Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Conbhinsiúin ar glacadh leo ag an ochtú sioson fichead den Chomhdháil Eadarnáisiúnta um Oibreachas a comóradh i Seattle, Washington, Stáit Aontaithe Ameirice, i mí Meithimh, 1946.)

46 1947


Uimhir 46 de 1947.


AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHACHTÚ FORÁL ÁIRITHE MAIDIR LE LONGA A RINNEADH LE hORDUITHE FAOI NA hACHTA CUMHACHTA PRÁINNE, 1939 GO 1945, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN ÉIFEACHT A THABHAIRT DO CHOMHAONTUITHE NÓ CONBHINSIÚIN EADARNÁISIÚNTA ÁIRITHE MAIDIR LE LONGA AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1894 GO 1939. [23ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

sárú.

folaíonn an focal “sárú,” maidir le haon fhoráil, neamhchomhlíonadh na forála sin;

long Éireannach.

ciallaíonn an abairt “long Éireannach”

(a) long atá cláraithe sa Stát faoin bPríomh-Acht, nó

(b) long ar saoránach Éireannach nó saoránaigh Éireannacha a húnaer agus ná fuil cláraithe sa Stát faoin bPríomh-Acht ná cláraithe faoi dhlí aon Stáit eile;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Merchant Shipping Act, 1894.

E a bheith d'oblagáid an suaitheantas náisiúnta a chrochadh.

2. —(1) Déanfar an suaitheantas náisiúnta a chrochadh ar loing Éireannach ag dul isteach di i bport, nó ag fágáil poirt, lasmuigh den Stát, agus más long caoga tonna nó os a chionn sin de mhórthonnáiste í, ag dul isteach di i bport sa Stát nó ag fágáil poirt sa Stát.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le bád iascaigh atá iontrálta go cuí sa chlár de bháid iascaigh agus a mbeidh litir nó litreacha agus uimhir nó uimhreacha uirthi mar is gá do réir Coda IV den Phríomh-Acht.

(3) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire barántas a thabhairt d'aon chomhlucht daoine á údarú do chomhaltaí an chomhluchta suaitheantas sonraithe a chrochadh ar longa Éireannacha sonraithe in ionad an tsuaitheantais náisiúnta, agus féadfaidh an tAire, le haon bharántas den tsórt sin, coinníollacha agus srianta a chur le feidhmiú an údaráis a bhéarfar amhlaidh agus féadfaidh sé aon bharántas den tsórt sin a chúlghairm.

(4) I gcás ina raghaidh long lena mbainfidh barántas a heiseofar faoi fho-alt (3) den alt seo isteach i bport, nó ina bhfágfaidh port, lasmuigh den Stát nó, más long caoga tonna nó os a chionn sin de mhórthonnáiste í, ina raghaidh isteach i bport, nó ina bhfágfaidh port, sa Stát, is comhlíonadh ar fho-alt (1) den alt seo an suaitheantas a bheas sonraithe sa bharántas a chrochadh ar an loing do réir an bharántais.

(5) I gcás sárú a dhéanamh ar an alt seo, beidh máistir na loinge lena mbainfidh an sárú ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Toirmeasc ar shuaitheantas náisiúntachta, seachas an suaitheantas náisiúnta, a chrochadh.

3. —(1) Ní crochfar ar loing Éireannach aon tsuaitheantas náisiúntachta ach amháin an suaitheantas náisiúnta nó an suaitheantas sin go gciumhais bhán nó an suaitheantas sin agus é i suaitheantas a crochfar faoi údarás barántais arna eisiúint faoi fho-alt (3) d'alt 2 den Acht seo.

(2) I gcás sárú a dhéanamh ar an alt seo, beidh máistir na loinge lena mbainfidh an sárú ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Long ar fostú ama nó ar fostú turais a chlárú go sealadach.

4. —Aon long nach long Éireannach agus a thógfas fostóir sa Stát ar fostú ama nó ar fostú turais, féadfar, má fhormheasann an tAire é, í a chlárú sa Stát faoin bPríomh-Acht, agus fanfaidh sí cláraithe amhlaidh ar feadh na tréimhse nó an turais dá mbeidh an long sin tógtha ar fostú amhlaidh agus ní fhanfaidh níos sia ná sin.

Duine den fhoirinn d'urscaoileadh ag port sa Stát.

5. —(1) Aon chomha lena mbaineann an t-alt seo is comha dleathach éifeachtach é, agus dá réir sin féadfaidh an tAire foirm lena aghaidh d'fhormheas de bhun fo-ailt (1) d'alt 114 den Phríomh-Acht.

(2) Baineann an t-alt seo le comha a bheas i gcomhaontú a dhéanfas maistir loinge leis an bhfoirinn, agus faoina bhféadfaidh an máistir duine den fhoirinn d'urscaoileadh ag port sa Stát ach fógra urscaoilte a bheith tugtha aige don duine sin cheithre huaire fichead nó níos mó roimh an urscaoileadh.

Fíneáil ar mharaí a gheofar ciontach i bheith as láthair gan cead.

6. —Aon mharaí a bheas ciontach sa chion sin bheith as láthair gan cead amhail mar sonraítear i mír (b) d'alt 221 den Phríomh-Acht dlífear, gan dochar d'fhorála na míre sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air ar é a chiontú sa chion ar an slí achomair.

Aitheantas a thabhairt do dheimhnithe inniúlachta.

7. —(1) I gcás socrú a bheith déanta ag Rialtas Stáit eile le scrúduithe a chur ar siúl chun deimhnithe inniúlachta mar mháistrí, mátaí, nó innealltóirí ar bord loinge, nó mar scibeoirí nó dara lámha ar bord bád iascaigh a dheonadh do dhaoine agus gur deimhin leis an Aire na deimhnithe a deontar amhlaidh a bheith á ndeonadh ar fhorais a thaispeánas cáilíochta inniúlachta leordhóthanacha le haghaidh seirbhíse ar longa Éireannacha, féadfaidh an Rialtas a fhoráil le hordú go mbeidh an fheidhm chéanna laistigh den Stát ag deimhnithe a deonfar amhlaidh a bheadh acu dá mba é an tAire a dheonfadh iad faoi Chuid II nó Alt 414 (pé acu é) den Phríomh-Acht, agus beidh éifeacht laistigh den Stát ag na deimhnithe sin agus, maidir lena n-éifeacht laistigh den Stát, beid infhionruithe nó inchealuithe dá réir sin.

(2) I gcás deimhniú d'fhionraí nó a chealú de bhuaidh an ailt seo, déanfaidh sealbhóir an deimhnithe sin, más rud é ná beidh an deimhniú i seilbh an Aire, é a sheachadadh don Aire, agus aon deimhniú a fionrófar nó a cealófar amhlaidh cuirfidh an tAire thar n-ais é chun an údaráis d'eisigh é maraon le tuarascáil i dtaobh na n-imthosca faoina ndearnadh an fionraí nó an cealú sin.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, aon ordú a rinneadh roimhe sin faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Ordachán do chur sriain le clárú loinge.

8. —(1) Féadfaidh an tAire a ordú ná déanfar long shonraithe ná aon long d'aicme shonraithe a chlárú ag port sa Stát faoin bPríomh-Acht ach amháin le formheas an Aire.

(2) Ní déanfar aon long lena mbainfidh ordachán faoin alt seo a chlárú ag port sa Stát faoin bPríomh-Acht ach amháin le formheas an Aire.

Rialacháin do chur sriain le dúnadh nó aistriú cláraitheachta.

9. —(1) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin ná dúnfar ná ná haistreofar go dtí port lasmuigh den Stát an chláraitheacht sa Stát faoin bPríomh-Acht ar loing shonraithe ná ar aon loing d'aicme shonraithe, ach amháin le formheas an Aire sin.

(2) Ní dúnfar ná ní haistreofar go dtí port lasmuigh den Stát an chláraitheacht sa Stát faoin bPríomh-Acht ar loing lena mbainfidh rialacháin faoin alt seo, ach amháin le formheas an Aire.

Srian le haistriú nó morgáistiú.

10. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon long Éireannach ná aon scair i loing Éireannach d'aistriú ná a mhorgáistiú, ná aon mhorgáiste ar loing Éireannach ná aon scair i loing Éireannach d'aistriú, mura rud é—

(a) gur idirbheart é a fhormheasfas an tAire, nó

(b) gur idirbheart é a dearbhófar le rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo a bheith ina idirbheart eiscithe chun críocha an ailt seo.

(2) Más rud é go bhforghníomhófar ionstraim a airbheartós a bheith ina haistriú, ina morgáiste, nó ina haistriú morgáiste ar loing Éireannach nó ar scair sa chéanna agus ná beidh an t-idirbheart lena mbainfidh an ionstraim formheasta ag an Aire ná nach idirbheart é a bheas dearfa le rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo a bheith ina idirbheart eiscithe chun críocha an ailt seo, beidh an ionstraim ar neamhní.

(3) Féadfaidh an tAire a dhearbhú, le rialacháin, go mbeidh aon idirbheart—

(a) is aistriú, morgáiste nó aistriú morgáiste inar duine nó daoine acu seo a leanas an t-aistreoir nó an morgáisteoir agus an t-aistrí nó an morgáistí:

(i) duine a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát,

(ii) cuideachta a corpraíodh sa Stát, nó

(b) is aistriú, morgáiste nó aistriú morgáiste ar loing d'aicme shonraithe nó ar aon scair sa chéanna,

ina idirbheart eiscithe chun críocha an ailt seo.

Rialacháin i dtaobh sábháltachta.

11. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun sábháltacht árthach lena mbainfidh an t-alt seo d'áirithiú, agus féadfaidh pé forála forlíontacha nó fo-ghabhálacha is cuí leis a chur sna rialacháin sin.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo feidhm a bheith acu maidir leis an Stát ar fad nó cuid de agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh do choda éagsúla den Stát.

(3) Féadfar, go sonrach, socruithe a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo d'aon ní acu seo a leanas:

(a) árthaí a cheadúnú,

(b) toirmeasc ar phaisnéirí d'iompar in árthaí ná beidh ceadúnaithe,

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais lena n-áirítear go sonrach coinníollacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) na caighdeáin mhuir-acmhainneachta nach foláir a choimeád,

(ii) na gléasanna tarrthála agus na gléasanna múchta tóiteán a hiomprófar,

(iii) an uimhir uasta paisnéirí a hiomprófar,

(iv) na teoranta ar laistigh díobh a féadfar, nó na bealaí taistil ar a bhféadfar, árthaí d'úsáid chun paisnéirí d'iompar,

(v) na trátha ar lena linn a féadfar árthaí d'oibriú,

(d) daoine i bhfeighil árthaí a cheadúnú,

(e) toirmeasc ar phaisnéirí d'iompar in árthaí ar daoine ná beidh ceadúnaithe a bheas ina bhfeighil,

(f) suirbhéireacht a dhéanamh ar árthaí,

(g) ceadúnais a chealú agus d'fhionraí.

(4) I gcás sárú a dhéanamh ar aon rialachán faoin alt seo, beidh máistir agus únaer an árthaigh lena mbainfidh an sárú ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a gciontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur ar gach duine acu.

(5) I gcás sárú a dhéanamh ar aon choinníoll dá mbeidh ag gabháil le ceadúnas a heiseofar faoi rialacháin faoin alt seo, beidh sealbhóir an cheadúnais ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

(6) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, le toiliú an Aire Airgeadais, táillí a cheapadh a bheas le n-íoc i leith suirbhéireachta a déanfar ar árthaí de bhun na rialachán agus i leith ceadúnas a deonfar faoi na rialacháin.

(7) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí faoi rialacháin a déanfar faoin alt seo, agus bailedfar gach táille den tsórt sin agus glacfar iad i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste iad, nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad, do réir ordachán an Aire sin.

(8) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hárthaí a bheas á n-úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair, ach amháin aon árthach den tsórt sin in aon cheann de na haicmí a bheas sonraithe sna rialacha a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo faoi alt 427 den Phríomh-Acht.

Rialacháin maidir le leas agus coinníollacha fostaíochta maraithe.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, pé socrú is cuí leis a dhéanamh chun leasa maraithe ar longa Éireannacha nó ag poirt sa Stát nó chun coinníollacha oiriúnacha fostaíochta do mharaithe d'áirithiú ar longa Éireannacha, agus féadfaidh sé aon tsocrú forlíontach nó fo-ghabhálach is cuí leis a chur in aon rialacháin den tsórt sin.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo baint a bheith acu go sonrach le nithe ar bith a moladh le haon cheann de na conbhinsiúin a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is é sin, na conbhinsiúin ar glacadh leo ag an ochtú siosón fichead den Chomhdháil Eadarnáisiúnta um Oibreachas a comóradh i Seattle, Washington, Stáit Aontaithe Ameirice, i mí Meithimh, 1946.

(3) I gcás rialacháin faoin alt seo do bhaint le ní ar bith a moladh le haon chomhaontú nó conbhinsiún eadarnáisiúnta a fhorálas gur tar éis comhairle a ghlacadh a déanfar socruithe ag tabhairt éifeachta dó maidir leis an ní sin, glacfaidh an tAire comhairle amhlaidh sar a ndéanfaidh sé na rialacháin.

(4) I gcás sárú a dhéanamh ar aon rialachán faoin alt seo, beidh máistir agus únaer na loinge lena mbainfidh an sárú agus an té a shárós an rialachán ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a gciontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur ar gach duine acu.

Rialacha i dtaobh billí ládála.

13. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, beidh éifeacht ag na rialacha i dtaobh billí ládála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (dá ngairmtear “na Rialacha” san alt seo) maidir le hearraí d'iompar de mhuir i longa a bheas ag iompar earraí ó aon phort sa Stát go dtí port ar bith eile laistigh nó lasmuigh den Stát.

(2) Ní hintuigthe as aon chonradh chun earraí d'iompar de mhuir lena mbainfidh na Rialacha iompróir na n-earraí do thabhairt aon ghealltanais iomláin long mhuir-acmhainneach a sholáthar.

(3) Gach bille ládála, nó doiciméid teidil dá shamhail, a heiseofar sa Stát agus ina mbeidh aon chonradh, nó is fianaise ar aon chonradh, lena mbainfidh na Rialacha beidh ráiteas sainráite ann go mbeidh éifeacht aige faoi réir forál na Rialacha mar bheirtear feidhm dóibh leis an Acht seo.

(4) Maidir le hearraí d'iompar de mhuir i longa a bheas ag iompar earraí ó aon phort sa Stát go dtí aon phort eile sa Stát nó go dtí port sa Bhreatain Mhóir nó i dTuaisceart Éireann, beidh éifeacht ag Airteagal VI de na Rialacha amhail is dá mba d'earraí de chineál ar bith in ionad d'earraí áirithe a bhí tagairt san Airteagal agus amhail is dá mbeadh an proviso a ghabhas leis an dara mír den Airteagal ar lár.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo ná sna Rialacha difir d'oibriú alt 446, 447, 448, 449, 450, 502 agus 503 den Phríomh-Acht arna leasú le haon achtachán iardain, ná d'oibriú aon achtacháin eile a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire ag teorannú dliteanais únaerí árthaí farraige.

(6) Ní bhainfidh na Rialacha, de bhuaidh an ailt seo, le haon chonradh chun earraí d'iompar de mhuir a déanfar roimh pé lá, nach luaithe ná an chéad lá d'Eanáir, 1948, a cheapfas an tAire, le hordú, chun críocha an fho-ailt seo, ná ní bhainfid le haon bhille ládála ná doiciméid teidil dá shamhail a bhéarfar amach, de bhun aon chonartha mar adúradh, pé acu roimh an lá a ceapfar amhlaidh nó ina a dhiaidh sin é.

Athghairm.

14. —Athghairmtear leis seo ailt 73 agus 74 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, tosach feidhme, léiriú agus comhlua.

15. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

(3) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, ach beidh éifeacht aige d'ainneoin aon ní sna hAchta sin.

(4) Féadfar na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, a ghairm de na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, agus den Acht seo le chéile.