An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Forala Airgeadais.)

1 1948

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1948

CUID II.

Aitribh Airithe a Rialu.

Údarás tithe do thabhairt ceada chun tithe inchónaithe a scartáil.

7. —(1) Féadfaidh údarás tithe, mar is oiriúnach leo, cead a dheonadh, nó diúltú é a dheonadh, do dhuine chun aon teach inchónaithe a scartáil go hiomlán nó go páirteach nó é d'úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe.

(2) Duine ar bith dar diúltaíodh cead faoi fho-alt (1) den Alt seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire agus féadfaidh an tAire, ar an achomharc sin, an diúltú sin a dhaingniú nó pé cead a thabhairt a fhéadfas údarás tithe a dheonadh faoi fho-alt (1) den alt seo.

Toirmeasc ar thithe inchónaithe áirithe a scartáil.

8. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon teach inchónaithe a scartáil go hiomlán nó go páirteach ná é d'úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe mura mbeidh cead aige, arna thabhairt faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Acht seo, ón údarás tithe ar ina líomatáiste feidhmiúcháin atá an teach inchónaithe nó cead ón Aire arna thabhairt faoi fho-alt (2) d'alt 7 den Acht seo.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fineáil nach mó ná céad punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, más rogha leis an gcúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(3) Leanfaidh an t-alt seo i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1950, agus raghaidh in éag ansin.

Gan feidhm a bheith ag alt 7 nó 8 den Acht seo i gcásanna áirithe

9. —Ní bhainfidh alt 7 ná alt 8 den Acht seo le scartáil aon tí inchónaithe go hiomlán nó go páirteach ná lena úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe má bhí an teach inchónaithe sin á áitiú agus á úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe díreach roimh an Acht seo a rith nó má ceangaltar nó má húdaráitear an scartáil nó an úsáid sin faoi réim nó de bhun aon achtacháin nó chun aon chríche reachtúla.

Feidhm ailt 11 nó 12 den Acht seo.

10. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 11 nó 12 den Acht seo lasmuigh—

(a) de chontae-bhuirgí Bhaile Atha Cliath, Chorcaighe, Luimnigh agus Phortláirge agus buirg Dhún Laoghaire, agus

(b) de líomatáiste feidhmiúcháin aon údaráis tithe a mbeidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm maidir leis.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ailt 11 agus 12 den Acht seo a chur i bhfeidhm maidir le líomatáistí feidhmiúcháin údarás tithe i gcoitinne nó le líomatáiste feidhmiúcháin údaráis tithe áirithe agus féadfaidh an t-ordú sin a chúlghairm.

(3) Gach ordú a dhéanfas an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, beidh an t-ordú sin arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Toirmeasc ar áitribh áirithe d'úsáid mar ilteaghais.

11. —(1) Tar éis an fo-alt seo a theacht i ngníomh, ní cheadóidh duine ar bith áitreabh d'úsáid mar ilteaghas (pé acu bheas nó nach mbeidh an t-áitreabh á úsáid amhlaidh i dtosach feidhme an ailt seo nó pé acu bhí nó nach raibh sé á úsáid amhlaidh roimhe sin) gan cead, i scríbhinn, ón údarás tithe ar ina líomatáiste feidhmiúcháin a bheas an t-áitreabh, agus ní diúltófar an cead sin go míréasúnach.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air (agus, ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, más rogha leis an gcúirt príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(3) San alt seo ciallaíonn an focal “ilteaghas” áitreabh arna ligean ina choda chun dhá theaghas nó níos mó a dhéanamh.

(4) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1948.

Údarás tithe do thbabhairt ceada chun críocha ailt 11 den Acht seo

12. —(1) Féadfaidh údarás tithe, ó am go ham, cead chun críocha ailt 11 den Acht seo a dheonadh nó diúltú d'é a dheonadh.

(2) I gcás údarás tithe do dheonadh ceada faoi fho-alt (1) den alt seo (dá ngáirmtear an cead san alt seo) féadfaid gach ceann nó aon cheann de na coinníollacha seo a leanas a chur ag gabháil leis an gcead:—

(a) coinníoll maidir leis an áitreabh a dheisiú, d'athrú nó d'athchóiriú;

(b) coinníoll maidir leis an méid teaghas a féadfar a chur ar fáil san áitreabh;

(c) coinníoll maidir leis an méid uasta daoine a fhéadfas áitiú i ngach teaghas faoi leith a cuirfear ar fáil san áitreabh;

(d) coinníoll maidir le freagarthacht i leith cothabhála an áitribh.

(3) Tiocfaidh an cead i bhfeidhm ar an dáta a bheas sonraithe ann chuige sin agus, mura dtarraingtear siar roimhe sin é, leanfaidh sé i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia ná trí bliana) a chinnfeas an t-údarás tithe.

(4) Coimeádfaidh údarás tithe taifead de na ceada a deonfar faoin alt seo agus coimeádfar an taifead sin chun a iniúchta ag aon duine den phobal ar é d'íoc táille scillinge in aghaidh gach iniúchta.

(5) Más rud é go ndéanfaidh duine, trí ghníomh nó neamhghníomh, coinníoll a neamhchomhlíonadh a bheas ag gabháil leis an gcead a deonfar dó, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, más rogha leis an gcúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile agus féadfaidh an t-údarás tithe an cead a dheonadar dó a tharraingt siar.

(6) Duine ar bith ar cúis mhíshásaimh leis údarás tithe do dhiúltú cead a dheonadh faoi fho-alt (1) den alt seo nó coinníoll a bheas ag gabháil leis an gcead, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda laistigh de mhí tar éis fógra d'fháil ón údarás tithe i dtaobh an diúltuithe nó an choinníll sin (pá acu é) nó laistigh de pé am ina dhiaidh sin a lamhálfas an Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt—

(a) i gcás achomhairc i gcoinne diúltuithe cead a dheonadh— an t-achomharc a dhíbhe nó a ordú don údarás tithe cead a dheonadh;

(b) i gcás achomhairc maidir le coinníoll a bheas ag gabháil leis an gcead— an t-achomharc a dhíbhe nó a ordú don údarás tithe an coinníoll a mhodhnú nó a neamhniú.

Ligean fara troscán d'eisiamh.

13. —(1) Nuair a beifear á fhionnadh, chun críocha ailt 11 den Acht seo, cé acu ilteaghas aon áitreabh áirithe nó nach ea, ní cuirfear san áireamh cuid den áitreabh atá ar ligean fara troscán más dóigh leis an údarás tithe gur mó an cíos air ná an cíos ba dhócha do dhuine den lucht oibre d'íoc ar an ligean.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ciallaíonn an abairt “ligean fara troscán” ligean teaghais ar cíos a n-áirítear ann íocaíochta as iostas, freastal nó úsáid troscáin, nó as teas, uisce te, breosla, leictreachas nó aon earra eile a sholáthar don teaghas nó as aon tseirbhísí a dhéanamh maidir leis an teaghas, mura rud é gur dóigh leis an údarás tithe an chuid den chíos is inchurtha i leith an teaghais féin a bheith comhionann le trí ceathrúna den chíos nó a bheith níos mó ná sin.

Ceangal ar thionóntaithe agus ar dhaoine a bheas ag iarraidh tionóntacht eolas a thabhairt.

14. —(1) Féadfaidh údarás tithe, chun a chumasú dhóibh an cíos a chinneadh is iníoctha ag duine a mbeidh teach ligthe acu chuige nó a bheas á iarraidh go ligfí chuige teach, iostán nó cóiríocht eile arna sholáthar faoi Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1946, Achta Tithe an Lucht Oibre, nó Achta na Sclábhaithe, a cheangal ar an duine sin sonraí a thabhairt i scríbhinn i dtaobh na nithe seo a leanas:—

(a) an méid daoine de theaghlach an duine sin atá in aontíos leis, maraon lena n-aois, a ngnéas, a slí bheatha agus staid a sláinte;

(b) ioncam seachtainiúil an duine sin agus gach duine dá theaghlach atá in aontíos leis;

(c) aon chúnamh, sochar nó liúntas a fuair an duine sin nó a fuarthas thar a cheann nó a fuair aon duine dá theaghlach atá in aontíos leis nó a fuarthas thar a cheann ó chistí Stáit nó ó aon údarás cúnaimh phoiblí do réir bhrí an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ), nó ó aon bhunadh eile ar bith gan liúntais sealadacha ó aon eagras carthanúil d'áireamh;

(d) an chóir iompair atá ar fáil chun an duine sin agus na daoine dá theaghlach atá in aontíos leis a thabhairt chun a n-ionaid oibre, nó i gcás leanaí, chun na scoile, agus costas an iompair sin;

(e) na téarmaí ar a bhfuil áitreabh á áitiú aige, an méid cíosa is iníoctha i leith an áitribh sin agus ainm agus seoladh an duine lenarb iníoctha an cíos sin.

(2) Duine ar bith a mbeidh ligthe chuige ag údarás tithe, nó a mbeidh iarrtha aige go ligfí chuige, teach, iostán nó cóiríocht eile arna sholáthar faoi Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1946, Achta Tithe an Lucht Oibre nó Achta na Sclábhaithe agus a mhainneos nó a dhiúltós go toiliúil aon eolas a thabhairt a theastós ó údarás tithe faoin alt seo nó a bhéarfas eolas bréagach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

Fo-dhlithe maidir le tithe áirithe.

15. —I gcás tithe nach bhfuil thar dhá sheomra iontu agus atá beartaithe nó atá á n-úsáid chun a n-áitithe ag daoine den lucht oibre agus atá á n-áitiú ag teaghlach amháin ar a mhéid, beidh ag údarás tithe na cumhachta céanna chun fo-dhlithe a dhéanamh agus d'fhorfheidhmiú a bheirtear, faoi alt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, d'údarás áitiúil ceantair uirbigh nó aile mhóir i gcás tithe atá beartaithe nó atá á n-úsáid chun a n-ábithe ag daoine den lucht oibre agus atá ligthe ina lóistíní nó iatá á n-áitiú ag daoine de níos mó ná aon teaghlach amháint agus beidh éifeacht ag forála an ailt sin 20 amhail is dá mba fa,oin alt sin a déanfaí na fo-dhlithe sin.