|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 28 de 1950. | ||
[EN] |
AN tACHT SRIANTA CÍOSA (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1950. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA SRIANTA CÍOSA, 1946 , I nGNÍOMH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE, LE LINN É A BHEITH I nGNÍOMH, I gCÓIR BREISEANNA DLEATHACHA AR AON DUL LEIS NA BREISEANNA DLEATHACHA FAOI ALT 11, FO-ALT (2), MÍR (g) AGUS FAOI ALT 17, FO-ALT (2), MÍR (e), DEN ACHT SIN, ARNA MHODHNÚ LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1949 . [20ú Nollaig, 1950.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Acht 1946 a bhuanú. |
1. —Leanfaidh an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) , i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1952. |
[EN] |
Breis dleathach i gcás an tiarna talún do dhéanamh deisiúcháin áirithe. |
2. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith an tréimhse dá bhlian 1950 agus 1951, nó 1951 agus 1952, méid a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de chíos bunúsach áitribh rialaithe ag cur an áitribh i ndeisriocht réasúnach, is breis dleathach ar chíos bunúsach an áitribh suim a ríomhtar do réir an scála atá leagtha amach sa sceideal a ghabhas leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 (Uimh. 24 de 1949) . |
[EN] | (2) Dá réir sin, déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) , a leasú trí “nó 1950 agus 1951, nó 1951 agus 1952,”a chur isteach i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, agus i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 go díreach i ndiaidh “1949 agus 1950.” | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1950 , a ghairm don Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta Srianta Cíosa, 1946 go 1950, a ghair de na h Achta Srianta Cíosa, 1946 agus 1949, agus den Acht s le chéile. | |
[EN] | (3) Déanfar na h Achta Srianta Cíosa, 1946 agus 1949, agus an tAcht seo, d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin. |