|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Teaghais Bheaga a Thogaint.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.) |
ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1948
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Ilghneitheach. | |
[EN] |
Údaráis tithe a shaoradh ó fhorála ailt 201 den Public Health (Ireland) Act, 1878, i gcásanna áirithe. |
41. —(1) Féadfaidh an tAire údarás tithe a shaoradh ó chomhlíonadh gach ceann nó aon cheann d'fhorála ailt 201 den Public Health (Ireland) Act, 1878, maidir le conartha a bheas le déanamh ag an údarás tithe i bhfeidhmiú a gcumhacht agus i gcomhlíonadh a ndualgas faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó Achta na Sclábhaithe. |
[EN] | (2) Aon tsaoradh a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le conartha a bheas le déanamh ag údarás tithe i bhfeidhmiú a gcumhacht agus i gcomhlíonadh a ndualgas faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó faoi Achta na Sclábhaithe, féadfaidh sé baint:— | |
[EN] | (a) le gach conradh a bheas le déanamh amhlaidh, | |
[EN] | (b) le conartha a bheas le déanamh amhlaidh faoi scéim áirithe, nó | |
[EN] | (c) le conartha a bheas le déanamh amhlaidh maidir le líomatáiste áirithe. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis a chur ag gabháil le saoradh a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo agus féadfaidh sé tráth ar bith an saoradh sin a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] |
An Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1932 a leasú. |
42. —Leasaítear leis seo Acht 1932 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagail 4 den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin:— |
[EN] | “4. (a) Mura ndéana duine ar bith acu sin ar gá fógraí a sheirbheáil orthu agóid go cuí i gcoinne an orduithe, nó má tarraingtear siar gach agóid a déanfar amhlaidh, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-ordú a neamhniú nó an t-ordú a dhaingniú fara modhnú nó gan modhnú. | |
[EN] | (b) Má dhéanann aon duine acu sin agóid go cuí agus nach dtarraingeofar siar an agóid sin, agus más rud é, maidir le cuid den talamh a mbeidh beartaithe é a thógaint, nach ndearnadh aon agóid nó nach ndearnadh ach agóid nó agóidí a tarraingíodh siar, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-ordú a neamhniú nó an t-ordú a dhaingniú láithreach fara modhnú nó gan modhnú sa mhéid sin amháin go mbaineann sé le talamh nach ndearnadh aon agóid, nó nach ndearnadh ach agóid nó agóidí a tarraingíodh siar, i gcoinne é a thógaint, agus, sa mhéid go mbaineann sé leis an gcuid eile den talamh a mbeidh beartaithe é a thógaint, cuirfidh sé faoi ndear fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh i dtaobh aon agóide nár tarraingíodh siar agus, tar éis dó an agóid sin agus tuarascáil an duine a rinne an fiosrúchán a bhreithniú, féadfaidh sé ansin an t-ordú a neamhniú nó an t-ordú a dhaingniú fara modhnú nó gan modhnú sa mhéid go mbaineann sé leis an talamh sin. | |
[EN] | (c) In aon chás eile, cuirfidh an tAire faoi ndear fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh agus, tar éis dó aon agóid nár tarraingíodh siar agus tuarascáil an duine a rinne an fiosrúchán a bhreithniú, féadfaidh sé ansin an t-ordú a neamhniú nó an t-ordú a dhaingniú fara modhnú nó gan modhnú: | |
[EN] | Ar an gcoinníoll— | |
[EN] | (i) go bhféadfaidh an tAire a cheangal ar dhuine ar bith a dhéanfas agóid forais na hagóide sin a lua i scríbhinn, agus go bhféadfaidh an t-ordú a dhaingniú gan a chur faoi ndear fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh más deimhin leis nach mbaineann aon agóid a bheas déanta go cuí ach le nithe a bhféadfaidh an t-eadránaí a mbeidh an cúiteamh le meisiúnú aige deighleáil leo; | |
[EN] | (ii) nach ndéanfaidh an t-ordú arna dhaingniú ag an Aire a údarú do chomhairle chontae aon talamh a cheannach go héigeantach nach n-údaródh an t-ordú dhóibh a cheannach amhlaidh dá ndaingnítí é gan modhnú.” | |
[EN] |
Bailíocht agus dáta feidhme orduithe ceannaigh éigeantaigh áirithe. |
43. —(1) Baineann an t-alt seo le hordú ceannaigh éigeantaigh faoi alt 20 d'Acht 1932 a ndearna aon duine acu sin a gceangaltar leis an Acht sin fógraí a sheirbheáil orthu agóid go cuí ina leith agus nár tarraingíodh siar an agóid sin agus arb ordú é a dhaingnigh an tAire ar an gcéad ásc sa mhéid sin amháin gur bhain sé le talamh nach ndearnadh aon agóid, nó nach ndearnadh ach agóid nó agóidí a tarraingíodh siar, i gcoinne é a thógaint (dá ngairmtear “an chéad daingniú” san alt seo) agus ar an dara hásc sa mhéid gur bhain sé leis an gcuid eile den talamh a tógadh (dá ngairmtear “an dara daingniú” san alt seo). |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag forála an ailt seo maidir le bailíocht orduithe lena mbaineann an t-alt seo agus leis an dáta ar a mbeidh an t-ordú sin le teacht i ngníomh. | |
[EN] | (3) A luaithe is féidir tar éis an chéad daingniú a dhéanamh ar ordú lena mbaineann an t-alt seo, foilseoidh comhairle chontae, i nuachtán nó i nuachtáin a léitear ina gceantar, fógra sa bhfoirm ordaithe á rá go bhfuiltear tar éis an t-ordú a dhaingniú sa mhéid gur bhain sé le talamh nach ndearnadh aon agóid nó nach ndearnadh ach agóid nó agóidí a tarraingíodh siar i gcoinne é a thógaint. | |
[EN] | (4) A luaithe is féidir tar éis an dara daingniú a dhéanamh ar ordú lena mbaineann an t-alt seo, foilseoidh comhairle chontae, i nuachtán nó i nuachtáin a léitear ina gceantar, fógra sa bhfoirm ordaithe á rá go bhfuiltear tar éis an t-ordú a dhaingniú, agus ag lua áite ina bhféadfar cóip den ordú arna dhaingniú agus den léarscáil dá dtagartar ann d'fheiscint gach tráth réasúnach, agus seirbheálfaid fógra dá shamhail sin ar gach duine a rinne, tar éis fógra a thabhairt don Aire i dtaobh a agóide i gcoinne an orduithe, láithriú ag an bhfiosrúchán áitiúil poiblí ag tacú lena agóid. | |
[EN] | (5) Duine ar bith ar cúis mhíshásaimh leis an dara daingniú a dhéanamh ar ordú lena mbaineann an t-alt seo agus ar mian leis a bhailíocht a thabhairt faoi cheist ar an bhforas nach bhfuil sé faoi chuimsiú cumhacht Acht na Sclábhaithe nó go bhfuil aon cheann de cheanglais na nAcht sin gan bheith comhlíonta, féadfaidh sé, laistigh de thrí seachtaine tar éis fógra an daingnithe d'fhoilsiú, iarratas chuige sin a dhéanamh chun na hArd-Chúirte, agus i gcás aon iarratas den tsórt sin a dhéanamh go cuí féadfaidh an Chúirt: | |
[EN] | (a) trí ordú eatraimh, oibriú an orduithe d'fhionraí, sa mhéid go mbaineann sé le haon mhaoin de chuid an iarratasóra, go dtí forceannadh críochnaitheach na n-imeacht; agus | |
[EN] | (b) más deimhin leo, ar an iarratas d'éisteacht, nach bhfuil an t-ordú faoi chuimsiú cumhacht Acht na Sclábhaithe nó go bhfuil dochar substainteach déanta do leasa an iarratasóra toisc gan ceann éigin de cheanglais na nAcht sin a bheith comhlíonta, an t-ordú a neamhniú sa mhéid go mbaineann sé le haon mhaoin de chuid an iarratasóra. | |
[EN] | (6) Faoi réir forál fo-ailt (5) den alt seo, duine ar bith ar cúis mhíshásaimh leis an chéad nó an dara daingniú a dhéanamh ar ordú lena mbaineann an t-alt seo ní dhéanfaidh sé, roimh an daingniú sin ná dá éis, an t-ordú sin a thabhairt faoi cheist trí thoirmeasc ná certiorari ná in aon imeachta dlí ar bith agus tiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh, maidir le talamh nach ndearnadh aon agóid i gcoinne é a thógaint, ar thrí seachtaine a bheith caite ó dháta foilsithe fógra a dhaingnithe do réir forál fo-ailt (3) den alt seo, agus maidir le talamh a ndearnadh agóid i gcoinne é a thógaint, tiocfaidh sé i ngníomh ar cheithre seachtaine a bheith caite ó dháta foilsithe fógra a dhaingnithe do réir forál fo-ailt (4) den alt seo. | |
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm, maidir le hordú lena mbaineann an t-alt seo, ag forála ailt 17 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , mar bheirtear feidhm dóibh le fo-alt (2) d'alt 20 d'Acht 1932 i gcás orduithe ceannaigh éigeantaigh faoin alt sin 20. | |
[EN] |
Faoiseamh ó rátaí. |
44. —(1) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoi alt 16 den Acht seo do dhuine nó do chumann fóntais phoiblí chun teach a thógáil agus ina méadófar luacháil an tionóntáin, arb é an teach sin é nó ar cuid de an teach sin, ar iarratas á iarraidh an luacháil sin d'athscrúdú de dhroim na tógála sin amháin, is tuigthe luacháil an tionóntáin sin a bheith laghdaithe, chun críocha rátaíochta, dhá dtrian den mhéadú sin. |
[EN] | (2) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoi alt 16 den Acht seo do dhuine nó do chumann fóntais phoiblí chun teach a thógáil agus ina méadófar luacháil an tionóntáin, arb é an teach sin é nó ar cuid de an teach sin, ar iarratas á iarraidh an luacháil sin d'athscrúdú, go páirteach de dhroim na tógála sin, is tuigthe luacháil an tionóntáin sin a bheith laghdaithe, chun críocha rátaíochta, dhá dtrian den chion den mhéadú sin is inchurtha i leith na tógála sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina dtabharfar deontas faoin alt 16 den Acht seo maidir le teach d'athfhoirgniú, ní déanfar luacháil an tionóntáin, arb é an teach sin é nó ar cuid de an teach sin, a mhéadú, ar aon luacháil nó athscrúdú luachála ar an gcéanna a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an t-athfhoirgniú sin a bheith críochnaithe, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de bharr an athfhoirgnithe sin. | |
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn an abairt “críocha rátaíochta” na críocha seo a leanas (agus ní haon chríocha eile), is é sin le rá, meisiúnú agus tobhach aon ráta arna chruinniú ag údarás áitiúil chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh tógáil an tí iomchuí a bheith críochnaithe nó chun seirbhíse aon cheann de na sé bliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (5) Gan dochar do ghinearáltacht forál an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt seo ag srianadh brí na habairte “críocha rátaíochta,” achtaítear leis seo go sonrach, go ndéanfar, d'ainneoin gur tuigthe faoin alt seo luacháil (dá ngairmtear an luacháil iomlán sa bhfo-alt seo) tionóntáin a bheith laghdaithe maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, gach áireamh chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim ar luach bliantúil an tionóntáin sin sa tslí chéanna ina ndéanfaí é dá mbeadh an luacháil iomlán i bhfeidhm chun críocha ráta chontae maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin. | |
[EN] |
Rátaí páighe coinníollacha oibre agus forfheidhmiú gealltanas. |
45. —(1) Ní dhéanfaidh an tAire, faoi alt 16 nó 20 den Acht seo, ná an t-údarás tithe, faoi alt 19 den Acht seo, deontas a thabhairt maidir le teach a thógáil má cruthaítear chun a shástachta nó chun a sástachta nach ndearnadh ar feadh a thógála rátaí páighe d'íoc nó coinníollacha oibre a chomhalladh a bhí ar a laghad chomh tairbheach do na daoine a bhí ar fostú á thógáil leis na rátaí páighe nó na coinníollacha oibre iomchuí a bhí ar aithint ag ceardchumainn i gcoitinne, sa líomatáiste inar tógadh an teach sin, tráth a thógála a thosnú, agus féadfaidh an tAire nó an t-údarás tithe, mar choinníoll ar a dtabharfaidh sé nó siad aon deontas den tsórt sin, a cheangal ar dhuine nó ar chumann fóntais phoiblí (do réir mar bheas) aon ghealltanas a thabhairt is cuí leis an Aire nó leis an údarás tithe sin maidir leis na rátaí páighe a híocfar nó na coinníollacha oibre a hurramófar ag tógáil an tí sin. |
[EN] | (2) Más rud é gur thug an tAire nó údarás tithe aon deontas d'aon duine nó d'aon chumann fóntais phoiblí faoi alt 16, 19 nó 20 den Acht seo ar choinníoll go ndéanfadh an duine nó an cumann a fuair an deontas gealltanas a thabhairt dó nó dóibh agus nár comhlíonadh an gealltanas sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— | |
[EN] | (a) dlífidh an duine nó an cumann fóntais phoiblí sin (do réir mar bheas) méid an deontais sin d'aisíoc leis an Aire nó leis an údarás tithe; | |
[EN] | (b) féadfar an méid sin d'aisgabháil ón duine nó ón gcumann fóntais phoiblí sin (do réir mar bheas) mar fhiach síbhialta in aon chúirt dlínse inniúla. |