'iarraidh ceadúnas lorgaireachta.

4. —Féadfaidh an Chuideachta a iarraidh ar an Aire agus, má cheanglann an tAire orthu é, iarrfaid air, ceadúnas lorgaireachta a dheonadh i leith aon tailimh áirithe.

An Chuideachta do dhéanamh lorgaireachta, etc.

5. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, do réir scéime (dá ngairmtear scéim cheadaithe san alt seo) a cheadós an tAire, agus beidh orthu, má fhoréilíonn an tAire orthu é, lorgaireachta, fionnachtain agus forbairt a dhéanamh ar aon talamh (is talamh i seilbh na Cuideachtan nó talamh a bhfuil ceadúnas lorgaireachta acu ina leith) chun go bhfaighfear amach nádúr agus cainníocht na mianraí sa talamh sin agus ar mhaith an chomhairle é na mianraí sin d'oibriú.

(2) Chun a chumasú don Chuideachta na costais d'íoc a bhainfeas le scéim cheadaithe a chur i ngníomh nó déanamh do réir foréilimh ón Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, suim nach mó ná cúig mhíle ochtód punt d'íoc leis an gCuideachta, sa bhliain airgeadais reatha ina mbeidh an dáta feidhme agus i ngach ceann de na sé bliana airgeadais ina dhiaidh sin, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(3) Aon tsuim a híocfar leis an gCuideachta faoi fho-alt (2) den alt seo is chun na críche chun ar híocadh é agus chuige sin amháin a húsáidfear í.

Alt 24 den Phríomh-Acht a leasú.

6. —I mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Phríomh-Acht cuirfear na focail “trí per cent.” in ionad na bhfocal “cúig per cent.”.

An Chuideachta do thabhairt eolais.

7. —(1) Déanfaidh an Chuideachta, a luaithe is féidir tar éis an 31ú lá de Nollaig gach bliain, toradh na lorgaireachta, na fionnachtana agus na forbairte a rinneadar an bhliain sin a thabhairt don Aire.

(2) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire pé eolas i dtaobh a n-oibríocht a iarrfas an tAire ó am go ham.

Srian ar an gCuideachta d'fhoilsiú toradh a n-oibríocht.

8. —Ní fhoilseoidh an Chuideachta torthaí aon lorgaireachta, fionnachtana agus forbairte a bheas déanta acu ná aon eolas ina leith sin gan toiliú roimh ré ón Aire.

Deireadh le hairleacain faoi alt 10 den Phríomh-Acht.

9. —Ní tabharfar aon airleacain don Chuideachta ar an dáta feidhme ná dá éis faoi alt 10 den Phríomh-Acht.

Deireadh le hoibriu ailt 13 den Phríomh-Acht.

10. —Ar an dáta feidhme agus dá éis—

(a) ní dhéanfaidh an tAire aon fhoréileamh faoi fho-alt (1) d'alt 13 den Phríomh-Acht, agus

(b) ní déanfar aon íocaíochta leis an gCuideachta faoi fho-alt (3) den alt sin 13.

Gearrtheideal agus comhlua.

11. —(1) Féadfar Acht Chuideachta na Mianraí, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta Chuideachta na Mianraí, 1941 go 1947, a ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht Leasaitheach 1945 agus den Acht seo le chéile.