An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA bPINSEAN (MÉADÚ), 1950)

3 1950

ACHT NA bPINSEAN (MÉADÚ), 1950

AN SCEIDEAL.

Pinsin Sceidealta.

Alt 1.

CUID I.

Pinsean nó liúntas is lú ná £450 sa bhliain agus a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá d'Aibreán, 1949, agus—

(a) ba phinsean a deonadh faoin National School Teachers (Ireland) Act, 1879,

(b) ba phinsean a deonadh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1948, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946,

(c) ba phinsean a deonadh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1947, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Mheán Fómhair, 1946,

(d) ba phinsean nó liúntas a deonadh faoin Constabulary and Police (Ireland) Act, 1883, arna leasú leis an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1908, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1914, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1916, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1918, agus an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1919, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940, agus nár phinsean a deonadh faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Cathrach Bhaile Atha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú le hOrduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1942, le, nó maidir le, duine a ndearnadh comhalta den fhórsa cónasctha dhe faoi Acht Cónasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925) ,

(e) ba phinsean a deonadh faoi Orduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1942, nó faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Cathrach Bhaile Atha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú le hOrduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1942, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940, agus nach pinsean a sonraítear sa mhír roimhe seo ná pinsean baintrí ná liúntas linbh,

(f) ba phinsean a deonadh faoi Orduithe Pinsean Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (Baill d'Eirigh as agus a Briseadh), 1924, 1929 agus 1936, agus nach pinsean baintrí,

(g) ba liúntas bliantúil a deonadh faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940,

(h) ba liúntas bliantúil a deonadh faoi bharántas a rinneadh faoi alt 1 den Superannuation Act, 1887, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940, (i) ba liúntas bliantúil speisialta a deonadh mar chúiteamh faoi alt 7 den Superannuation Act, 1859, nó faoi alt 6 den Superannuation Act, 1909, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940, nó

(j) ba phinsean a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil, 1940, do dhuine a bhí ar fostú ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn maidir le haireachasú nó caomhnadh a dhéanamh ar uiscebhealach nó siltean na Sionainne nó aon fho-abhann di nó ar oibreacha a rinneadh chun feabhas a chur ar an uisce-bhealach nó ar an siltean sin.

CUID II.

Pinsean baintrí nó liúntas linbh a deonadh, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1949.

CUID III.

Pinsean nó liúntas is lú ná £450 sa bhliain agus—

(a) a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh tar éis an 30ú lá de Mheitheamh, 1940, agus roimh an lú lá d'Iúil, 1943,

(b) a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an 1ú lá d'Aibreán, 1949, agus

(c) a méadaíodh faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 354), 1945 (R. & O. R., Uimh. 29 de 1945 ), faoin Acht Aoisliúntas, 1947 (Uimh. 29 de 1947) , nó faoi Acht an Gharda Shíochána (Pinsin), 1947 ( Uimh. 41 de 1947 , do réir treoir-uimhreach costais mhaireachtana nárbh airde ná 260.

CUID IV.

Liúntas is lú ná £450 sa bhliain agus a dheoin údarás áitiúil i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá d'Iúil, 1943, agus a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá d'Aibreán 1949.

CUID V.

Liúntas is lú ná £450 sa bhliain agus a dheoin údarás cuain i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 31ú lá de Mhárta, 1949, agus a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá d'Aibreán, 1949.