48 1947


Uimhir 48 de 1947.


AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1946 . [27ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 .

Feidhm ag an bPríomh-Acht maidir le 1948-49.

2. —Beidh feidhm ag an bPríomh-Acht maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1949.

Alt 7(3) den Phríomh-Acht a leasú.

3. —Déantar leis seo fo-alt (3) d'alt 7 den Phríomh-Acht a leasú tríd “an lú lá d'Fheabhra” a scrios agus “an 15ú lá de Dheireadh Fómhair” a chur ina ionad.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1947, a ghairm de na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 agus 1946, agus den Acht seo le chéile.