Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. An Dréacht-Chomhaontú.)

15 1950


Uimhir 15 de 1950.


ACHT SILTIN AGUS FORBARTHA NA hEIRNE, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ COMHAONTUITHE ÁIRITHE A DHÉANAMH AGUS A CHUR IN ÉIFEACHT MAIDIR LE SCÉIM CHUN SILTEAN A DHÉANAMH AR THAILTE ÁIRITHE TIMPEALL LOCH EIRNE UACHTAIR AGUS ÍOCHTAIR AGUS ABHA NA hEIRNE AGUS CHUN UISCE-CHUMHACHT A GHEOFAR AS SIN D'FHORBAIRT LE hAGHAIDH LEICTREACHAS A GHINIÚINT, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN BORD SILTIN AGUS UISCE-BHEALAIGH LOCH EIRNE AGUS ABHA NA hEIRNE A DHÍSCAOILEADH AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13ú Meitheamh, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

an Bord.

ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

an dréachtchomhaontú.

ciallaíonn an abairt “an dréacht-chomhaontú” an dréacht chomhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

an Bord Siltin.

ciallaíonn an abairt “an Bord Siltin” Bord Siltin agus Uiscebhealaigh Loch Eirne agus Abha na hEirne;

na Locha.

ciallaíonn an abairt “na Locha” Loch Eirne Uachtair agus Loch Eirne Iochtair;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

an Aireacht.

ciallaíonn an abairt “an Aireacht” Aireacht Airgeadais Thuaisceart Éireann;

an príomhchomhaontú.

tá leis an abairt “an príomh-chomhaontú” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht seo.

Cumhacht chun comhaontú a dhéanamh i dtéarmaí an dréachta sceidealta.

2. —(1) Údaraítear agus cumhachtaítear leis seo don Bhord comhaontú a dhéanamh leis an Aireacht i dtéarmaí an dréachtchomhaontuithe.

(2) San Acht seo ciallaíonn an abairt “an príomh-chomhaontú” go príomha an comhaontú a déanfar de bhun an ailt seo, ach, i gcás aon chomhaontú a dhéanamh de bhun an chéad ailt ina dhiaidh seo, ciallaíonn an abairt sin an comhaontú a déanfar de bhun an ailt seo arna fhorlíonadh nó arna mhodhnú leis an gcomhaontú a déanfar leis an gcéad alt ina dhiaidh seo.

cumhacht chun comhaontuithe forliontacha a dhéanamh.

3. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh an Bord, tráth ar bith tar éis an príomh-chomhaontú a dhéanamh, comhaontuithe eile a dhéanamh leis an Aireacht chun an príomhchomhaontú d'fhorlíonadh nó a mhodhnú.

(2) Ní déanfar comhaontú eile den tsórt adúradh mura rud é—

(a) gur leagadh faoi bhráid Dháil Éireann é agus gur fágadh faoina bráid amhlaidh é ar feadh an deich lá ina dhiaidh sin a bhí Dáil Éireann ina suí tar éis é a leagadh faoina bráid amhlaidh,

(b) nach ndearna Dáil Éireann, i gcaitheamh an deich lá sin, rún a rith á fhoráil nach ndéanfaí an comhaontú sin,

(c) gur leagadh faoi bhráid Sheanad Éireann é agus gur fágadh faoina bhráid amhlaidh é ar feadh an deich lá ina dhiaidh sin a bhí Seanad Éireann ina shuí tar éis é a leagadh faoina bhráid amhlaidh,

(d) nach ndearna Seanad Éireann, i gcaitheamh an deich lá sin, rún a rith á fhoráil nach ndéanfaí an comhaontú sin.

Cumhacht chun an príomhchomhaontú a chur i gcrích.

4. —Chun an príomh-chomhaontú a chur in éifeacht, beidh ag an mBord, agus beidh infheidhmithe acu, na cumhachta uile a bhaineas, de riachtanas nó go teagmhasach, lena n-oblagáidí faoin bpríomh-chomhaontú a chomhlíonadh go cuí.

An caiteachas faoina raghaidh an Bord d'íoc.

5. —An caiteachas uile faoina raghaidh an Bord ag urscaoileadh aon dliteanais a éireos as an bpríomh-chomhaontú, íocfar é mar chuid dá gcaiteachas ginearálta.

An Bord Siltin a dhíscaoileadh.

6. —Amhail ó pé lá a cheapfas an tAire, le hordú, beidh an Bord Siltin, de bhuaidh an ailt seo, arna dhíscaoileadh.

Maoin an Bhoird Siltin a dhiúscairt.

7. —(1) Faoi réir forál ailt 9 den Acht seo, an mhaoin uile ba leis an mBord Siltin díreach roimh an mBord Siltin a dhíscaoileadh, dílseoidh sí, de bhuaidh an ailt seo agus gan aon tíolacadh, sannadh, gníomhas aistrithe ná ionstraim eile a bheith riachtanach, sna daoine a bheas ag gníomhú mar Aturnae Airgeadais agus mar Aturnae don Aireacht agus i gcomharbaí oifige na ndaoine sin faoi seach, mar iontaobhaithe (dá ngairmtear na hIontaobhaithe san alt seo) ar iontaobhas leis an maoin sin a dhíol faoi roghain na nIontaobhaithe agus chun na cíosa agus na brabúis (más ann) a éireos aisti roimh í a dhíol agus fáltais an díola, a mhéid a ghabhfas an céanna, d'úsáid chun urscaoileadh a dhéanamh den chéad ásc ar aon dliteanas faoina ndeachthas maidir leis an díol sin agus den dara hásc ar aon dliteanas a bheas amuigh ar an mBord Siltin, agus chun aon iarmhéid a bheas fágtha tar éis urscaoileadh na ndliteanas sin d'íoc leis an Aireacht.

(2) Nuair a bheid ag comhlíonadh an iontaobhais díola a forchuirtear leis an alt seo, beidh ag an hIontaobhaithe lánchumhacht chun aon mhaoin a bheas dílsithe iontu faoin alt seo a thíolacadh, a shannadh, a scaoileadh nó d'aistriú ar shlí eile le gníomhas, agus beidh aon ghníomhas den tsórt sin, sa mhéid agus sa mhodh a bheas sainráite nó beartaithe ann é d'oibriú, éifeachtúil chun aistriú a dhéanamh ar an eastát, an ceart, an teideal agus an leas a bhí ag an mBord Siltin, díreach roimh é a dhíscaoileadh, sa mhaoin a bheas sonraithe ann.

(3) An admháil a bhéarfas na hIontaobhaithe nó ceachtar acu ar an airgead ceannaigh is iníoctha ar dhíol aon mhaoine de bhun fo-ailt (1) den alt seo (pé acu a déanfar nó nach ndéanfar an admháil sin a chorprú i ngníomhas), oibreoidh sí mar urscaoileadh bailí don cheannaitheoir agus ní dá chúram sin na hiontaobhais a forchuirtear leis an bhfo-alt sin ná an fheidhm chun a gcuirfidh na hIontaobhaithe an t-airgead ceannaigh dá éis sin do réir an fho-ailt sin.

(4) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon cheann de na hachtacháin a bhaineas le dleacht stampa, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon doiciméad a fhorghníomhós na hIontaobhaithe chun críocha an ailt seo.

Socruithe maidir le nithe eile a éireos as díscaoileadh an Bhoird Siltin.

8. —Féadfaidh an tAire pé socruithe riaracháin a dhéanamh agus a chur i gcrích is cuí leis i gcóir nithe a éireos as díscaoileadh an Bhoird Siltin, agus, go háirithe, féadfaidh socruithe a dhéanamh agus a chur i gcrích chun na sliús-gheataí atá ag Béal Leice d'oibriú go sealadach sa tslí a sonrófar sna socruithe chun uisce-leibhéil na Loch a rialú nó go ndéana agus go dtí go ndéanfaidh an Bord comhaontú leis an Aireacht, de bhun forál an phríomh-chomhaontuithe, gur féidir agus gur ceart na huisceleibhéil sin a rialú do réir na bhforál sin.

Dámhachtain 1891.

9. —Amhail ó dháta dhíscaoilte an Bhoird Siltin scoirfidh Dámhachtain Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn dar dáta an 4ú lá d'Aibreán, 1891, i leith Cheantar Siltin agus Uisce-Bhealaigh Loch Eirne agus Abha na hEirne, d'aon fheidhm agus éifeacht a bheith aici agus scoirfidh dliteanas dílseánach talún, i gContae an Chabháin agus i gContae Mhuineacháin, chun rátaí nó cíos-mhuirir d'íoc i leith an Cheantair Shiltin sin (lena n-áirítear aon riaráistí neamhíoctha de rátaí nó cíos-mhuirir den tsórt sin).

Díospóidí idir an Bord agus an Aireacht.

10. —(1) Beidh de chumhacht ag Binse Eadrána a bheas comhdhéanta do réir forál an phríomh-chomhaontuithe aon díospóid nó easaontas idir an Bord agus an Aireacht, a éireos as an bpríomh-chomhaontú, a chinneadh do réir na bhforál sin.

(2) Déanfaidh an Bord, ar aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh dá iarraidh sin orthu, na doiciméid, na leabhair, na taifid nó na cuntais sin a bheas i seilbh an Bhoird agus a bhainfeas leis an ábhar a bheas faoi shaincheist os comhair an Bhinse a thabhairt ar aird chun a n-iniúchta ag an mBinse, ach ní tabharfar aon doiciméad, leabhar, taifead ná cuntas ar aird amhlaidh más é tuairim an Aire, amhail mar dheimhneos sé sin don Bhinse, go mba dhochar é do leas an phobail sin a dhéanamh.

(3) Aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh, féadfaidh sé, chun aon díospóid nó easaontas den tsórt sin a chinneadh, a cheangal le toghairm ar aon duine freastal, san am agus san áit a bheas leagtha amach sa toghairm, chun fianaise a thabhairt nó chun aon doiciméad nó earraí a thabhairt ar aird a bheas ina choimeád nó faoina urlámhas agus a bhainfeas le haon ábhar a bheas ar feitheamh os comhair an Bhinse, agus féadfaidh fianaise faoi mhionn d'éisteacht, a ghlacadh agus a scrúdú, agus chuige sin féadfaidh daoine a chur faoi mhionn nó féadfaidh, in ionad duine a chur faoi mhionn, a cheangal ar an duine a bheas faoi scrúdú dearbhú a dhéanamh agus a shíniú ar fhírinne an ábhair a mbeidh sé á scrúdú ina thaobh.

(4) Aon duine a dhiúltós nó a fhailleos go toiliúil freastal, nuair a dhéanfas aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh sin a cheangal air, nó fianaise a thabhairt sa tslí a cheanglós an Binse air, nó a bhéarfas go toiliúil fianaise bhréagach os comhair an Bhinse, nó a athrós, a chaonfas, a chealós nó a dhítheos go toiliúil aon doiciméad nó earra a cheanglós an Binse air a thabhairt ar aird nó a dhiúltós go toiliúil sin a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(5) Aon abhcóide de Bharra Thuaisceart Éireann nó aon aturnae a bheas i dteideal cleachtadh i dTuaisceart Éireann, féadfaidh sé, d'ainneoin aon achtacháin eile, cleachtadh i ndáil le haon éisteacht sa Stát ag aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh agus féadfaidh láithriú agus feidhmiú ar son na hAireachta ag an éisteacht sin.

(6) Féadfar, le cead na hArd-Chúirte, aon dámhachtain ó Bhinse a bheas comhdhéanta mar adúradh a thaifeadadh, mar bhreithiúnas i dtéarmaí na dámhachtana, agus air sin beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna aici a bheadh ag breithiúnas nó ordú ón Ard-Chúirt.

Droichead Bhéal Leice.

11. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “droichead Bhéal Leice” an droichead dá dtagartar i mír 2 den Chéad Sceideal a ghabhas leis an dréacht-chomhaontú.

(2) Ní bheidh feidhm maidir le droichead Bhéal Leice ag fo-alt (4) d'alt 33 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ) (fo-alt lena gceangaltar bóithre agus droichid a athchóireos, a dhéanfas nó a fheabhsós an Bord a thabhairt i seilbh an údaráis áitiúil iomchuí).

(3) Féadfaidh Comhairle Chontae Dhún na nGall, faoi réir cheadú an Aire Rialtais Áitiúil, gach ní a dhéanamh is iomchuí dhóibh a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon fhorála den phríomhchomhaontú a fhorálas go bhféadfar droichead Bhéal Leice a thabhairt i gcomhsheilbh do chomhairle chontae Dhún na nGall agus comhairle chontae Fhear Monach.

Comhaontuithe a dhíolmhadh ó dhleacht stampa.

12. —D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon cheann de na hachtacháin a bhaineas le dleacht stampa, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir i leith aon chomhaontuithe a dhéanfas an Bord leis an Aireacht de bhun an Achta seo.

Athgairm,

13. —(1) Athghairmtear leis seo an Drainage and Improvement of Lands Supplemental Act (Ireland), 1880.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an mBord Siltin a dhíscaoileadh.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar Acht Siltin agus Forbartha na hEirne, 1950 , a ghairm don Acht seo.