17 1949


Uimhir 17 de 1949.


ACHT NA nÚDARÁS ÁITIÚLA (OIBREACHA), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ d'ÚDARÁIS ÁITIÚLA ÁIRITHE OIBREACHA A DHÉANAMH CHUN FAOISEAMH NÓ CAOMHNA A THABHAIRT MAIDIR LE TUILIÚ, SLEAMHNÚ TALÚN, ÍSLIÚ TALÚN AGUS TEAGMHAIS DÁ SAMHAIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [20ú Iúil, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

déanmhas buan.

folaíonn an abairt “déanmhas buan” bóithre, droichid, tithe, foirgintí, ballaí, agus cladhphoirt;

bóthar.

ciallaíonn an focal “bóthar” aon bhóthar, poiblí nó príobháideach, agus folaíonn sé aon droichead, píopa, áirse, líntéar, cosán, pábháil, fál, ráille nó balla is cuid den chéanna;

uisce-chúrsa.

folaíonn an focal “uisce-chúrsa” aibhneacha, srutháin, agus uisce-chúrsaí aiceanta eile, agus fós canála, silteáin, agus uiscechúrsaí saorga eile.

An t-údarás áitiúil do dhéanamh oibreacha.

2. —(1) Baineann an t-alt seo leis na húdaráis áitiúla seo a leanas:

(a) bardas contae-bhuirge nó buirge eile,

(b) comhairle chontae nó cheantair uirbigh.

(2) Más é tuairim údaráis áitiúil lena mbaineann an t-alt seo—

(a) i dtaobh aon talún is leo, nó

(b) i dtaobh aon déanmhais bhuain a thógadar nó a ceangaltar orthu le dlí a chothabháil,

go ndearnadh nó gur dóigh go ndéanfar damáiste dó ó thuiliú, sleamhnú talún, ísliú talún, nó teagmhas eile dá samhail sin, féadfaidh an t-údarás áitiúil pé oibreacha a dhéanamh a mheasfaid a bheith réasúnach chun faoiseamh nó caomhna a thabhairt ón damáiste.

(3) Más é tuairim údaráis áitiúil lena mbaineann an t-alt seo—

(a) i dtaobh aon talún ina líomatáiste feidhme, nach talamh is leo, nó

(b) i dtaobh aon déanmhais bhuain ina líomatáiste feidhme, nach déanmhas buan a thógadar nó a ceangaltar orthu le dlí a chothabháil,

go ndearnadh nó gur dóigh go ndéanfar damáiste dó ó thuiliú, sleamhnú talún, ísliú talún nó teagmhas eile dá samhail sin agus gurb é leas an phobail é faoiseamh nó caomhna a thabhairt ón damáiste, féadfaidh an t-údarás áitiúil pé oibreacha a dhéanamh a mheasfaid a bheith réasúnach chun an faoiseamh nó an caomhna sin a thabhairt.

(4) Ar na hoibreacha dá dtagartar i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo áirítear, go sonrach—

(a) silteáin a dhéanamh,

(b) substaintí nó nithe a dhéanas bacainn in uisce-chúrsaí a thógáil astu,

(c) uisce-chúrsaí a leathnú nó a dhoimhniú,

(d) ballaí nó cladhphoirt a dhéanamh nó a dheisiú,

(e) uisce a shraonadh isteach in uisce-chúrsaí.

(5) Nuair a tógfar aon tsubstaint nó ní as uisce-chúrsa faoin alt seo, féadfar é a leagadh ar thalamh le hais an uisce-chúrsa nó féadfaidh an t-údarás áitiúil é a thabhairt chun bealaigh, é d'úsáid nó é a dhiúscairt ar shlí eile mar is oiriúnach leo.

An t-údarás áitiúil a bheith neamhchumasach nó neamhthoilteanach ar oibreacha a dhéanamh, etc.

3. —(1) Más deimhin leis an Aire—

(a) gur cóir d'údarás áitiúil oibreacha áirithe a dhéanamh de bhun an Achta seo, agus

(b) go bhfuil an t-údarás áitiúil neamhchumasach nó neamhthoilteanach ar na hoibreacha sin a dhéanamh, agus

(c) go bhfuil sé riachtanach na hoibreacha sin a dhéanamh ar mhaithe le héifeachtúlacht oibreacha eile a bhfuil aon údarás áitiúil nó údaráis áitiúla eile cumasach agus toilteanach ar iad a dhéanamh de bhun an Acht seo,

féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil céad-luaite, a údarú le hordú don údarás áitiúil eile nó do cheann de na húdaráis áitiúla eile (mar is iomchuí) na hoibreacha céadluaite a dhéanamh thar ceann an údaráis áitiúil chéad-luaite, agus air sin féadfaidh an t-údarás áitiúil a bheas údaraithe amhlaidh na hoibreacha sin a dhéanamh amhlaidh.

(2) Más rud é—

(a) gur dóigh le húdarás áitiúil gur cóir dóibh oibreacha áirithe a dhéanamh de bhun an Achta seo, ach gur caothúla údarás áitiúil eile do dhéanamh na n-oibreacha sin, agus

(b) go bhfuil an t-údarás áitiúil eile cumasach agus toilteanach ar na hoibreacha sin a dhéanamh,

féadfaidh an t-údarás áitiúil céad-luaite agus an t-údarás áitiúil eile comhaontú a dhéanamh chun an t-údarás áitiúil eile do dhéanamh na n-oibreacha sin thar ceann an údaráis áitiúil chéad-luaite, agus air sin, ach tar éis an comhaontú a chur in iúl don Aire, féadfaidh an t-údarás áitiúil eile na hoibreacha sin a dhéanamh amhlaidh.

Cumhacht chun dul isteach ar thalamh.

4. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil a bheas ag déanamh oibreacha de bhun an Achta seo nó de bhun orduithe nó comhaontuithe arna dhéanamh faoi, nó féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire don údarás sin, faoi réir forál an ailt seo, dul isteach ar aon talamh chun na hoibreacha a dhéanamh.

(2) Sar a raghaid isteach ar thalamh faoin alt seo chun críche seachas chun oibreacha práinne a dhéanamh, déanfaidh údarás áitiúil a bheas ag déanamh oibreacha de bhun an Achta seo, nó de bhun orduithe nó comhaontuithe arna dhéanamh faoi, toiliú an áititheora (i gcás talún áitithe), nó an únaera (i gcás talún neamh-áitithe), d'fháil, nó fógra cheithre lá dhéag ar a laghad a thabhairt i scríbhinn go bhfuil ar intinn acu dul isteach ar an talamh amhlaidh.

(3) Féadfar an fógra dá dtagatar i bhfo-alt (2) den alt seo a thabhairt do dhuine in aon tslí acu seo a leanas:—

(a) trína sheachadadh don duine sin,

(b) trína fhágaint ag an seoladh mar a mbíonn gnáthchónaí ar an duine sin,

(c) trína sheoladh leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chun an duine sin faoi sheoladh na háite a mbíonn gnáth-chónaí air, nó

(d) trína phostáil ag an talamh nó in aice na talún a bheas i gceist.

(4) Aon duine dar tugadh faoin alt seo fógra go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar thalamh, féadfaidh sé, cheithre lá dhéag ar a dhéanaí i ndiaidh an fógra sin a thabhairt, iarratas a dhéanamh chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúthaigh ina bhfuil, an talamh sin, ach é dá fhógairt sin don údarás áitiúil ar tugadh an fógra sin uathu nó thar a gceann, ag iarraidh orduithe chun an dul isteach sin ar an talamh sin a thoirmeasc, agus, ar an iarratas sin d'éisteacht, féadfaidh an breitheamh sin, más cuí leis, an dul isteach sin ar an talamh sin a thoirmeasc go hiomlán nó coinníollacha a shonrú a bheas le comhlíonadh ag an duine a dhéanfas an dul isteach sin.

(5) Má dhéanann breitheamh den Chúirt Dúiche dul isteach a beartófar a dhéanamh ar thalamh a thoirmeasc faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo ní dleathach d'aon duine dul isteach ar an talamh sin faoin alt seo, agus má dhéanann breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a shonrú faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo a bheas le comhlíonadh ag daoine a bheas ag dul isteach ar thalamh faoin alt seo, chomlíonfaidh gach duine a raghas isteach amhlaidh ar an talamh sin na coinníollacha a sonrófar amhlaidh.

(6) San alt seo ciallaíonn an abairt “oibreacha práinne” oibreacha ar dóigh leis an údarás áitiúil a bheas ag déanamh na n-oibreacha go bhfuil sé riachtanach iad a dhéanamh láithreach chun nach mbainfeadh díobháil mhór d'aon duine, d'aon talamh nó d'aon déanmhas buan.

(7) Duine ar bith a dhéanfas bacainn nó cur isteach ar fheidhmiú na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo, agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Cúiteamh.

5. —(1) Aon duine dá mbainfidh damáiste mar gheall ar aon chur isteach, a thiocfas d'oibreacha a dhéanamh de bhun an Achta seo nó de bhun orduithe nó comhaontuithe arna dhéanamh faoi, ar aon talamh atá ar únaeracht nó á áitiú aige nó ar aon éasúint, profit-a-prendre, nó aon cheart eile atá aige, beidh sé, faoi réir forál an Achta seo, i dteideal cúiteamh d'íoc leis i leith an damáiste sin ón údarás áitiúil a rinne na hoibreacha nó má rinne an t-údarás áitiúil na hoibreacha thar ceann údaráis áitiúil eile de bhun comhaontuithe arna dhéanamh faoin Acht seo, ón údarás áitiúil eile sin.

(2) Ní foláir gach éileamh ar chúiteamh faoin alt seo a dhéanamh i scríbhinn chun an údaráis áitiúil a bheas i gceist roimh dheireadh na tréimhse a thosnós ar dháta tosnuithe na n-oibreacha dá dtáinig an cur isteach lena mbaineann an t-éileamh agus a chríochnós dhá bhliain ina dhiaidh sin nó bliain amháin tar éis na hoibreacha sin a chríochnú (pé acu sin is déanaí).

(3) D'éagmais comhaontuithe ar mhéid aon chúitimh is iníoctha ag údarás áitiúil faoin alt seo, cinnfidh an Chúirt Dúiche a mhéid mura mó ná fiche punt an tsuim a héileofar, nó, in aon chás eile, cinnfear é trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) amhail is dá mba é a bhí sa chúiteamh an praghas ar thalamh a tógadh go héigeantach, agus beidh dlínse ag an gcúirt nó ag an eadránaí, pé acu é, chun a chinneadh an bhfuil aon chúiteamh iníoctha i gcúrsaí an cháis.

(4) Nuair a beifear ag cinneadh cúitimh faoin alt seo bhéarfar aird ar aon chosaint nó tairbhe a bheas ag sroicheadh don éilitheoir de chionn na hoibreacha a dhéanamh a mbaineann an t-éileamh leo.

(5) Nuair a bheas breitheamh den Chúirt Dúiche ag déanamh orduithe faoin alt seo, féadfaidh sé, faoina rogha, a ordú na costais, go dtí trí ghiní ar a mhéid, faoina raghaidh aon pháirtí sna himeachta maidir leis na himeachta (maille le pé caiteachais finnéithe is réasúnach leis an mbreitheamh) a bheith le n-íoc ag aon pháirtí eile sna himeachta.

(6) Más rud é, i gcás iarratais chun na Cúirte Dúiche chun an cúiteamh a chinneadh a bheas le n-íoc ag údarás áitiúil faoin alt seo, nach mó an cúiteamh a chinnfeas an Chúirt ná an cúiteamh a thairg an t-údarás áitiúil go neamhchoinníollach sar a ndearnadh an t-iarratas, féadfaidh an Chúirt a ordú na costais sin agus na caiteachais finnéithe sin, de chuid an údaráis áitiúil, is réasúnach leis an gCúirt, a bhaint den chúiteamh a chinnfeas an Chúirt.

(7) An dlínse a bheirtear leis an alt seo don Chúirt Dúiche, feidhmeofar í ag an mbreitheamh ar laistigh dá dhúthaigh a rinneadh na hoibreacha nó aon chuid díobh, nó ag an mbreitheamh ar laistigh dá dhúthaigh a tharla an cur isteach nó aon chuid den chur isteach, pé acu sin is rogha leis an eilitheoir.

Caomhaint Iascaigh.

6. —(1) Ní bheidh d'oblagáid ar údarás áitiúil nuair a bheid ag déanamh oibreacha de bhun an Achta seo, nó de bhun orduithe nó comhaontuithe arna dhéanamh faoi, na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, a chomhlíonadh.

(2) D'ainneoin na díolúine a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo, nuair a bheas údarás áitiúil ag déanamh oibreacha de bhun an Achta seo, nó de bhun orduithe nó comhaontuithe arna dhéanamh faoi, glacfaid pé forchúraim agus déanfaid pé socruithe chun iascach a chaomhaint a chomhairleos an tAire Talmhaíochta dóibh go ginearálta nó i gcásanna áirithe.

Gearrtheideal.

7. —Féadfar Acht na nUdarás Áitiúla (Oibreacha), 1949 , a ghairm den Acht seo.