Ar Aghaidh (An Achomaireacht ar Sceideal (B) da dTagartar san Acht seo. DEONTAIS A LEITHREASU.)

43 1947


Uimhir 43 de 1947.


AN tACHT LEITHREASA (UIMH. 2), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A hOCHT CEATHRACHAD AGUS DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONTAR LEIS AN ACHT SEO CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [20ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste.

£6,425,580 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1947-48.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim sé mhilliún, cheithre chéad agus cúig mhíle fichead, cúig chéad agus ochtó punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad a hocht ceathrachad.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £6,425,580 a thógaint ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná sé mhilliún, cheithre chéad agus cúig mhíle fichead, cúig chéad agus ochtó punt a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan don Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear bunairgid agus úis urrús ar bith a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús sin d'eisiúint.

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo, cuirfear i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais a Leithreasu

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £6,425,580, a leithreasú.

3. —(1) Na suimeanna uile a deontar as an bPríomh-Chiste leis an Acht seo, chun slánuithe an tsoláthair a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ó Sceideal (A) a ghabhas leis an Acht seo, suim sé mhilliún, cheithre chéad agus cúig mhíle fichead, cúig chéad agus ochtó punt, déantar leis seo iad a leithreasú chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal (B) a ghabhas leis an Acht seo. Is tuigthe gur cuid den Acht seo amhail is dá mbeidí i gcorp an Achta seo na Sceidil agus an achomaireacht ar Sceideal (B) a ghabhas leis an Acht seo.

(2) I dteannta na suimeanna a deontar as an bPríomh-Chiste agus dá dtagartar sa bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a taispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhas leis an Acht seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim cheithre mhíle cheathrachad, agus cúig chéad punt d'úsáid as aon airgead a hordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, d'úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa (Uimh. 2), 1947 , a ghairm den Acht seo.