An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM AN ÚDARÁS FORBARTHA TIONSCAIL, 1950)

29 1950

AN tACHT UM AN ÚDARÁS FORBARTHA TIONSCAIL, 1950

AN SCEIDEAL.

Cead-Chomhaltai an Udarais Forbartha Tionscail.

Alt 2 (5).

1. Tiocfaidh ceapacháin (a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála, le ceadú an Aire Airgeadais, trí bharántais dar dáta an 26ú lá de Bhealtaine, 1949) Shéamais Uí Bhiada ina chomhalta agus ina chathaoirleach, agus Chaoimhghin Mhic Chuarta, Lúcáis Uí Dhubhthaigh agus Sheáin S. Bhreathnaigh ina gcomhaltaí, ar an Údarás Forbartha Tionscail in éifeacht ar dháta an Achta seo a rith mar cheapacháin chun oifigí iontamhla an Údaráis a bunaítear leis an Acht seo don tréimhse dar críoch an 25ú lá de Bhealtaine, 1954.

2. Bhéarfar luach saothair do réir ráta nach lú ná £2,500 sa bhliain don tSéamas Ó Biada sin amhail ar an 26ú lá de Bhealtaine, 1949, agus ón dáta sin, agus bhéarfar luach saothair do réir ráta nach lú ná £2,000 sa bhliain don Chaoimhghin Mac Cuarta, don Lúcás Ó Dubhthaigh agus don tSeán S. Breathnach sin amhail ar an dáta sin a us ón dáta sin.

3. Má bhíonn an Séamas Ó Biada sin ina Chathaoirleach nuair a shlánós sé 65 bliana d'aois, beidh teideal aige, ar éirí as oifig dó, chun pinsin is iníoctha as airgead a sholáthrós an tOireachtas de mhéid is comhionann leis an bpinsean a mbeadh teideal aige chuige dá leanadh sé de bheith ag fónamh leis an gCuideachta Chairde Thionscail, Teoranta, tar éis an 26ú lá de Bhealtaine, 1949, agus gur cháiligh sé chun an lán-phinsin a mbeadh sé i dteideal a íoctha leis ón gCuideachta sin.

4. (a) Má tharlann, aon tráth sar a slánóidh sé 65 bliana d'aois, go mbeidh an Séamas Ó Biada sin inathcheaptha ina Chathaoirleach agus nach n-athcheapfar amhlaidh é, beidh feidhm ag forála míre (3) amhail is dá n-athcheaptaí amhlaidh é agus go raibh sé i seilbh oifige go dtí gur shlánaigh sé 65 bliana d'aois.

(b) Ní bheidh éifeacht ag an mír seo má éarann an tAire é d'athcheapadh de dheasca mí-iompair nó éagumais shonraithe nó má dhiúltaíonn sé glacadh lena athcheapadh.

5. Má scoireann an Séamas Ó Biada sin de bheith i seilbh oifige mar chathaoirleach de dheasca easláinte sar a slánóidh sé 65 bliana d'aois, agus go nglacfaidh an tAire lena scor, beidh sé i dteideal pé pinsean d'íoc leis as airgead a sholáthrós an tOireachtas a mbeadh teideal aige chuige dá mb'as seirbhís na Cuideachtan Cairde Tionscail, Teoranta, a scoir sé an uair sin.

6. Déanfar an pinsean, pé acu faoi mhír 3, 4 nó 5 a éireos sé, a ríomh do réir an tuarastail, mar chathaoirleach, a mbeidh teideal ag an Séamas Ó Biada sin chuige díreach roimh é a scor de bheith i seilbh oifige sna himthosca dá dtagartar sa mhír iomchuí.

7. Aon phinsean a dámhfar faoin Sceideal seo, is é an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire Tionscail agus Tráchtála, a dhámhfas é.

8. Más rud é, tar éis pinsean a dhámhachtain, go sealbhóidh an pinsinéir post a mbeidh luach saothair ina leith á íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas nó as an bPríomh-Chiste nó ag údarás áitiúil nó ag bord nó comhlucht arna bhunú faoi Acht ón Oireachtas nó faoi reacht de reachta Shaorstát Éireann nó i gcomhpháirt ag dhá cheann nó níos mó acu sin a luaitear thuas, ansin—

(a) ní bheidh an pinsean iníoctha d'aon tréimhse a mbeidh an luach saothair ina haghaidh comhionann leis an tuarastal nó níos mó ná an tuarastal ar dá réir a ríomhadh an pinsean;

(b) má tharlann i gcás aon tréimhse go mbeidh breis ag comhsuim an phinsin agus an luach saothair ar an tuarastal sin, déanfar an pinsean don tréimhse sin a laghdú méid na breise.

9. Más rud é, tar éis pinsean a dhámhachtain, go mbeidh an dara pinsean iníoctha leis an bpinsinéir i leith seirbhíse i bpost de chineál dá dtagartar i mír 8, ansin—

(a) ní bheidh an pinsean faoin Sceideal seo iníoctha d'aon tréimhse a bheas an dara pinsean comhionann le dhá dtrian, nó níos mó ná dhá dtrian, an tuarastail ar dá réir a ríomhadh an pinsean faoin Sceideal seo;

(b) más rud é i gcás aon tréimhse go mbeidh an dara pinsean níos lú ná dhá dtrian an tuarastail sin, déanfar an pinsean faoin Sceideal seo don tréimhse sin a laghdú go dtí méid an easnaimh.

10. Beidh íoc an phinsin faoi réir an pinsinéir do dhéanamh dearbhuithe i pé foirm agus ag pé trátha a cheanglós an tAire Airgeadais.

11. (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh go mbeidh cuid d'íocaíocht i leith an phinsin faoin Sceideal seo le déanamh ag an gCuideachta Chairde Thionscail, Tta.

(b) Má chinneann an tAire Airgeadais amhlaidh, cinnfidh sé freisin cad é an méid den íocaíocht a bheas le déanamh ag an gCuideachta agus íocfaidh an Chuideachta an méid sin leis an Aire sin.

(c) Aon tsuim a híocfar leis an Aire Airgeadais faoin mír seo, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordacháin an Aire sin.