1 1950


Uimhir 1 de 1950.


AN tACHT UM AN ACHT CUSTAM (FORÁLA SEALADACHA), 1945 (BUANÚ), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA CHUSTAM (FORÁLA SEALADACHA), 1945, I bhFEIDHM GO DTÍ AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1955. [7ú Márta, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1945 a bhuanú.

1. —(1) Leanfaidh an tAcht Custam (Forála Sealadacha), 1945 (Uimh. 14 de 1945) , i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1955, agus raghaidh in éag ansin.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 14 den Acht Custam (Forála Sealadacha), 1945 .

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um an Acht Custam (Forála Sealadacha), 1945 (Buanú), 1950, a ghairm den Acht seo.