6 1948


Uimhir 6 de 1948.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A hOCHT CEATHRACHAD, AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI CEATHRACHAD.

[18ú Márta, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

£1,995,859 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1948.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Milliúin Naoi gCéad agus Cúig Mhíle Nóchad Ocht gCéad agus Naoi bPuint Chaogad d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a hocht ceathrachad.

£24,143,298 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1949.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Cheithre Mhilliún Fichead Céad agus Trí Mhíle Ceathrachad Dhá Chéad agus Ocht bPuint Nóchad d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a naoi ceathrachad.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £26,139,157 d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Sé Mhilliún Fichead Céad agus Naoi Míle Tríochad Céad agus Seacht bPuint Chaogad d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear bunairgid agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús sin d'eisiúint.

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Príomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1948 , a ghairm den Acht seo.