13 1950


Uimhir 13 de 1950.


ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA, 1935 GO 1949. [30ú Bealtaine, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasacht áitiúla a mhéadú.

1. —Athghairmtear leis seo Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1949 (Uimh. 3 de 1949) , agus in ionad ailt 1 de achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIas acht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , thar suim tríocha agus chúig mhilliún punt.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1950 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1950, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1940, agus den Acht seo le chéile.