An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1948) Ar Aghaidh (CUID II. Aitribh Airithe a Rialu.)

1 1948

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1948

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal, léiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíos sé Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1941, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1931, agus Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1946, a léamh agus a léiriú mar aon ní amháin leis an hAchta sin faoi seach agus féadfar Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1948, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1948, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1948, agus Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1948, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

Acht 1899.

ciallaíonn an abairt “Acht 1899” an Small Dwellings Acquisition Act, 1899;

Acht 1932.

ciallaíonn an abairt “Acht 1932” Acht na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) ;

Acht 1937.

ciallaíonn an abairt “Acht 1937” Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937 (Uimh. 42 de 1937) ;

teach cónaithe.

ciallaíonn an abairt “teach cónaithe” foirgint arna foirgniú nó arna hoiriúnú chun a húsáidte ar fad nó go formhór chun daoine do chónaí ann;

teach inchónaithe.

ciallaíonn an abairt “teach inchónaithe” teach i líomatáiste feidhmiúcháin údaráis tithe is dóigh leis an údarás sin a bheith oiriúnach go réasúnach chun daoine do chónaí ann nó a bheith inchurtha in oiriúint chuige sin go réasúnach;

údarás tithe.

ciallaíonn an abairt “údarás tithe”—

(a) i gcás ceantair shláinte chontae (ach amháin aon bhaile mór ar a bhfuil coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854), comhairle na contae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin;

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin;

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin, agus

(d) i gcás baile mhóir ar a bhfuil coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ach amháin maidir le hailt 14, 19, 20, 21 agus 41 den Acht seo, coimisinéirí an bhaile mhóir sin, agus, maidir leis na hailt sin, comhairle na contae ina bhfuil an baile mór sin,

agus déanfar tagairtí do líomatáiste feidhmiúcháin údaráis tithe a léiriú dá réir sin;

Achta Tithe an Lucht Oibre.

ciallaíonn an abairt “Achta Tithe an Lucht Oibre” Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, arna leasú leis an Acht seo;

Achta na Sclábhaithe.

ciallaíonn an abairt “Achta na Sclábhaithe” Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1941, arna leasú leis an Acht seo;

An tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

Rialacháin.

3. —(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán sin arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo ina mbeidh foráil maidir le híocaíocht a bheas le déanamh ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.

Costais.

4. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Cionta, inchúisimh agus pionóis.

6. —(1) Má dhéanann comhlucht corpraithe cion faoi aon alt den Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion sin amhlaidh le toiliú nó ceadú, nó gur hurasaíodh a dhéanamh do dheasca faillí, ó aon stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlucht corpraithe sin, is tuigthe an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin do dhéanamh an chiona sin freisin agus dlífear imeachta a thionscain ina choinne agus é a phionósú dá réir.

(2) Féadfaidh údarás tithe imeachta sa Chúirt Dúiche maidir le cion faoi aon alt den Acht seo a thionscain agus a shaothrú.

(3) Is cion leanúnach cion faoi alt 8, 11, nó 12 den Acht seo agus dá réir sin féadfar imeachta nua a thionscain ina leith ó am go ham.

(4) D'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta achomaire i leith ciona faoi aon alt den Acht seo a thionscain laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.