25 1949


Uimhir 25 de 1949.


AN tACHT UM MÍNTÍRIÚ TALÚN, 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE TALMHAÍOCHTA MÍNTÍRIÚ TALÚN, SILTEAN TALÚN AGUS OIBREACHA EILE A DHÉANAMH CHUN GABHÁLTAIS TALMHAÍOCHTA D'FHEABHSÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN NA hÁITITHEOIRÍ D'ÍOC RANNÍOCA I LEITH COSTAIS NA nOIBREACHA SIN AGUS I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [30ú Iúil, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

Coimisiún na Talún.

ciallaíonn “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

an tAire.

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ordú.

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacha faoi mhír 6;

blianacht cheannaigh.

ciallaíonn “blianacht cheannaigh” íocaíocht bhliantúil le Coimisiún na Talún faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh, seachas cíos faoi chomhaontú sealadach;

comhaontú.sealadach.

ciallaíonn “comhaontú sealadach” ligean mar áis sealadach, mar riachtanas sealadach nó mar inghealtas sealadach nó comhaontú innír, conacra, nó féaraigh;

oibreacha.

tagrann “oibreacha” do na nithe seo a leanas nó d'aon ní acu:

(a) siltean talún;

(b) míntíriú talún;

(c) uisce-chúrsaí a dhéanamh agus d'fheabhsú;

(d) fálta neamh-riachtanacha a dhíláithriú;

(e) fálta nua a thógáil agus fálta atá ann cheana d'fheabhsú;

(f) inníor cnoic d'fheabhsú;

(g) talamh seiscinn ag inbhir agus talamh chalaidh a mhíntíriú;

(h) aon oibríochta a ghabhas leo sin adúradh.

Cumhacht an Aire chun oibreacha a dhéanamh agus ranníoc an áititheora i leith an chostais.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, ar áititheoir talún dá iarraidh sin, oibreacha a dhéanamh ar an talamh agus gach ní a dhéanamh is gá chuige sin.

(2) Aon uair a bheartós an tAire oibreacha a dhéanamh ar aon talamh, cuirfidh sé in iúl don áititheoir cineál agus réim na n-oibreacha atá beartaithe agus méid an ranníoca a bheas le déanamh ag an áititheoir i leith costais a ndéanta.

(3) Má ghlacann áititheoir talún le tairiscint an Aire, bhéarfaidh an tAire fógra láithreach do Choimisiún na Talún sa bhfoirm ordaithe, agus déanfaidh Coimisiún na Talún, ach amháin i gcás talún neamhchláraithe faoi bhlianacht cheannaigh nó talún a bheas á sealbhú faoi chomhaontú sealadach le Coimisiún na Talún, nó talún arb é Coimisiún na Talún a húnaer cláraithe, an fógra a chur chun a chláruithe go dtí Clarlann na Talún nó Clarlann na nDintiúirí (pé acu is cuí), agus ní héileofar aon táille ná íocaíocht eile i leith an chláruithe.

(4) (a) Mura gcuire an t-áititheoir in iúl don Aire, ag glacadh le tairiscint an Aire dhó, gur ina bhlianacht is mian leis a ranníoc d'íoc, tiocfaidh an ranníoc chun bheith dlite agus iníoctha leis an Aire ón té is áititheoir de thuras na huaire ar an dáta a ndeimhneoidh an tAire go bhfuil na hoibreacha críochnaithe.

(b) Mura n-íoctar an ranníoc laistigh de thrí mhí tar éis é a theacht chun bheith dlite agus iníoctha, bhéarfaidh an tAire fógra do Choimisiún na Talún i dtaobh na mainneachtana.

Ranníoc an áititheora d'íoc ina bhlianacht.

3. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás—

(a) ina gcuirfidh an t-áititheoir in iúl don Aire, ag glacadh le tairiscint an Aire dhó, gur ina bhlianacht is mian leis a ranníoc d'íoc, nó

(b) ina dtarlóidh mainneachtaint faoi fho-alt (4) d'alt 2.

(2) In aon chás lena mbaineann an t-alt seo, muirearóidh Coimisiún na Talún ranníoc an áititheora sa tslí ordaithe ar gach leas (lena n-áirítear feo simplí) sa talamh ar comhaontaíodh na hoibreacha a dhéanamh air agus i ngach talamh a sealbhófar ina teannta leis an tionacht chéanna nó faoin tionóntacht chéanna, agus beidh éifeacht ag an muirearú sin amhail ar an dáta agus ón dáta a ndeimhneoidh an tAire go bhfuil na hoibreacha críochnaithe, agus urscaoilfear é trí bhlianacht (dá ngairmtear blianacht mhíntírithe san Acht seo) a bheas iníoctha ar na laethe gála ordaithe agus a ríomhfar do réir ceathair faoin gcéad sa bhliain.

(3) Beidh tosaíocht ag an muirear a bunófar faoin alt seo ar gach muirear agus eire, reachtúil nó eile, ach amháin suimeanna is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó le Coimisiún na Talún.

(4) I gcás talamh ar a muirearófar blianacht mhíntírithe a bheith, nó a theacht, faoi bhlianacht cheannaigh, beidh an dá bhlianacht, ar feadh na tréimhse ordaithe, ar comhdhlúthú i dtreo gurb aon bhlianacht cheannaigh amháin iad.

(5) Chun amhrais a sheachaint, dearbhaítear leis seo nach mbeidh blianacht mhíntirithe, ná an chuid de bhlianacht chomhdhlúite a ionadaíos blianacht mhíntírithe, inathscrúduithe faoi Chuid III den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933) .

(6) Aon talamh a bheas faoin muirear a bunófar faoin alt seo agus a bheas á díol nó á dílsiú ag Coimisiún na Talún faoi aon chumhacht reachtúil, díolfar nó dílseofar í faoi réir an mhuirir.

(7) I ngach cás lena mbaineann an t-alt seo, déanfaidh Coimisiún na Talún, ach amháin i gcás talún neamhchláraithe faoi bhlianacht cheannaigh nó talún a sealbhófar faoi chomhaontú sealadach le Coimisiún na Talún, nó talún arb é Coimisiún na Talún a húnaer cláraithe, sonraí an mhuirir a chur chun a gcláruithe go dtí Clarlann na Talún nó Clarlann na nDintiúirí (pé acu is cuí) agus ní héileofar aon táille ná íocaíocht eile i leith an chláruithe.

(8) Aon deimhniú a airbheartós bheith faoi chomhshéala Choimisiún na Talún, is fianaise é go ndearnadh an talamh a tuairiscítear ann a mhuirearú go cuí faoin alt seo do réir téarmaí an deimhnithe.

Forála maidir le blianachta.

4. —(1) Beidh ag Coimisiún na Talún na cearta agus na leigheasanna uile, chun airgead is iníoctha leo i leith blianachta míntírithe a ghnóthú, atá acu faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i gcás airgid is iníoctha leo i leith aon tailte.

(2) Go sonrach, féadfar an t-airgead uile is iníoctha leo i leith blianachta míntírithe a ghnóthú ón duine a bheas iarbhír ag áitiú na talún san am a tosnófar imeachta chun an t-airgead a ghnóthú mar dhliteanas pearsanta ar an duine sin d'ainneoin iomlán an riaráiste nó cuid de d'fhaibhriú chun bheith dlite sar a ndeachaigh an duine sin ag áitiú na talún.

(3) Ní shaorfaidh aon ní san alt seo duine ar bith eile ó dhliteanas i leith aon riaráiste den tsórt sin agus, amhail idir únaerí nó áititheoirí leanúnacha ar an talamh, beidh an t-airgead uile d'íoc áititheoir nó a gnóthaíodh uaidh i leith riaráiste a tháinig trí mhainneachtaint únaera nó áititheora roimhe sin inghnóthuithe ag an únaer d'íoc é, nó ónar gnóthaíodh é, mar fhiach a bhí dlite dhó ón únaer nó on áititheoir a rinne an mhainneachtaint.

(4) Aon deimhniú a airbheartós bheith faoi chomhshéala Choimisiún na Talún, is fianaise é go bhfuil gach suim dlite dhóibh adeirtear ann a bheith dlite dhóibh, agus go bhfuil sí iníoctha ag an duine nó na daoine a bheas ainmhithe sa deimhniú mar dhaoine a dhlíos í d'íoc.

(5) Is muirear ar an gCiste Ráthaíochta faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh gach riaráiste blianacht míntírithe agus slánófar don Stát-Chiste as an gCiste Ráthaíochta é.

(6) I gcás talamh a bheith faoi bhlianacht chomhdhlúite nó blianacht mhíntírithe, beidh ag Coimisiún na Talún, chun an bhlianacht a chionroinnt, na cumhachta uile atá acu faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh chun cionroinnt a dhéanamh ar aon airgead a muirearaítear ar thalamh nó atá iníoctha as talamh, agus féadfaid, más oiriúnach leo, aon chuid nó coda de thalamh d'urscaoileadh óna thuilleadh dliteanais i leith na blianachta nó aon choda dhi nó aon riaráiste dhi, agus as sin amach déanfar iomlán na blianachta a mhuirearú go haonartha ar iarmhar na talún sin.

Uisce-chúrsaí a réiteach.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, má chítear dó é a bheith riachtanach chun aon talamh a mhíntíriú go cuí faoi aon oibreacha a bheas á ndéanamh aige, uisce-chúrsa a réiteach nó a dheisiú, agus chuige sin beidh rochtain aige, trína sheirbhísigh agus a ghníomhairí, ar an uisce-chúrsa, agus féadfaidh sé gabháil fan a bhruacha, le sásra nó gan sásra, a mhéid a chífear dó a bheith riachtanach chun é a chur i riocht uisce a tharraingt ba chóir go gnáthdhálach a raghadh tríd, agus féadfaidh pé ní is oiriúnach leis a dhéanamh leis an gcartadh.

(2) Sar a raghaidh sé isteach ar thalamh faoin alt seo, gheobhaidh an tAire toiliú an áititheora (i gcás talún áitithe), nó an únaera (i gcás talún neamh-áitithe), nó bhéarfaidh sé fógra cheithre lá déag ar a laghad i scríbhinn go bhfuil ar intinn aige dul isteach ar an talamh amhlaidh.

(3) Féadfar an fógra dá dtagartar sa bhfo-alt roimhe seo a thabhairt do dhuine in aon tslí acu seo a leanas:—

(a) trína sheachadadh don duine sin,

(b) trína fhágaint ag an seoladh mar a mbíonn gnáthchónaí ar an duine sin,

(c) trína sheoladh leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chun an duine sin faoi sheoladh na háite a mbíonn gnáth-chonaí air, nó

(d) trína phostáil ag an talamh nó in aice na talún a bheas i gceist.

Cúiteamh.

6. —(1) Aon duine dá mbainfidh damáiste mar gheall ar aon chur isteach, a thiocfas d'oibreacha a dhéanamh de bhun an Achta seo, ar aon talamh atá ar únaeracht nó á áitiú aige, nó ar aon éasúint, profit-a-prendre nó aon cheart eile atá aige, beidh sé, faoi réir forál an Achta seo, i dteideal cúiteamh d'íoc leis i leith an damáiste sin ón Aire.

(2) Ní foláir gach éileamh ar chúiteamh faoin alt seo a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire roimh dheireadh na tréimhse a thosnós ar dháta tosnuithe na n-oibreacha dá dtáinig an cur isteach lena mbaineann an t-éileamh agus a chríochnós dhá bhliain ina dhiaidh sin nó bliain amháin tar éis na hoibreacha sin a chríochnú (pé acu sin is déanaí).

(3) D'éagmais comhaontuithe ar mhéid aon chúitimh is iníoctha ag an Aire faoin alt seo, cinnfidh an Chúirt Dúiche a mhéid, mura mó ná fiche punt an tsuim a héileofar, nó, in aon chás eile, cinnfear é trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) amhail is dá mba é a bhí sa chúiteamh an praghas ar thalamh a tógadh go héigeantach, agus beidh dlínse ag an gCúirt nó ag an eadránaí, pé acu é, chun a chinneadh an bhfuil aon chúiteamh iníoctha i gcúrsaí an cháis.

(4) Nuair a beifear ag cinneadh cúitimh faoin alt seo bhéarfar aird ar aon chosaint nó tairbhe a bheas ag sroicheadh don éilitheoir de chionn na hoibreacha a dhéanamh a mbaineann an t-éileamh leo.

(5) Nuair a bheas breitheamh den Chúirt Dúiche ag déanamh orduithe faoin alt seo, féadfaidh sé, faoina rogha, a ordú na costais, go dtí trí ghiní ar a mhéid, faoina raghaidh aon pháirtí sna himeachta maidir leis na himeachta (maille le pé caiteachais finnéithe is réasúnach leis an mbreitheamh) a bheith le n-íoc ag aon pháirtí eile sna himeachta.

(6) Más rud é, i gcás iarratais chun na Cúirte Dúiche chun an cúiteamh a chinneadh a bheas le n-íoc ag an Aire faoin alt seo, nach mó an cúiteamh a chinnfeas an Chúirt ná an cúiteamh a thairg an tAire go neamh-choinníollach sar a ndearnadh an t-iarratas, féadfaidh an Chúirt a ordú na costais sin agus na caiteachais finnéithe sin, de chuid an Aire, is réasúnach leis an gCúirt, a bhaint den chúiteamh a chinnfeas an Chúirt.

(7) An dlínse a bheirtear leis an alt seo don Chúirt Dúiche, feidhmeofar í ag an mbreitheamh ar laistigh dá dhúthaigh a rinneadh na hoibreacha nó aon chuid díobh, nó ag an mbreitheamh ar laistigh dá dhúthaigh a tharla an cur isteach nó aon chuid den chur isteach, pé acu sin is rogha leis an éilitheoir.

Rialacháin.

7. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh i dtaobh ríomh, tréimhse íoca, fuascailt agus diúscairt blianacht faoin Acht seo.

(2) An chumhacht chun rialacha a dhéanamh a bheirtear le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933) , beidh feidhm aici maidir le rialacha a dhéanamh i dtaobh aon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní atá ordaithe.

(3) Aon rialacháin a déanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis na rialacháin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialachán.

Costais.

8. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht um Míntíriú Talún, 1949 , a ghairm den Acht seo.