Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.—CUID I.)

38 1947


Uimhir 38 de 1947.


AN tACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN ÉAG, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH BUANUITHE AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN ÉAG. [16ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na hAchta sa Sceideal a choimeád beo.

1. —(1) Na hAchta a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, coimeádtar beo iad a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1948, agus raghaid in éag ansin mura gcoimeádtar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe a leasaíos na hachtacháin, nó a dhéanann difir do na hachtacháin, a coimeádtar beo leis an alt seo, coimeádtar beo ar an gcuma chéanna iad, a mhéid ar díomuan a ré, pé aca luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo iad nó ná luaitear.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag Dul in Eag, 1947 , a ghairm den Acht seo.