An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach agus Ginearalta.)

12 1948

AN tACHT AIRGEADAIS, 1948

CUID III.

Dleachta Stampa.

Airí Stáit a bheith saor ó dhleacht stampa.

11. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ná iníoctha ar aon chomhaontú, tíolacas, léas, sannadh, meabhrachán ná ionstraim eile (lena n-áirítear ionstraim a forghníomhaíodh ach nár stampáladh roimh dháta an Achta seo a rith) a déanfar chun nó maidir le hAire Stáit d'fháil tailimh, nó aon leasa i dtalamh, nó aon chirt chuige nó air.

Saoirse do bhannaí custam maidir le hearraí aer-iompartha

12. —Dearbhaítear leis seo, maidir leis an mírcheann “Bond given pursuant to the directions of any Act, etc.” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, agus i bhfo-alt (1) d'alt 5 den Finance Act, 1905 (a leathnaíos an saoradh faoin mírcheann sin), go bhfolaíonn tagairtí do loingsiú tagairtí do ládáil ar aerárthach.