Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

12 1949


Uimhir 12 de 1949.


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA n ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1945. [7ú Iúil, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

Acht 1927.

ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) ;

an Bord.

ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

fostaí coiteann.

ciallaíonn an abairt “fostaí coiteann” duine i bhfostaíocht an Bhoird nach lámh-oibrí agus nach corr-fhostaíocht a fhostaíocht;

scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna.

ciallaíonn an abairt “scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna” scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna faoi alt 4 d'Acht Aoisliúntais 1942;

lámh-oibrí.

tá leis an bhfocal “lámh-oibrí” an bhrí atá leis in Acht Aoisliúntais 1942;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

Acht Aoisliúntais 1942.

ciallaíonn an abairt “Acht Aoisliúntais 1942” Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942 (Uimh. 17 de 1942) ;

an Binse.

ciallaíonn an abairt “an Binse,” ach amháin in alt 15, an binse a bunófar de bhun fo-ailt (1) d'alt 3.

Rialacháin ghinearálta.

2. —(1) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh—

(a) chun aon chríche a bhaineas le giniúint, tiomarnú, imdháil nó úsáid leictreachais,

(b) chun aon chríche a bhaineas le comhlíonadh aon chinn dá gcumhachta dá ndualgais nó dá bhfeadhma ag an mBord.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Bord rialacháin faoin alt seo chun críocha seachas críocha a bhaineas go haonartha le nós imeachta, riaradh agus stiúrú inmheánach an Bhoird, cuirfid na rialacháin faoi bhráid an Aire chun a ndaingnithe agus air sin déanfaidh an tAire—

(a) na rialacháin a dhaingniú le hordú,

(b) na rialacháin a chur thar n-ais go dtí an Bord chun pé leasuithe a dhéanamh iontu is cuí leis an Aire, nó

(c) diúltú do na rialacháin a dhaingniú.

(3) Má cuirtear rialacháin thar n-ais chun an Bhoird faoi fho-alt (2) den alt seo, déanfaidh an Bord sna rialacháin na leasuithe a cheanglós an tAire, agus air sin bainfidh an fo-alt sin leis na rialacháin arna leasú amhail is dá mba rialacháin nua iad.

(4) Aon rialacháin lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, tiocfaid i ngníomh i gcás (agus sa chás sin amháin) iad a dhaingniú le hordú faoin alt seo agus, má daingnítear amhlaidh iad, is é lá a thiocfaid i ngniomh ná an lá a sonrófar chuige sin san ordú á ndaingniú.

(5) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil go scoirfidh aon fhoráil dá ndearnadh leis na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1882 go 1919, nó fúthu, d'éifeacht a bheith aici.

(6) Má sharaíonn duine aon fhoráil de rialacháin faoin alt seo, a ndeirtear gur foráil phionósach í, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(7) Aon rialacháin a rinne an Bord faoi alt 33 nó alt 34 (ailt a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1927 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta a rith áireofar iad mar rialacháin faoin alt seo agus leanfaid i bhfeidhm agus féadfar iad a leasú nó chúlghairm dá réir sin.

(8) Déanfar ordú faoin alt seo a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

An Binse a bhunú.

3. —(1) A luaithe is caothúil tar éis dáta an Achta seo a rith, cuirfidh an tAire faoi ndear binse a bhunú do réir an ailt seo chun na gcríocha a luaitear san Acht seo.

(2) Is iad a bheas ar an mBinse cathaoirleach agus beirt ghnáth-chomhaltaí a ceapfar do réir na bhforál seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) déanfaidh an Bord duine de ghnáth-chomhaltaí an Bhinse d'ainmniú agus a cheapadh;

(b) déanfaidh na daoine a bheas de thuras na huaire i bhfostaíocht an Bhoird, agus is oibrithe coiteanna, an duine eile de ghnáth-chomhaltaí an Bhinse d'ainmniú agus a cheapadh i pé slí a hordófar le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin alt seo;

(c) ceapfaidh an tAire cathaoirleach an Bhinse ar an mbeirt ghnáth-chomhaltaí dá chomhainmniú, ach má chuireann ceachtar de na comhaltaí sin nó iad araon in iúl don Aire nach féidir leo aontú ar chomhainmniú, déanfaidh an tAire an cathaoirleach d'ainmniú agus a cheapadh.

(3) Beidh gach comhalta den Bhinse, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as, i seilbh oifige mar chomhalta den tsórt sin go ceann cúig bliana ó dháta a cheaptha, ach féadfar é d'athcheapadh.

(4) Má bhíonn cathaoirleach an Bhinse neamhchumasach go sealadach, ar aon chúis, ar ghníomhú mar chathaoirleach, féadfaidh an tAire, ar chomhainmniú na beirte gnáth-chomhaltaí den Bhinse, duine eile a cheapadh chun gníomhú go sealadach mar chathaoirleach ar an mBinse faid a mhairfeas an neamhchumas sin ach, má chuireann ceachtar de na gnáth-chomhaltaí sin nó iad araon in iúl don Aire nach féidir leo aontú ar chomhainmniú, féadfaidh an tAire féin an duine d'ainmniú a bheas le ceapadh amhlaidh aige.

(5) Má bhíonn an gnáth-chomhalta den Bhinse a bheas ainmnithe agus ceaptha ag an mBord neamhchumasach go sealadach, ar aon chúis, ar ghníomhú mar chomhalta den Bhinse, ainmneoidh agus ceapfaidh an Bord duine eile chun gníomhú go sealadach mar chomhalta den Bhinse faid a mhairfeas an neamhchumas sin.

(6) Má bhíonn an gnáth-chomhalta den Bhinse a bheas ainmnithe agus ceaptha ag na daoine a bheas de thuras na huaire i bhfostaíocht an Bhoird, agus is oibrithe coiteanna, neamhchumasach go sealadach, ar aon chúis, ar ghníomhú mar chomhalta den Bhinse, déanfaidh na daoine sin duine eile d'ainmniú agus a cheapadh (i pé slí a hordófar le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin alt seo) chun gníomhú go sealadach mar chomhalta den Bhinse faid a mhairfeas an neamhchumas sin.

(7) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le pé duine nó daoine nó pé eagras nó eagrais a chífear dó a bheith ionadaitheach d'oibrithe coiteanna i bhfostaíocht an Bhoird, rialacháin a dhéanamh á ordú cad é an tslí ina n-ainmneoidh agus ina gceapfaidh na daoine a bheas de thuras na huaire i bhfostaíocht an Bhoird, agus is oibrithe coiteanna, an gnáth-chomhalta den Bhinse a bheas le hainmniú agus le ceapadh acu agus cad é an tslí ina n-ainmneoidh agus ina gceapfaidh na daoine sin duine chun gníomhú go sealadach mar chomhalta den Bhinse faid a bheas an gnáth-chomhalta sin neamhchumasach ar ghníomhú mar chomhalta den tsórt sin.

(8) Déanfaidh an Bord na caiteachais faoin Acht seo maidir leis an mBinse (lena n-áirítear táillí) d'íoc mar chuid de chaiteachais ghinearálta an Bhoird.

Nós imeachta an Bhinse.

4. —(1) Beidh cumhacht ag an mBinse chun gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—

(a) a nós imeachta féin a rialáil agus tráthanna agus áiteanna a suíonna a cheapadh;

(b) fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chuige sin daoine a chur faoi mhionn;

(c) a cheadú d'aon duine nó daoine bheith i láthair ag suíonna den Bhinse agus aon duine nó daoine d'eisiamh ó na suíonna sin.

(2) Mura féidir leis an mBinse breith d'aonghuth a thabhairt ar aon ní áirithe a tarchuirfear chucu faoin Acht seo, is amhlaidh a bheas breith an Bhinse—

(a) má bhíonn beirt dá gcomhaltaí ar aon aigne, do réir tuairime na beirte sin, nó

(b) mura mbíonn beirt dá gcomhaltaí ar aon aigne, do réir tuairime an chathaoirligh.

(3) Déanfar breith an Bhinse ar aon ní a tarchuirfear chucu faoin Acht seo a thabhairt i scríbhinn faoi láimh an chathaoirligh.

(4) Beidh na cumhachta, na cearta, agus na príbhléidí uile ag an mBinse, chun a thabhairt ar fhinnéithe teacht i láthair agus chun iad a cheistiú faoi mhionn agus chun a chur d'fhiacha doiciméid a thabhairt ar aird, atá dílsithe san Ard-Chúirt nó i mBreitheamh di maidir la caingean a thriail, agus beidh toghairm faoi láimh Chathaoirleach an Bhinse comhionann agus ar aon éifeacht le próis fhoirmiúil arna heisiúint ag an Ard-Chúirt chun a thabhairt ar fhinnéithe teacht i láthair nó chun a chur d'fhiacha doiciméid a thabhairt ar aird.

(5) Má mhainníonn duine ar bith, arna thoghairm go cuí faoin alt seo chun teacht mar fhinné i láthair an Bhinse, teacht i láthair amhlaidh, nó, ar bheith i láthair an Bhinse dhó mar fhinné, go ndiúltóidh mionn a thabhairt a cheanglós an cathaoirleach air a thabhairt nó go ndiúltóidh aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglós an cathaoirleach air a thabhairt ar aird nó go ndiúltóidh aon cheisteanna d'fhreagairt a cheanglós an cathaoirleach air d'fhreagairt, féadfaidh an cathaoirleach cion an duine sin a dheimhniú don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú a dhéanamh is cuí léi, an duine sin a phionósú, nó bearta a dhéanamh chun é a phionósú, amhail is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh na Cúirte sin.

Díospóidí a tharchur chun an Bhinse.

5. —(1) Gach díospóid a éireos idir an Bord agus gach duine nó aon duine de na hoibrithe coiteanna a bheas de thuras na huaire i bhfostaíocht an Bhoird agus a bhainfeas le fostaíocht na bhfostaithe sin (lena n-áirítear díospóidí a dearbhaítear leis an Acht seo a bheith intarchurtha chun an Bhinse) déanfar, ar an mBord nó an páirtí nó na páirtithe eile sa díospóid dá iarraidh sin, í a chur faoi bhráid an Bhinse agus cinnfidh an Binse í.

(2) Nuair a bheid ag cinneadh díospóide maidir le rátaí luach saothair agus uaireanta oibre nó ceachtar acu, bhéarfaidh an Binse aird ar phrionsabal bunaidh chlásál na páighe cothroime is gnáth a chur isteach i gconartha rialtais agus ar na himthosca agus na coinníollacha ginearálta a bhaineas le fostaíocht faoin mBord, ar a n-áirítear na buntáistí a ghabhas le fostaíocht rialta agus na sochair faoi na scéimeanna aoisliúntais faoi Acht Aoisliúntais 1942.

(3) Má tarchuirtear díospóid chun an Bhinse de bhun fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an Binse a iarraidh ar an gCúirt Oibreachais an díospóid d'fhiosrú agus air sin féadfaidh an Chúirt Oibreachais and díospóid d'fhiosrú, ach mura bhfaighe on Chúirt Oibreachais iarratas mar adúradh, ní fhiosróid díospóid lena mbaineann an t-alt seo.

(4) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difir d'fho-alt (6) d'alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1942 ( Uimh. 27 de 1942 ).

Díospóid i dtaobh cé acu is fostaí coiteann duine nó nach ea.

6. —Gach díospóid idir dhuine i bhfostaíocht an Bhoird agus an Bord i dtaobh cé acu is fostaí coiteann an duine sin nó nach ea, beidh sí intarchurtha chun an Bhinse, agus beidh breith an Bhinse ar an díospóid sin ina breith chríochnaitheach agus ina ceangal ar gach n-aon lena mbainfidh.

Coimriú ar fhorála áirithe a thabhairt d'fhostaí coiteann.

7. —Bhéarfaidh an Bord do gach duine dá bhfostaithe coiteanna coimriú i scríbhinn ar na forála d'Acht Aoisliúntais 1942 agus den Acht seo a bhaineas leis na nithe seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) leanúnachas seirbhíse leis an mBord a mhéid a bhaineas sin le fostaithe coiteanna,

(b) an éifeacht a bheas ag briseadh i seirbhís fhostaí choitinn,

(c) an Binse agus feadhma an Bhinse.

Dearbhú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil ar intinn ag an mBord liúntas forlíontach a dheonadh.

8. —(1) Duine lena mbaineann alt 14 nó 15 d'Acht Aoisliúntais 1942 agus nach raibh seasca bliain d'aois slán aige ar dháta an Achta sin a rith, féadfaidh sé a iarraidh ar an mBord, agus déanfaidh an Bord, ráiteas a thabhairt dó á dhearbhú cé acu atá nó nach bhfuil ar intinn ag an mBord, i gcás an duine sin do scor de bheith ar seirbhís ag an mBord in imthosca a bhéarfadh go mbeadh sé i dteideal pinsin faoi scéim aoisliúntais faoin Acht sin, liúntas forlíontach faoi fho-alt (2) den alt sin 14 nó 15 a dheonadh dhó agus d'íoc leis agus, má tá ar intinn acu an liúntas forlíontach sin a dheonadh dhó agus d'íoc leis, á dhearbhú cad é a mhéid.

(2) Má thugann an Bord ráiteas faoin alt seo á dhearbhú go bhfuil ar intinn acu, i gcás duine do scor de bheith ar seirbhís ag an mBord in imthosca a bhéarfadh go mbeadh sé i dteideal pinsin faoi scéim aoisliúntais faoi Acht Aoisliúntais 1942, liúntas forlíontach a dheonadh dhó agus d'íoc leis faoi fho-alt (2) d'alt 14 nó 15 den Acht sin, beidh de cheangal ar an mBord, má scoireann an duine sin mar adúradh, liúntas forlíontach a dheonadh dhó agus d'íoc leis faoin bhfo-alt sin nach lú méid ná mar dearbhaíodh sa ráiteas.

Aoisliúntas do dhaoine áirithe a bhí ar fostú ag comhluchta áitiúla.

9. —(1) San alt seo—

tá leis an abairt “comhlucht áitiúil” an bhrí atá léi i gCuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

tá leis an abairt “gnóthaire údaraithe” agus leis an bhfocal “gnóthas” na bríonna faoi seach atá leo in Acht 1927;

ciallaíonn an abairt “sean-ghnóthaire” comhlucht áitiúil ba ghnóthaire údaraithe ar thóg an Bord a ghnóthas faoi Acht 1927;

ciallaíonn an abairt “an scéim aoisliúntais iomchuí,” maidir le duine lena mbaineann an t-alt seo, an scéim aoisliúntais faoi Acht Aoisliúntais 1942 a bhainfeadh leis mura mbeadh forála fo-ailt (7) den alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le gach duine—

(a) a bhí i bhfostaíocht shean-ghnóthaire agus nach raibh aon chearta aoisliúntais aige dob inchurtha i leith a sheirbhíse leis an ngnóthaire sin,

(b) a tháinig, ar an mBord do thógaint gnóthais an tseanghnóthaire sin, chun bheith ina sheirbhíseach don Bhord de bhuaidh ailt 39 d'Acht 1927, agus

(c) atá, ar dháta an Achta seo a rith, ar fostú go leanúnach ag an mBord.

(3) Féadfaidh duine ar bith lena mbaineann an t-alt seo, trí iarratas i scríbhinn arna dhéanamh chun an Bhoird tráth nach déanaí ná mí tar éis dáta an Achta seo a rith, glacadh de roghain na sochair aoisliúntais d'fháil a bheadh sé i dteideal d'fháil faoin scéim aoisliúntais iomchuí dá mbaineadh an scéim sin leis.

(4) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach duine lena mbaineann an t-alt seo agus a dhéanfas, laistigh den tréimhse a teorannaítear le fo-alt (3) den alt seo, an t-iarratas a luaitear sa bhfo-alt sin:

(a) beidh an duine sin (ach amháin i gcás é d'fhágaint seirbhíse an Bhoird in imthosca a bhéarfadh go mbeadh feidhm ag Acht na nUdarás Áitiúla (Fostaithe Leictriúla), 1937 (Uimh. 13 de 1937) , maidir leis) i dteideal na sochair aoisliúntais (más ann) d'fháil ón mBord a bheadh sé i dteideal d'fháil faoin scéim aoisliúntais iomchuí dá mbaineadh an scéim sin leis,

(b) chun críocha na sochar aoisliúntais a mbeidh teideal aige chucu faoi mhír (a) den fho-alt seo, déanfar luach saothair agus seirbhís an duine sin a ríomh do réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo,

(c) beidh feidhm ag na forála atá i míreanna (d), (e), agus (f) d'fho-alt (3) agus i bhfo-alt (6) d'alt 13 d'Acht Aoisliúntais 1942 amhail is dá n-achtaítí arís anseo iad maidir leis an duine sin.

(5) I gcás duine lena mbaineann an t-alt seo, agus nach ndearna laistigh den tréimhse a teorannaítear le fo-alt (3) den alt seo an t-iarratas a luaitear sa bhfo-alt sin, d'fhágaint seirbhíse an Bhoird ar shlí seachas—

(a) toisc é a scaoileadh de dheasca mí-iompair,

(b) toisc é d'éirí as fostaíocht gan toiliú an Bhoird, nó

(c) in imthosca a bhéarfadh go mbeadh feidhm ag Acht na nUdarás Áitiúla (Fostaithe Leictriúla), 1937 (Uimh. 13 de 1937) , maidir leis,

íocfaidh an Bord leis liúntais saoil, nach mó ná dhá dtrian dá luach saothair, arna ríomh do réir an seascadú cuid dá luach saothair in aghaidh gach bliana dá sheirbhís.

(6) Chun críocha pé fo-ailt a bhaineas leis den dá fho-alt deiridh roimhe seo—

(a) is tuigthe gurb é is luach saothair dhuine lena mbaineann an t-alt seo ná an meán-luach saothair bliantúil d'íoc an Bord leis i rith na dtrí bliana dar críoch an lá a fhágfas sé a seirbhís,

(b) is tuigthe gurb é is seirbhís dhuine lena mbaineann an t-alt seo ná comhshuim—

(i) a sheirbhíse i bhfostaíocht an tsean-ghnóthaire,

(ii) a sheirbhíse leanúnaí (roimh an Acht seo a rith agus dá éis sin) i bhfostaíocht an Bhoird.

(7) Ní bheidh feidhm ag aon scéim aoisliúntais faoi Acht Aoisliúntais 1942 maidir le haon duine lena mbaineann an t-alt seo ná ní chuirfidh ar a chumas sochair aoisliúntais faoin scéim sin d'fháil agus má d'íoc aon duine den tsórt sin, nó má d'íoc an Bord i leith aon duine den tsórt sin, aon ranníoca, roimh dháta an Achta seo a rith, leis an gciste a bunaíodh chun críocha scéime aoisliúntais faoi Acht Aoisliúntais 1942, aisíocfar na ranníoca.

(8) Má bhíonn duine i dteideal liúntais faoin alt seo ón mBord, ní bheidh sé i dteideal aon tsochar aoisliúntais ná liúntas eile uathu agus, go háirithe, ní bheidh feidhm ag alt 15 d'Acht Aoisliúntais 1942 maidir leis.

(9) Déanfaidh an Bord na caiteachais go léir faoina raghaidh an Bord faoin alt seo d'íoc mar chuid dá gcaiteachais ghinearálta.

Aoisliúntas do dhaoine áirithe a bhí ar fostú i stáisiún giniúna Bhothar Thigh Mhic Coluim nuair a dúnadh é.

10. —(1) Baineann an t-alt seo le gach duine—

(a) a chaill a fhostaíocht de dheasca stáisiún giniúna Bhóthar Thigh Mhic Coluim, Baile Atha Cliath, a dhúnadh sa bhliain 1930,

(b)     (i) a ndearnadh, faoin gCéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1927, deontas a dhámhachtain dó toisc é do chailliúint fostaíochta amhlaidh, nó

(ii) a ndéanfaí, faoin gCéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1927, deontas a dhámhachtain dó toisc é do chailliúint fostaíochta amhlaidh dá mba thagairt do thréimhse nach sia ná cúig bliana an tagairt i mír 1 den Sceideal sin do thréimhse nach giorra ná dhá bhliain ná nach sia ná cúig bliana, agus

(c) atá, ar dháta an Achta seo a rith, ar fostú go leanúnach ag an mBord.

(2) San alt seo ciallaíonn an abairt “scéim aoisliúntais iomchuí,” maidir le duine lena mbaineann an t-alt seo, an scéim aoisliúntais faoi Acht Aoisliúntais, 1942, a bhainfeadh leis mura mbeadh forála fo-ailt (7) den alt seo.

(3) Féadfaidh duine ar bith lena mbaineann an t-alt seo, trí iarratas i scríbhinn arna dhéanamh chun an Bhoird tráth nach déanaí ná mí tar éis dáta an Achta seo a rith, glacadh de roghain na sochair aoisliúntais d'fháil ón mBord a bheadh sé i dteideal d'fháil faoin scéim aoisliúntais iomchuí dá mbaineadh an scéim sin leis.

(4) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach duine lena mbaineann an t-alt seo agus a dhéanfas, laistigh den tréimhse a teorannaítear le fo-alt (3) den alt seo, an t-iarratas a luaitear sa bhfo-alt sin:

(a) beidh an duine sin i dteideal na sochair aoisliúntais d'fháil ón mBord a bheadh sé i dteideal d'fháil faoin scéim aoisliúntais iomchuí dá mbaineadh an scéim sin leis;

(b) chun críocha na sochar aoisliúntais a mbeidh teideal aige chucu faoi mhír (a) den fho-alt seo, déanfar luach saothair agus seirbhís an duine sin a ríomh do réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo;

(c) beidh feidhm ag na forála atá i míreanna (d), (e), agus (f) d'fho-alt (3) agus i bhfo-alt (6) d'alt 13 d'Acht Aoisliúntais 1942 amhail is dá n-achtaítí arís anseo iad maidir leis an duine sin.

(5) I gcás duine lena mbaineann an t-alt seo, agus nach ndearna laistigh den tréimhse a teorannaítear le fo-alt (3) den alt seo an t-iarratas a luaitear sa bhfo-alt sin, d'fhágaint seirbhíse an Bhoird ar shlí seachas toisc é a scaoileadh de dheasca mí-iompair nó toisc é d'éirí as fostaíocht gan toiliú an Bhoird, íocfaidh an Bord leis liúntas saoil, nach mó ná dhá dtrian dá luach saothair, arna ríomh do réir an seascadú cuid dá luach saothair in aghaidh gach bliana dá sheirbhís.

(6) Chun críche pé fo-ailt a bhaineas leis den dá fho-alt deiridh roimhe seo—

(a) is tuigthe gurb é is luach saothair dhuine lena mbaineann an t-alt seo ná an meán-luach saothair bliantúil d'íoc an Bord leis i rith na dtrí bliana dar críoch an lá a fhágfas sé a seirbhís,

(b) is tuigthe gurb é is seirbhís dhuine lena mbaineann an t-alt seo ná a sheirbhís leanúnach (roimh an Acht seo a rith agus dá éis sin) i bhfostaíocht an Bhoird i ndiaidh é a theacht isteach sa bhfostaíocht sin tar éis deontas a dhámhachtain dó faoin gCéad Sceideal a gahbhas le hAcht 1927.

(7) Ní bheidh feidhm ag aon scéim aoisliúntais faoi Acht Aoisliúntais 1942 maidir le haon duine lena mbaineann an t-alt seo ná ní chuirfidh ar a chumas sochair aoisliúntais faoin scéim sin d'fháil, agus má d'íoc aon duine den tsórt sin, nó má d'íoc an Bord i leith aon duine den tsórt sin, aon ranníoca, roimh dháta an Achta seo a rith, leis an gciste a bunaíodh chun críocha scéime aoisliúntais faoi Acht Aoisliúntais 1942, aisíocfar na ranníoca.

(8) Má bhíonn duine i dteideal liúntais faoin alt seo ón mBord, ní bheidh sé i dteideal aon tsochar aoisliúntais ná liúntas eile uathu.

(9) Déanfaidh an Bord na caiteachais go léir faoina raghaidh an Bord faoin alt seo d'íoc mar chuid dá gcaiteachais ghinearálta.

Liúntas do dhaoine áirithe a bhí ar fostú ag Cuideachta Thrambhealach Aontaithe Bhaile Atha Cliath (1896) Teoranta.

11. —Más rud é—

(a) ar dháta an Achta seo a rith, go bhfuil duine ar fostú go leanúnach ag an mBord agus é ag íoc ranníoc agus é i dteideal sochar aoisliúntais faoi scéim aoisliúntais faoi Acht Aoisliúntais 1942, agus

(b) go raibh sé ar fostú i ndáil le giniúint nó imdháil leictreachais ag Cuideachta Thrambhealach Aontaithe Bhaile Atha Cliath (1896) Teoranta,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(i) beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 15 d'Acht Aoisliúntais 1942 maidir leis an duine sin faoi réir an mhodhnuithe go ndéanfar an tagairt sa bhfo-alt sin (3) do sheirbhís iarbhír sa ghnóthas as a ndearnadh an t-aistriú chun an Bhoird a léiriú mar thagairt do sheirbhís i bhfostaíocht Chuideachta Thrambhealach Aontaithe Bhaile Atha Cliath (1896) Teoranta,

(ii) chun críocha ailt 8 den Acht seo, áireofar an duine sin mar dhuine lena mbaineann alt 15 d'Acht Aoisliúntais 1942.

Deireadh le forála áirithe i scéim aoisliúntais na lámh-oibrithe.

12. —(1) Scoirfidh na forála (seachas na forála eiscithe) atá i scéim aoisliúntais na lámh-oibrithe, de bhun fo-ailt (3) d'alt 7 d'Acht Aoisliúntais 1942, d'éifeacht a bheith acu.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ciallaíonn an abairt ‘na forála eiscithe’ na forála seo a leanas atá i scéim aoisliúntais na lámhoibrithe, de bhun fo-ailt (3) d'alt 7 d'Acht Aoisliúntais 1942, is é sin le rá:—

(a) an fhoráil gurb é amháin a cháileos, nó a bheas ináirithe, le haghaidh sochar aoisliúntais faoin scéim seirbhís leanúnach i bhfostaíocht an Bhoird ag críochnú ar dháta an scortha de bheith ar fostú toisc aoise nó easláinte,

(b) an fhoráil go ndéanfar, le linn seirbhís leanúnach i bhfostaíocht an Bhoird d'áireamh i gcás aon lámhoibrí, aon tréimhse sheirbhíse ag an oibrí i bhfostaíocht an Bhoird roimh bhriseadh, tar éis Acht Aoisliúntais 1942 a rith, sa tseirbhís sin, a chur san áireamh i gcás (agus sa chás sin amháin) na ranníoca a bheas íoctha ag an oibrí leis an gciste a bunaíodh chun críocha na scéime i leith na tréimhse seirbhíse sin d'fhanúint sa chiste sin nó, má bhíonn suim i leith na ranníoc sin nó i leith na ranníoc sin agus ús orthu aisíoctha leis an oibrí, an tsuim sin d'aisíoc leis an gciste sin, le hús nó gan ús,

(c) an fhoráil ina bhfuil an teora sháraitheach nach n-áireofar ach an tseirbhís sin roimh an mbriseadh sin dob ináirithe amhlaidh dá mba nár tharla an briseadh sin.

Alt 2 d'Acht Aoisliúntais 1942 a leasú.

13. —Déantar leis seo alt 2 d'Acht Aoisliúntais 1942 (alt a bhaíneas le sochair aoisliúntais d'íoc le comhaltaí den Bhord) a leasú trí na focail “tréimhse leanúnach nach 1ú ná deich mbliana de chomhaltas lán-aimsire sa Bhord nó tar éis” a chur isteach i bhfo-alt (1) roimh na focail “dhá thréimhse nó níos mó”.

Alt 8 d'Acht Aoisliúntais 1942 a leasú.

14. —Déantar leis seo alt 8 d'Acht Aoisliúntais 1942 (alt a dhéanas forála airgeadais áirithe maidir le scéimeanna aoisliúntais) a leasú trí na focail “faoi réir an tsriain nach raghaidh sé thar ceathair faoin gcéad sa bhliain” a chur i mír (b) d'fho-alt (3) in ionad na bhfocal “le toiliú an Aire Airgeadais”.

Alt 11 d'Acht Aoisliúntais 1942 a leasú.

15. —Déantar leis seo alt 11 d'Acht Aoisliúntais 1942 (alt a bhaineas le díospóidí a tharchur chun an Bhinse a bunaíodh de bhun an Achta sin) a leasú mar leanas:

(a) trí na focail “agus a mbeidh baint aige le fostaíocht na n-oibrithe sin” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh na bhfocal “ar fostú ag an mBord”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

“(3) Gach díospóid a éireos idir an Bord agus gach duine nó aon duine a bheas de thuras na huaire i bhfostaíocht an Bhoird agus a bheas ar fostú i gcorrfhostaíocht agus is díospóid a bhaineas le fostaíocht na ndaoine sin, déanfar, ar an mBord nó an páirtí nó na páirtithe eile sa díospóid dá iarraidh sin, í a tharchur chun an Bhinse agus cinnfidh an Binse í.”

Alt 38 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 , a leasú.

16. —Déantar leis seo alt 38 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ) (alt a dhéanas socrú chun an tAire Airgeadais do thabhairt airleacan don Bhord chun críocha ginearálta) a leasú trí na focail “fiche agus trí milliún, cúig chéad míle punt” a chur i bhfo-alt (2) in ionad na bhfocal “seacht milliún agus cúig chéad míle punt.”

Athghairm.

17. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

18. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1949, a ghairm de na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1945, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1945.