|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1948. | ||
[EN] |
AN tACHT CEARDCHUMANN, 1948. | |
[An tiontó oifigiúil] |
ACHT DO LEATHNÚ FORÁL AILT 2 DEN ACHT CEARDCHUMANN, 1947 , GO CEANN DHÁ MHÍ DHÉAG AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [7ú Iúil, 1948.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Acht 1947. |
1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “Acht 1947” an t Acht Ceardchumann, 1947 (Uimh. 17 de 1947) . |
[EN] |
Alt 2 d'Acht 1947 a leathnú. |
2. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1947 trí thagairt don tréimhse dar tosach dáta an Achta sin a rith agus dar críoch an 8ú lá d'Iúil, 1949, a chur in ionad tagairtí don tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach dáta an Achta sin a rith. |
[EN] |
Orduithe láithreacha a choimeád i bhfeidhm. |
3. —Gach ordú— |
[EN] | (a) a rinneadh faoi fho-alt (1) d'alt 2, nó a coimeádtar i bhfeidhm le halt 3, d'Acht 1947, agus | |
[EN] | (b) a bheas i bhfeidhm an 8ú lá d'Iúil, 1948, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm go dtí an 8ú lá d'Iúil, 1949, mura gcúlghairmtear roimhe sin é. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Ceardchumann, 1948 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Ceardchumann, 1871 to 1948, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta Ceardchumann, 1871 go 1947, le chéile. |