22 1948


Uimhir 22 de 1948.


ACHT PHOBLACHT NA hÉIREANN, 1948.


ACHT D'ATHGHAIRM AN ACHTA ÚDARÁIS FHEIDHMIÚCHÁIN (CAIDREAMH COIGRÍCHE), 1936 , DÁ DHEARBHU GUR POBLACHT NA hÉIREANN IS GNÉTHUAIRISC AR AN STÁT, AGUS DÁ CHUMASÚ DON UACHTARÁN CUMHACHT CHOMHALLACH NÓ AON FHEIDHM D'FHEADHMA COMHALLACHA AN STÁIT MAIDIR LENA CHAIDREAMH EACHTRACH D'OIBRIÚ. [21ú Nollaig, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAcht Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 , d'athghairm.

1. —Athghairmtear leis seo an tAcht Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 (Uimh. 58 de 1936) .

Poblacht na hÉireann.

2. —Dearbhaítear leis seo gur Poblacht na hÉireann is gnéthuairisc ar an Stát.

An tUachtarán d'oibriú cumhachta comhallaí nó aon fheidhme d'fheadhma comhallacha an Stáit maidir lena chaidreamh eachtrach.

3. —Féadfaidh an tUachtarán, le húdarás agus ar chomhairle an Rialtais, cumhacht chomhallach nó aon fheidhm d'fheadhma comhallacha an Stáit maidir lena chaidreamh eachtrach d'oibriú.

Tosach feidhme.

4. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an Rialtas le hordú.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar Acht Phoblacht na hÉireann, 1948 , a ghairm den Acht seo.