23 1948


Uimhir 23 de 1948.


AN tACHT UM CHÚITEAMH DO LUCHT OIBRE (LEASÚ), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTACHÁN A BHAINEAS LE CÚITEAMH DO LUCHT OIBRE I nDÍOBHÁIL A THARLA DHÓIBH I gCÚRSA A bhFOSTAÍOCHTA. [22ú Nollaig, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

Achta 1897 agus 1900.

ciallaíonn an abairt “Achta 1897 agus 1900” na Workmen's Compensation Acts, 1897 and 1900;

Acht 1906.

ciallaíonn an abairt “Acht 1906” an Workmen's Compensation Act, 1906;

Acht 1934.

ciallaíonn an abairt “Acht 1934” an t Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) ;

íocaíocht sheachtainiúil mar chúiteamh faoi Achta 1897 agus 1900 nó faoi Acht 1906.

folaíonn na tagairtí d'íocaíocht sheachtainiúil mar chúiteamh faoi Achta 1897 agus 1900 nó faoi Acht 1906 tagairtí d'aon tsuim is iníoctha faoi alt 14 d'Acht 1934.

“An lá ceaptha.”

2. —Féadfaidh an tAire Leasa Shóisialaigh, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo, agus san Acht seo ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá a ceapfar amhlaidh.

Liúntas forlíontach d'oibrithe atá i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla faoi na Workmen's Compensation Acts, 1897 and 1900, agus faoin Workmen'sCompensation Act, 1906.

3. —Má bhíonn oibrí i dteideal íocaíochta seachtainiúla mar chúiteamh faoi Achta 1897 agus 1900 nó faoi Acht 1906 i leith aon tseachtaine dar tosach an lá ceaptha nó lá dá éis—

(a) beidh an t-oibrí, faoi réir míre (b) den alt seo, i dteideal liúntais fhorlíontaigh, i leith na seachtaine sin, is ionann agus dhá dtrian na híocaíochta seachtainiúla,

(b) ní bheidh an liúntas forlíontach níos mó ná pé suim a chomhdhéanfas, i dteannta na híocaíochta seachtainiúla, caoga scilling sa tseachtain,

(c) is tuigthe, chun críocha uile Acht 1897 agus 1900 nó Achta 1906 (pé acu is iomchuí), an liúntas forlíontach a bheith ina chuid den íocaíocht sheachtainiúil agus dá réir sin beidh sé iníoctha ag an bhfostóir a dhlífeas an íocaíocht sheachtainiúil d'íoc.

Alt 5 d'Acht 1934 a leasú.

4. —(1) I mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 5 d'Acht 1934, cuirfear na focail “chuig chéad punt” in ionad na bhfocal “trí chéad go leith punt”.

(2) Ní bhainfidh an leasú a déantar le fo-alt (1) den alt seo le haon chás ínar tharla an tionóisc roimh an lá ceaptha.

An Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1934 a leasú.

5. —I bhfo-mhír (e) de mhír (1) de riail 3 den Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1934, cuirfear an abairt “faoi fho-mhír (c)” in ionad na habairte “fé fho-mhír (b)”.

An Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934 a leasú.

6. —(1) (a) Sa Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934, cuirfear an riail seo a leanas in ionad rialach 2—

“2. Ní bheidh an íocaíocht sheachtainiúil in aon chás níos mó ná caoga scilling.”

(b) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an lá ceaptha agus beidh feidhm aici maidir le ríomh íocaíochta seachtainiúla mar chúiteamh faoi Acht 1934, d'ainneoin an tionóisc a tharlachtaint roimh an lá ceaptha.

(2) Má bhíonn oibrí i dteideal íocaíochta seachtainiúla mar chúiteamh faoi Acht 1934 i leith seachtaine a thosnaigh roimh an lá ceaptha agus a chríochnaigh an lá sin nó lá dá éis, ní bheidh feidhm ag an leasú a déantar le fo-alt (1) den alt seo maidir leis an oibrí go dtí go mbeidh an tseachtain sin caite.

Tionscnamh imeacht chun cúiteamh a ghnóthú faoi Acht 1934 i gcás neamarfach má bhíonn íocaíocht shaorálach á fáil ag oibrí.

7. —(1) Má bhíonn íocaíocht thréimhsiúil, a airbheartaíos a bheith mar chúiteamh faoi Acht 1934 i leith díobhála ó thionóisc (lena n-áirítear tionóisc a tharla tar éis tosach feidhme Achta 1934 agus roimh an lá ceaptha) a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, á híoc le hoibrí, ar shlí seachas faoi ordú ón gCúirt nó faoi chomhaontú íocaíochta seachtainiúla a cláraíodh go cuí faoi Chuid VI d'Acht 1934, féadfaidh an t-oibrí, d'ainneoin aon rialach dlí nó aon ní in Acht 1934, imeachta a thionscnamh chun cúiteamh faoi Acht 1934 a ghnóthú sa díobháil sin.

(2) Más rud é—

(a) go dtionscnóidh oibrí imeachta, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, chun cúiteamh a ghnóthú faoi Acht 1934 i ndíobháil, agus

(b) go gcinnfidh an Chúirt cúiteamh a dhámhachtain, agus

(c) gur tharla an tionóisc ba chúis leis an díobháil os cionn sé mhí roimh dháta éisteachta na n-imeacht.

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) má bhí an t-oibrí, ar dháta na tionóisce, faoi bhun bliana agus fiche d'aois, is cead an íocaíocht sheachtainiúil a bheith ar cóimhéid leis an tsuim (nach mó in aon chás ná caoga scilling sa tseachtain) dob indáfa dá mbeadh an t-oibrí, tráth na tionóisce, ag tuilleamh na suime seachtainiúla ba dhócha bheith á tuilleamh aige ar dháta éisteachta na n-imeacht dá mba nár tharla an díobháil dó;

(ii) má héilítear agus go gcruthófar go mbeadh meán-tuilleamh seachtainiúil an oibrí ar feadh an dá mhí dhéag roimh dháta éisteachta na n-imeacht, dá mba nár tharla an díobháil dó agus gur lean sé san aicme fhostaíochta ina raibh sé ar fostú ar dháta na tionóisce, tuilleadh agus fiche faoin gcéad níos mó nó níos lú, mar gheall ar athruithe sna rátaí luach saothair, ná a mheán-tuilleamh seachtainiúil ar feadh an dá mhí dhéag roimh an tionóisc, is é méid na híocaíochta seachtainiúla ná pé suim (nach mó in aon chás ná caoga scilling sa tseachtain) a bheadh inti dá mba iad na rátaí luach saothair a bhí ann sa dá mhí dhéag roimh dháta éisteachta na n-imeacht a bheadh ann sa dá mhí dhéag roimh an tionóisc;

(iii) má hiarrtar ina dhiaidh sin faoi alt 25 d'Acht 1934 an íocaíocht sheachtainiúil d'athbhreithniú, is tuigthe, chun críche fo-ailt (3) den alt sin 25, an íocaíocht sheachtainiúil, mar chinn an Chúirt í faoin bhfo-alt seo, a bheith athraithe trí athbhreithniú faoin alt sin 25.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

(4) Léireofar mar aon ní amháin an t-alt seo agus Acht 1934.

Orduithe áirithe a chúlghairm.

8. —Cúlghairmtear leis seo, amhail ar an lá ceaptha agus ón lá sin amach, an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 274), 1943 (R. & O. R., Uimh. 118 de 1943), agus an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 274), 1943 (Leasú), 1944 (R. & O. R., Uimh. 3 de 1944 ), ach an méid de na horduithe sin a bhaineas le liúntais fhorlíontacha leanfaidh sé i bhfeidhm maidir le hoibrí, atá i dteideal íocaíochta seachtainiúla mar chúiteamh faoi Achta 1897 agus 1900, faoi Acht 1906 nó faoi Acht 1934 i leith seachtaine a thosnaigh roimh an lá ceaptha agus a chríochnaigh an lá sin nó lá dá éis, go dtí go mbeidh an tseachtain sin caite.

Gearrtheideal agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre (Leasú), 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 agus 1948, a ghairm d'Acht 1934 agus den Acht seo le chéile.