An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Oifigigh Bhunaithe.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach)

4 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1948

CUID III.

Seirbhisigh Bhunaithe.

Clár de sheirbhísigh bhunaithe.

38. —(1) Coimeádfaidh údarás áitiúil clár ar a dtabharfar an clár de sheirbhísigh bhunaithe (dá ngairmtear an clár sa Chuid seo den Acht seo).

(2) I gcás duine faoi bhun seasca bliain d'aois a bheith ina bhuan-tseirbhíseach d'údarás áitiúil ar feadh tréimhse leanúnaí de thrí bliana, iontrálfaidh an t-údarás áitiúil a ainm sa chlár.

(3) Má dhéanann seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil, le toiliú ón údarás áitiúil, a fhostaíocht a thabhairt suas chun bheith ina bhuan-tseirbhíseach d'údarás áitiúil eile agus go dtiocfaidh sé chun bheith ina bhuan-tseirbhíseach don údarás áitiúil eile sin iontrálfaidh an t-údarás áitiúil eile sin a ainm sa chlár.

(4) Má éiríonn aon amhras, díospóid nó ceist i dtaobh é a bheith ceart ainm duine áirithe d'iontráil sa chlár, is é an tAire iomchuí a chinnfeas an t-amhras, an díospóid nó an cheist agus beidh a chinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach.

(5) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil ainm aon duine d'iontráil sa chlár ach amháin do réir an ailt seo.

(6) Taispeánfar sa chlár an uimhir uasta daoine is cead, de thuras na huaire, a bheith, aon tráth áirithe, i bhfostaíocht an údaráis áitiúil mar bhuan-tseirbhísigh.

(7) Déanfaidh údarás áitiúil an clár a choimeád ar oscailt ina bpríomh-oifig gach tráth réasúnach chun a iniúchta ag a seirbhísigh agus—

(a) i gcás bardais bhuirge, ag comhaltaí comhairle na buirge, nó

(b) in aon chás eile, ag comhaltaí an údaráis áitiúil.

Páigh agus sochair oifige a chur ar taifead sa chlár.

39. —Cuirfidh údarás áitiúil ar taifead ó am go ham sa chlár, maidir le hainm gach seirbhísigh bhunaithe ann, a pháigh agus an luach bliantúil in airgead atá ar a shochar oifige (más ann) arna chinneadh faoi alt 59 den Acht seo.

Duine a scoirfeas de bheith ina bhuantseirbhíseach a bhaint den chlár, etc.

40. —(1) Bainfidh údarás áitiúil den chlár ainm aon duine a scoirfeas de bheith ina bhuan-tseirbhíseach don údarás áitiúil sin.

(2) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, más gnáthach le húdarás áitiúil aon duine áirithe a ghlacadh ó am go ham ina bhfostaíocht mar bhuan-tseirbhíseach tar éis tréimhse nach raibh sé fostaithe amhlaidh ar a feadh—

(a) ní bhainfidh an t-údarás áitiúil ainm an duine sin den chlár ar aon ócáid áirithe nuair a scoirfeas sé de bheith ar fostú amhlaidh mura mbeid tar éis a chinneadh gan é d'fhostú amhlaidh arís agus, faid a bheas a ainm sa chlár de dhroim na míre seo, is tuigthe, chun críocha ailt 49 nó fo-ailt (2) d'alt 57 den Acht seo, gan é do scor de bheith ar fostú amhlaidh,

(b) má tharlann, le linn aon tréimhse áirithe nuair nach mbeidh an duine sin ar fostú amhlaidh ag aon údarás áitiúil, go gcinnfid gan é d'fhostú amhlaidh arís, bainfid a ainm den chlár agus, chun críocha ailt 49 nó fo-ailt (2) d'alt 57 den Acht seo, is tuigthe é do scor ansin de bheith i seilbh a fhostaíochta.

(3) Más rud é, maidir le seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil a mbeidh níos lú ná cúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, go bhfionnfar tar éis aon bhliana áirithe (is bliain dar tosach an lá a chéad-tháinig sé chun bheith ina sheirbhíseach amhlaidh nó aon lá cothroim bliana ón lá sin) a bhí sé gan bheith ag obair don údarás áitiúil mar bhuan-tseirbhíseach dhá chéad lá nó níos mó sa bhliain sin, bainfidh an t-údarás áitiúil a ainm den chlár agus cuirfid in iúl dó go ndearnadh amhlaidh agus a chúis sin.

(4) Féadfar ainm a bhaint den chlár trí nóta a chur sa chlár á rá go bhfuiltear tar éis an ainm a bhaint de agus an dáta a baineadh de í agus féadfar ainm a chur thar n-ais sa chlár trí nóta a chur sa chlár á rá go bhfuiltear tar éis an ainm a chur thar n-ais agus an dáta a cuireadh thar n-ais í.

(5) Duine ar bith ar cúis mhí-shásaimh leis údarás áitiúil do bhaint a ainme den chlár, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire iomchuí i gcoinne a ainm a bhaint de agus féadfaidh an tAire sin, le hordú, diúltú don achomharc nó a ordú an ainm a chur thar n-ais sa chlár agus, sa chás deiridh sin, cuirfidh an t-údarás áitiúil an ainm thar n-ais sa chlár.

(6) Beidh cinneadh an Aire iomchuí ar achomharc faoin alt seo ina chinneadh críochnaitheach.

Gan feidhm a bheith ag achtacháin láithreacha áirithe maidir le seirbhíseach bunaithe.

41. —Na forála d'aon Acht, poiblí nó áitiúil (seachas an tAcht seo), trína gcumasaítear d'údarás áitiúil liúntas nó aisce a dheonadh do dhuine ar bith ina seirbhís ar é do scor de bheith i seilbh a phoist, ní bheidh feidhm acu maidir le haon tseirbhíseach bunaithe don údarás áitiúil sin.

Teoranta ginearálta leis an tseirbhís a bheas le háireamh ag seirbhíseach bunaithe.

42. —(1) Aon fhoráil sa Chuid seo den Acht seo a bheir teideal do sheirbhíseach bunaithe aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís beidh sí faoi réir an choinníll sháraithigh nach mbeidh sé i dteideal aon tréimhse acu seo a leanas d'áireamh amhlaidh:—

(a) aon tréimhse a mbeidh cnapshuim, liúntas nó aisce faighte aige cheana ina leith faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile a bhaineas le haoisliúntas nó faoi aon scéim maidir le haoisliúntas arna déanamh faoi aon Acht,

(b) aon tréimhse roimh ocht mbliana déag d'aois a bheith slán aige,

(c) aon tréimhse a bheas a ainm sa chlár de dhroim míre (a) d'fho-alt (2) d'alt 40 den Acht seo,

(d) aon tréimhse a mbeifear tar éis aon ranníocaíochta ina leith a thabhairt thar n-ais dó faoi alt 57 den Acht seo,

(e) aon tréimhse a mbeifear tar éis aon ranníocaíochta ina leith a thabhairt thar n-ais dó faoi alt 32 den Acht seo, mura mbeidh sé tar éis na ranníocaíochta sin d'aisíoc faoi alt 33 den Acht seo,

(f) aon tréimhse roimh dháta a hurscaoileadh é as a fhostaíocht faoi údarás áitiúil de dheasca mí-iompair nó neamhoiriúnachta,

(g) aon tréimhse roimh dháta a fhanfas sé as láthair go toiliúil ón áit ina mbíonn a dhualgais á ndéanamh aige nó a staonfas sé óna dhualgais a dhéanamh, chun a thabhairt ar an údarás áitiúil dar seirbhíseach é a pháigh nó a choinníollacha seirbhíse d'athrú nó chun a thabhairt ar aon údarás áitiúil eile tuarastail, páigh nó coinníollacha seirbhíse aon oifigeach nó seirbhíseach dá gcuid d'athrú,

(h) aon tréimhse in aon bhliain, is bliain dar tosach an lá a chéad-tháinig sé chun bheith ina sheirbhíseach amhlaidh nó aon lá cothroim bliana ón lá sin, a bhí sé gan bheith ag obair d'údarás áitiúil mar bhuantseirbhíseach dhá chéad lá nó níos mó.

(2) Más rud é, ag féachaint do mhír (g) d'fho-alt (1) den alt seo, go gcaillfidh seirbhíseach d'údarás áitiúil tréimhse sheirbhíse—

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil fógra i scríbhinn i dtaobh a cailliúna a thabhairt don tseirbhíseach,

(b) féadfaidh an seirbhíseach, tráth nach déanaí ná mí tar éis an fógra sin a thabhairt dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire iomchuí i gcoinne na cailliúna,

(c) féadfaidh an tAire iomchuí, le hordú, diúltú don achomharc nó a dhearbhú go dtabharfar thar n-ais iomlán na tréimhse seirbhíse nó cuid di agus, sa chás deiridh sin, beidh éifeacht ag an mír sin (g) faoi réir an dearbhuithe,

(d) beidh cinneadh an Aire iomchuí ar an achomharc ina chinneadh críochnaitheach.

Seirbhís mar sheirbhíseach bunaithe.

43. —Beidh seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil i dteideal aon tréimhse a chaith sé ina sheirbhíseach bunaithe don údarás áitiúil sin d'áireamh mar shéirbhís.

Seirbhís faoi údarás áitiúil eile.

44. —I gcás seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil a bheith, díreach roimh é a dhul ina seirbhís, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil eile, beidh sé i dteideal a sheirbhís áitiúil inphinsin an tráth a scoir sé de bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don údarás áitiúil eile sin d'áireamh mar sheirbhís faoin údarás áitiúil céadluaite.

Seirbhís seirbhísigh bhunaithe mar oifigeach nó seirbhíseach d'ospidéal eabhair-ghalar.

45. —(1) Beidh seirbhíseach bunaithe i dteideal aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís is tréimhse a chaith sé ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar agus a bhí sé i dteideal d'áireamh mar sheirbhís chun críocha Coda VIII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) , nó aon achtacháin roimhe sin atá i gcomhréir leis an gCuid sin VIII mura rud é, má rinne sé ranníocaíochta ar feadh na tréimhse chun críocha na Coda sin VIII nó an achtacháin roimhe sin adúradh, gur haisíocadh na ranníocaíochta sin leis agus nár thug sé thar n-ais iad.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 91 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, maidir le seirbhíseach bunaithe.

Seirbhís seirbhísigh bhunaithe faoi údarás cuain.

46. —Beidh seirbhíseach bunaithe i dteideal aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís a chaith sé i seilbh poist inphinsin i seirbhís údaráis chuain.

Tréimhse ar dualgas mar chomhalta de Chúltaca na bhFórsaí Cosanta d'áireamh mar sheirbhís.

47. —I gcás seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil, is comhalta de Chúltaca na bhFórsaí Cosanta, a bheith as láthair óna fhostaíocht chun freastal ar a dhualgas agus é a chomlíonadh mar chomhalta den tsórt sin, beidh sé i dteideal an tréimhse a chaith sé as láthair amhlaidh d'áireamh mar sheirbhís.

Seirbhís áitiúil inphinsin seirbhísigh bhunaithe.

48. —(1) Chun críocha an Achta seo, is í seirbhís áitiúil inphinsin seirbhísigh bhunaithe ná an uimhir de bhlianta iomlána sa tréimhse, nó i gcomhshuim na dtréimhsí, a bheas sé i dteideal, faoin gCuid seo den Acht seo, d'áireamh mar sheirbhís, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán a chur san áireamh.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, más aon agus fiche nó níos mó ná sin an uimhir de bhlianta iomlána a bheas sa tréimhse, nó i gcomhshuim na dtréimhsí, a bheas seirbhíseach briogáide tóiteáin i dteideal d'áireamh mar sheirbhís faoin gCuid seo den Acht seo, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán a chur san áireamh, ansin, chun críocha na Coda seo den Acht seo, is í seirbhís áitiúil inphinsin an oifigigh sin ná an uimhir sin de bhlianta i dteannta na breise a bheas ag an uimhir sin de bhlianta ar fiche bliain.

Liúntas a dheonadh do sheirbhíseach bunaithe ar é de scor de bheith i seilbh fostaíochta.

49. —(1) Más rud é—

(a) go scoirfidh seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil de bheith i seilbh a fhostaíochta agus nach bhfostóid é mar bhuan-tseirbhíseach i bhfostaíocht eile, agus

(b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sé sa bhfos taíocht sin go dícheallach dílis agus chun a sástachta nó, mura dóigh leo sin, go gcinnfid mar sin féin, gur ceart, in imthosca speisialta a cháis, liúntas laghdaithe a dheonadh dhó,

deonfaidh an t-údarás áitiúil liúntas dó in aon chás dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(2) Is iad seo a leanas na cásanna dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:—

(a) i gcás an seirbhíseach do scor de bheith i seilbh a fhostaíochta ar shlí seachas trína dhíbheadh de dheasca mí-iompair agus—

(i) seasca bliain d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,

(ii) é a bheith ina sheirbhíseach briogáide tóiteáin, cúig bliana caogad d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,

(iii) é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;

(b) i gcás an seirbhíseach do scor de bheith i seilbh a fhostaíochta toisc an teora aoise chuige sin a bheith sroichte aige agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige.

An liúntas a deonfar do sheirbhíseach bunaithe a chinneadh.

50. —Is é liúntas a deonfar do sheirbhíseach bunaithe faoi alt 49 den Acht seo ar é do scor de bheith i seilbh a fhostaíochta ná—

(a) liúntas do réir ráta sa bhliain is comhionann leis an seascadú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheas aige, nó

(b) liúntas do réir ráta sa bhliain is comhionann le dhá dtrian dá luach saothair inphinsin,

pé acu sin is lú.

Liúntas seirbhísigh bhunaithe a laghdú mar gheall ar sheirbhís neamhshásúil.

51. —Má chinneann údarás áitiúil, faoi alt 49 den Acht seo, gur liúntas laghdaithe a deonfar do sheirbhíseach bunaithe, déanfaid ráta bliantúil an liúntais a deonfar dó faoi alt 49 den Acht seo a laghdú faoi bhun an ráta dob iomchuí dhó sin faoi alt 50 den Acht seo agus oiread nach lú ná caoga faoin gcéad.

Aisce ghearrsheirbhíse a dheonadh do sheirbhíseach bunaithe.

52. —I gcás seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil, a mbeidh bliain ar a laghad agus faoi bhun deich mblian de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, do scor de bheith i seilbh a fhostaíochta toisc é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp, deonfaidh an t-údarás áitiúil aisce dhó de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheas aige.

Aisce a dheonadh d'ionadaí dlíthiúil pearsanta seirbhísigh bhunaithe mhairbh.

53. —(1) I gcás seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil d'fháil bháis le linn é a bheith ar fostú agus cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce de mhéid is comhionann lena luach saothair inphinsin.

(2) I gcás seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil d'fháil bháis le linn é a bheith ar fostú agus bliain ar a laghad agus faoi bhun chúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheas aige.

Aisce a dheonadh faoi alt 49 d'ionadaí dlíthiúil pearsanta deonaí mhairbh.

54. —I gcás duine, dob oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil agus dar deonadh, faoi alt 49 den Acht seo, liúntas ar é do scor de bheith i seilbh a fhostaíochta, d'fháil bháis sar a mbeidh iomlán na suimeanna a gheobhaidh sé ar scór an liúntais comhionann lena luach saothair inphinsin, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce is comhionann leis an difríocht idir an méid iomlán sin agus an luach saothair inphinsin sin.

Aisce a dheonadh do bhantseirbhíseach bunaithe ar phósadh dhi.

55. —Má scoireann ban-tseirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil, a mbeidh cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aici, de bheith i seilbh a fostaíochta toisc í a phósadh nó bheith chun pósadh agus go ndéanfaidh sí, roimh trí mhí a bheith caite tar éis an scoir sin, deimhniú pósta a thabhairt ar aird don údarás áitiúil á chruthú gur pósadh í beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) más dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sí ina fostaíocht go dícheallach dílis agus chun a sástachta, deonfaidh an t-údarás áitiúil aisce dhi de mhéid is ionann agus—

(i) an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheas aici, nó

(ii) a luach saothair inphinsin,

pé acu sin is lú;

(b) má dhéanann an t-údarás áitiúil, bíodh nach dóigh leo gur fhónaigh sí ina fostaíocht go dícheallach dílis agus chun a sástachta, a chinneadh mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta an cháis, aisce laghdaithe a dheonadh di, deonfaid aisce dhi de mhéid is comhionann leis an méid dob iomchuí faoi mhír (a) den alt seo arna laghdú an oiread sin, nach lú ná caoga faoin gcéad, is dóigh leo is ceart.

Ranníocaíochta ó sheirbhísigh bhunaithe.

56. —(1) Déanfaidh seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil ranníocaíocht leis an údarás áitiúil sin chun críocha na Coda seo den Acht seo do réir ráta sa bhliain is ionann agus ceathair agus séú faoin gcéad—

(a) dá pháigh, arna ríomh ina suim bhliantúil, agus

(b) de luach bliantúil, arna chinneadh faoi alt 59 den Acht seo, a shochair oifige, más ann.

(2) An ranníocaíocht a bheas le déanamh ag seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin í d'fháil trí asbhaintí tréimhsiúla as a pháigh, ach, mura ndéantar aon asbhaint den tsórt sin is dligh d'údarás áitiúil a dhéanamh as a pháigh, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, gan dochar d'aon leigheas eile, an tsuim d'aisgabháil trína coimeád as aon tsuimeanna a bheas dlite uathu dhó nó as aon liúntas is iníoctha acu leis nó ina leith.

(3) Más rud é, faoi alt 64 den Acht seo, go mbeidh cnapshuimeanna, liúntais nó aiscí a dheonfas údarás áitiúil iníoctha ag údarás áitiúil eile, aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite sin ó am go ham (ach uair sa ráithe ar a laghad) chun an údaráis áitiúil eile—

(a) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite —leath na suimeanna uile a fuaireadar i bhfoirm ranníocaíochta faoin alt seo,

(b) in aon chás eile—iomlán na suimeanna sin uile.

Ranníocaíochta ó sheirbhíseach bunaithe a thabhairt thar n-ais dó.

57. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn an abairt “na ranníocaíochta,” maidir le seirbhíseach bunaithe, a gcomhshuim seo a leanas—

(a) aon ranníocaíochta a bheas déanta aige faoi alt 56 den Acht seo,

(b) i gcás aon ranníocaíochta a bheith déanta aige faoi alt 31 den Acht seo, na ranníocaíochta sin,

(c) i gcás aon ranníocaíochta a bheith déanta aige faoi alt 85 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 ), na ranníocaíochta sin,

(d) i gcás ranníocaíochta a bheith déanta aige faoin Asylum Officers Superannuation Act, 1909, na ranníocaíochta sin,

ach gan áireamh a dhéanamh ar aon ranníocaíochta acu sin a bheas tugtha thar n-ais dó agus ná beidh aisíoctha aige.

(2) Má scoireann seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil, a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a fhostaíochta ar aon chúis seachas mí-iompar agus ná deonfar aisce faoi alt 53 den Acht seo dhó, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníocaíochta thar n-ais dó.

(3) Má baintear ainm seirbhísigh bhunaithe d'údarás áitiúil den chlár faoi fho-alt (3) d'alt 40 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníocaíochta thar n-ais dó.

(4) Más rud é, maidir le seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil a mbeidh cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, go bhfionnfar tar éis aon bhliana áirithe (is bliain dar tosach lá cothroim bliana an lae a chéad-tháinig sé chun bheith ina sheirbhíseach amhlaidh) go raibh sé gan bheith ag obair don údarás áitiúil mar bhuan-tseirbhíseach dhá chéad lá nó níos mó sa bhliain sin, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil thar n-ais dó aon ranníocaíochta a rinne sé faoi alt 56 den Acht seo i leith na bliana sin.

(5) I gcás seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil a mbeidh níos lú ná bliain de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, d'fháil bháis, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníocaíochta thar n-ais dá ionadaí dlíthiúil pearsanta.

(6) Má scoireann seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil, a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a fhostaíochta ar aon chúis seachas mí-iompar, agus nach nglacfaidh sé aon fhostaíocht eile faoi údarás áitiúil a ndéanfaí seirbhíseach bunaithe de dá buaidh, agus nach mbeidh teideal aige chun liúntais faoi alt 49 den Acht seo ná chun aisce pósta faoi alt 55 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníocaíochta thar n-ais dó.

(7) Má déantar seirbhíseach bunaithe d'údarás áitiúil a dhíbhe as a fhostaíocht de dheasca mí-iompair, féadfaidh an t-údarás áitiúil, más dóigh leo go bhfuil fátha speisialta ann chun dhéanamh amhlaidh, na ranníocaíochta a thabhairt thar n-ais dó.

(8) Má thugann údarás áitiúil na ranníocaíochta thar n-ais agus go mbeidh sa mhéid a bhéarfar thar n-ais suim i leith ranníocaíocht a rinne an seirbhíseach a bheas i gceist agus atá ar seilbh ag údarás áitiúil eile nó ag bord ospidéil mheabhairghalar, íocfaidh an t-údarás nó an bord sin an tsuim sin thar n-ais leis an údarás áitiúil a thug na ranníocaíochta thar n-ais.

(9) Beidh feidhm, maidir le ranníocaíochta a bhéarfar thar n-ais faoin alt seo ag an bproviso atá ag gabháil le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922.

Ciall an fhocail “páigh.”

58. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, is é ciall atá leis an bhfocal “páigh”—

(a) ní fholaíonn sé—

(i) íocaíochta i leith breisaimsire,

(ii) costais taistil ná liúntais eile in aghaidh costas áirithe, nó

(iii) íocaíochta as obair chorr-aimsireach nó shealadach nó as post a líonadh go sealadach nó mar ionadaí go dtí go ndéanfar buan-cheapachán;

(b) faoi réir míre (a) den fho-alt seo, folaíonn sé gach uile tháille, puntáiste agus íocaíocht eile airgid a bhéarfar chun a úsáide féin do sheirbhíseach i gcáil sheirbhísigh dó.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, maidir le híocaíochta de shaghas sonraithe is saghas a luaitear i bhfo-mhír (i) nó (iii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, go mbeid, chun críocha na Coda seo den Acht seo, ina gcuid de pháigh sheirbhísigh áirithe nó gach seirbhísigh d'aicme áirithe nó de pháigh gach seirbhísigh, agus air sin, d'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, folóidh an focal “páigh” sa Chuid seo den Acht seo, maidir leis an seirbhíseach sin, le seirbhísigh den aicme sin, nó le gach seirbhíseach (do réir mar is iomchuí), íocaíochta den tsaghas sin.

Luach saothair inphinsin seirbhísigh bhunaithe a ríomh.

59. —(1) Cinnfidh údarás áitiúil, ó am go ham agus aon uair a ordós an tAire amhlaidh, an luach bliantúil in airgead atá ar gach ceann (más ann) de shochair oifige seirbhísigh bhunaithe agus coimeádfaid ar taispeáint, i ngach oifig nó foras a bheas á chothabháil acu agus in áit fheiceálach a mbeidh teacht air ag a seirbhísigh, liosta de na luacha a cinnfear amhlaidh do shochair oifige na seirbhíseach bunaithe a bheas ar fostú san oifig nó uaithi nó sa bhforas sin nó uaidh.

(2) Ní foláir cinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith ceadaithe ag an Aire.

(3) Má bhíonn seirbhíseach bunaithe ag fáil ráta áirithe páighe aon lá faoi leith, is é is luach saothair inphinsin dó chun críocha na Coda seo den Acht seo an lá sin ná—

(a) mura lú ná trí bliana an tréimhse, nó comhshuim na dtréimhsí, a bheas sé i dteideal faoin gCuid seo den Acht seo d'áireamh mar sheirbhís—

(i) más rud é, ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí arb é nó arb iad na trí bliana deiridh den tréimhse, nó de chomhshuim na dtréimhsí, a bheas sé i dteideal, faoin gCuid seo den Acht seo, d'áireamh mar sheirbhís, go raibh sé ag fáil páighe do réir an ráta áirithe sin nó go raibh sé sa ghrád céanna seirbhíseach—an méid páighe a gheobhadh sé i mbliain arna áireamh do réir an ráta áirithe sin, nó

(ii) in aon chás eile—an tríú cuid de chomhshuim na méideanna a fuair sé i bhfoirm páighe ar feadh na tréimhse nó na dtréimhsí sin arb é nó arb iad na trí bliana sin, nó, mura raibh sé ar lánpháigh ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtreímhsí sin, an tríú cuid de chomhshuim na méideanna a gheobhadh sé amhlaidh dá mbeadh sé ar lán-pháigh ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí sin, nó

(b) i gcás inar lú ná trí bliana an tréimhse, nó comhshuim na dtréimhsí, a bheas sé i dteideal, faoin gCuid seo den Acht seo, d'áireamh mar sheirbhís—

(i) más rud é, ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí sin, go raibh sé ag fáil páighe de réir an ráta áirithe céanna nó go raibh sé sa ghrád céanna seirbhíseach—an méid páighe a gheobhadh sé i mbliain arna ríomh do réir an ráta áirithe sin, nó

(ii) in aon chás eile—meánaíocht sheachtainiúil, arna hiolrú faoi dhó caogad, na méideanna a fuair sé i bhfoirm páighe ar feadh na tréimhse nó na dtréimhsí sin nó, mura raibh sé ar lán-pháigh ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí sin, meánaíocht sheachtainiúil, arna hiolrú faoi dhó caogad, na méideanna a gheobhadh sé amhlaidh dá mbeadh sé ar lán-pháigh ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí sin,

maraon leis an luach bliantúil, arna chinneadh an tráth sin faoi fho-alt (1) den alt seo, ar a shochar oifige, más ann.

An uimhir uasta buantseirbhíseach d'athrú.

60. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil ó am go ham, le rún, an uimhir uasta daoine a bheas aon tráth áirithe ina bhfostaíocht mar bhuan-tseirbhísigh d'athrú.

(2) Tiocfaidh rún faoin alt seo i ngníomh an lá a bheas sonraithe ann chuige sin, lá nach luaithe ná mí tar éis dáta an rúin.

(3) Ní rithfear an chéad rún ó údarás áitiúil faoin alt seo mura mbeidh cúig bliana ar a laghad caite ón dáta a tháinig an Chuid seo den Acht seo i bhfeidhm maidir leo agus ní déanfar aon rún ina dhiaidh sin uathu faoin alt seo a rith mura mbeidh cúig bliana ar a laghad caite ó dháta an rúin deiridh roimhe sin den tsórt sin.

(4) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, agus chun críocha an Achta nó na nAcht a bhaineas le bainistí aon chontae-bhuirge, rún a rith faoin alt seo.

Forála maidir le neamhláithreachta áirithe ó fhostaíocht.

61. —(1) Más rud é, in aon chás ina mbeidh feidhm maidir le seirbhíseach d'údarás áitiúil ag forála fo-ailt (2) d'alt 38 nó míre (c) d'fho-alt (1) nó míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (2) d'alt 63 den Acht seo, go bhfionnfar, má tharla an seirbhíseach a bheith as láthair óna fhostaíocht ag an údarás áitiúil i rith aon cheann de na trí bliana iomchuí, gurbh é ba chúis leis sin é a bheith breoite, an obair ar a raibh sé ar fostú a bheith ar stad go sealadach, méid seachtainiúil na hoibre sin do laghdú go sealadach nó aon chúis sealadach eile nach dá ghníomh ná dá fhaillí féin, is tuigthe chun críocha na bhforál sin gur bhuan-tseirbhíseach don údarás áitiúil é le linn dó bheith as láthair i gcás (agus sa chás sin amháin) ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) gur fhill sé ar fhostaíocht an údaráis áitiúil i gceann na tréimhse a chaith sé as láthair nó, má mhair an tréimhse sin i ndiaidh deireadh na bliana sin, i gceann na tréimhse sin i ndiaidh deireadh na bliana sin,

(b) nár shia ná seasca lá an tréimhse a chaith sé as láthair,

(c) i gcás gurbh é a bhí sa tréimhse a chaith sé as láthair ceann de dhá thréimhse nó níos mó a chaith sé as láthair-amhlaidh sa bhliain sin, nár shia ná seasca lá comhshuim na dtréimhsí sin a chaith sé as láthair.

(2) Más rud é, in aon chás ina mbeidh feidhm maidir le seirbhíseach d'údarás áitiúil is comhalta d'Fhórsa Cúltaca na bhFórsaí Cosanta ag forála fo-ailt (2) d'alt 38 nó míre (c) d'fho-alt (1) nó míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (2) d'alt 63 den Acht seo, go bhfionnfar, má tharla an seirbhíseach a bheith as láthair óna fhostaíocht ag an údarás áitiúil i rith na dtrí mblian iomchuí, gurbh é ba chúis leis sin é a bheith ag freastal agus ag comhlíonadh a dhualgais mar chomhalta den Fhórsa Cúltaca sin, is tuigthe, chun críocha na bhforál sin, gur bhuan-tseirbhíseach don údarás áitiúil é le linn é bheith as láthair.

Teoranta aoise do sheirbhísigh bhunaithe.

62. —(1) Beidh feidhm ag forála ailt 8 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1944 (Uimh. 3 de 1944) (alt a bhaineas le teoranta aoise d'oifigí faoi choiste talmhaíochta a shocrú) maidir le fostaíocht sheirbhísigh bhunaithe do choiste talmhaíochta amhail is dá mb'oifig an fhostaíocht sin.

(2) Beidh feidhm ag forála ailt 6 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944 (Uimh. 9 de 1944) (alt a bhaineas le teoranta aoise d'oifigí faoi choiste gairm-oideachais a shocrú) maidir le fostaíocht sheirbhísigh bhunaithe do choiste gairm-oideachais amhail is dá mb'oifig an fhostaíocht sin.

(3) Beidh feidhm ag forála ailt 23 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) (alt a bhaineas le teoranta aoise d'oifigí faoi údaráis áitiúla áirithe a shocrú) maidir le fostaíocht sheirbhísigh bhunaithe faoi údarás áitiúil, seachas coiste talmhaíochta, coiste gairm-oideachais, coiste freastail scoile, Bord Ospidéil Fiabhrais Bhaile Atha Cliath nó Bord Ospidéil Fiabhrais Chorcaighe, amhail is dá mb'oifig an fhostaíocht sin.

Forála idirlinne do Chuid III.

63. —(1) Más rud é—

(a) ar an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm maidir le húdarás áitiúil gur buan-tseirbhíseach don údarás áitiúil duine, agus

(b) ná beidh slán aige an tráth sin—

(i) más seirbhíseach briogáide tóiteáin é, cúig bliana caogad d'aois, nó

(ii) in aon chás eile, seasca bliain d'aois, agus

(c) gur trí bliana nó níos mó an tréimhse leanúnach, dar críoch dáta na Coda seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm amhlaidh, a bhí sé ina bhuan-tseirbhíseach don údarás áitiúil,

féadfaidh sé, laistigh de shé mhí ar a fhaid tar éis an Chuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm amhlaidh, a iarraidh i scríbhinn ar an údarás áitiúil a ainm d'iontráil sa chlár agus air sin iontrálfaidh an t-údarás áitiúil a ainm sa chlár agus beidh éifeacht ag an iontráil amhail is dá ndéantaí é ar an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm, ach tosnóidh a dhliteanas (más ann) chun ranníocaíochta a dhéanamh faoin gCuid seo den Acht seo an tráth a hiontrálfar a ainm sa chlár.

(2) Más rud é—

(a) ar an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm maidir le húdarás áitiúil, gur buan-tseirbhíseach d'údarás áitiúil duine, agus

(b) ná beidh slán aige an tráth sin—

(i) más oifigeach briogáide tóiteáin é, cúig bliana caogad d'aois, nó

(ii) in aon chás eile, seasca bliain d'aois, ag

(c) gur lú ná trí bliana an tréimhse leanúnach, dar críoch dáta na Coda seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm amhlaidh, a bhí sé ina bhuan-tseirbhíseach don údarás áitiúil, agus

(d) go leanfaidh sé de bheith ina bhuan-tseirbhíseach don údarás áitiúil go dtí am nuair a bheas trí bliana sa tréimhse leanúnach, arb é an t-am sin is críoch di, a bhí sé ina bhuan-tseirbhíseach don údarás áitiúil,

féadfaidh sé, laistigh de shé mhí ar a fhaid i ndiaidh an ama sin, a iarraidh i scríbhinn ar an údarás áitiúil a ainm d'iontráil sa chlár agus air sin iontrálfaidh an t-údarás áitiúil a ainm sa chlár agus beidh éifeacht ag an iontráil, amhail is dá ndéantaí í ar an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm amhlaidh, ach tosnóidh a dhliteanas (más ann), chun ranníocaíochta a dhéanamh faoin gCuid seo den Acht seo an tráth a hiontrálfar a ainm sa chlár.

(3) Más rud é, ar an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm maidir le húdarás áitiúil gur buan-tseirbhíseach don údarás áitiúil duine, ní hiontrálfar a ainm i gclár aon údaráis áitiúil mura faoin alt seo a déanfar an iontráil nó mura tar éis a ainm d'iontráil faoin alt seo a déanfar sin.

(4) Duine ar bith a n-iontrálfar a ainm faoin alt seo i gclár údaráis áitiúil, beidh teideal aige go n-áireofaí mar sheirbhís aon tréimhse, roimh an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm maidir leis an údarás áitiúil, a chaith sé ina bhuan-tseirbhíseach don údarás áitiúil nó d'aon chomhlucht ar haistríodh a gcumhachta agus a ndualgais chun an údaráis áitiúil, ach amháin aon tréimhse den tsórt sin, in aon bhliain ba bhliain ar fad roimh an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm amhlaidh, dar thosach an lá a chéad-tháinig sé chun bheith ina sheirbhíseach amhlaidh nó aon lá cothroim bliana ón lá sin agus a bhí sé dhá chéad lá nó níos mó gan bheith ag obair don údarás áitiúil nó don chomhlucht sin mar bhuan-tseirbhíseach.

(5) Ní hiarrfar aon ranníocaíocht faoi alt 56 den Acht seo—

(a) ó sheirbhíseach bunaithe do bhardas contae-bhuirge ba sheirbhíseach don bhardas sin díreach roimh an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm maidir leo agus a bhí cláraithe an tráth sin i gclár de bhuanfhostaithe a bhí á choimeád acu an tráth sin,

(b) ó sheirbhíseach bunaithe do bhardas buirge Dhún Laoghaire ba sheirbhíseach don bhardas sin díreach roimh an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm maidir leo agus a bhí cláraithe acu an tráth sin i gclár de bhuan-fhostaithe a bhí á choimeád acu an tráth sin,

(c) ó sheirbhíseach bunaithe do Choiste Gairm-Oideachais Chathair Bhaile Atha Cliath ba sheirbhíseach don choiste sin díreach roimh an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm maidir leo agus a bhí, an 14ú lá de Shamhain, 1930, ina dhuine lenar bhain alt 53 d'Acht 1925.

(6) Más rud é—

(a) go bhfuair duine bás an lú lá d'Eanáir, 1947, nó dá éis sin agus roimh an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm maidir le bardas contae-bhuirge nó buirge Dhún Laoghaire nó Coiste Gairm-Oideachais Chathair Bhaile Atha Cliath,

(b) go raibh an duine sin, díreach roimh é d'fháil bháis, ina sheirbhíseach don bhardas sin agus é cláraithe an tráth sin i gclár de bhuan-fhostaithe a bhí á choimeád an tráth sin ag an mbardas nó ina seirbhíseach don Choiste sin agus gur dhuine é, an 14ú lá de Shamhain, 1930, lenar bhain alt 53 d'Acht 1925, agus

(c) go bhféadfadh an duine sin, dá mba ná fuair sé bás agus gur fhan sé i seirbhís an bhardais nó an Choiste sin, a iarraidh go n-iontrálfaí a ainm faoi fho-alt (1) den alt seo,

beidh ag an mbardas nó ag an gCoiste sin dar sheirbhíseach é cumhacht a bheas infheidhmithe as a gcomhairle féin agus, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, nach mbeidh aon achomharc ina leith, chun an aisce chéanna (más ann) a dheonadh faoi alt 53 den Acht seo a deonfaí dá mba rud é gur tháinig an Chuid seo den Acht seo i bhfeidhm maidir leo díreach roimh bhás an duine sin agus go raibh a ainm iontrálta an tráth sin faoi fho-alt (1) den alt seo.

(7) Beidh éifeacht ag forála an ailt seo d'ainneoin aon fhorála eile sa Chuid seo den Acht seo.