An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Iostain Sclabhaithe.) Ar Aghaidh (CUID VII. Ilghneitheach.)

1 1948

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1948

CUID VI.

Teaghais Bheaga a Thogaint.

Luach tithe a bhféadfar airleacain a thabhairt ina leith faoi Acht 1899.

38. —(1) Ní tabharfar airleacain faoi alt 1 d'Acht 1899 chun únaeracht d'fháil ar thigh nó chun teach a thógáil más dóigh leis an údarás áitiúil gur mó nó go mba mhó ná an tsuim uasta luach an tí ar an margadh.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an tsuim uasta chun críche fo-ailt (1) den alt seo a shocrú trí ordú, agus féadfaidh, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú den tsórt sin a leasú nó a chúlghairm.

Alt 9 (4) d'Acht 1899 a leasú.

39. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 9 d'Acht 1899 trí na focail seo a leanas: “because of the default of persons, to whom advances have been made, to repay instalments of principal or interest on such advances” a chur in ionad na bhfocal “and not reimbursed by the receipts under this Act.”

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo, agus is tuigthe go raibh éifeacht aige, amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1942, agus ón lá sin amach.

An ráta úis ar airleacain faoi Acht 1899.

40. —Is é ráta úis ar airleacain faoi alt 1 d'Acht 1899, i gcás aon airleacan a bhéarfar tar éis an tAcht seo a rith, ná ráta nach mó ná leath faoin gcéad sa bhliain de bhreis ar an ráta úis ar ar thóg an t-údarás áitiúil an t-airgead ar iasacht chun an t-airleacan a thabhairt.