An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1951) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

2 1951

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1951

AN CHEAD SCEIDEAL.

Cionta Indiotaltha a bhFeadfaidh an Chuirt Duiche Deighleail leo go hAchomair.

Alt 2.

Uimh. Thag.

An Cion

(1)

(2)

1.

Cion ar ghné mísce poiblí.

2.

Cion indíotáltha arb é atá ann aon tsaghas coisc ar riaradh ceartais nó ar fheidhmiú an dlí.

3.

Mionnú éithigh.

4.

Círéib nó tionól neamhdhleathach, más dóigh leis an gCúirt nach chun cabhrú le comhcheilg eagraithe a rinneadh an gníomh arb é an cion é nó, más chuige sin a rinneadh é, go bhfuil deireadh leis an gcomhcheilg.

5.

Ionsaí dá dtáinig díobháil choirp iarbhír.

6.

Ionsaí mígheanasach.

7.

Cion faoi alt 16 den Plate Assay (Ireland) Act, 1807, arna leasú le halt 2 den Acht Tástála Pláta (Leasú), 1931 .

8.

Cion faoin Larceny Act, 1861, i leith maoine nach mó ná caoga punt a luach, i dtuairim na Cúirte.

9.

Cion faoi alt 38 den Offences against the Person Act, 1861.

10.

Cion faoi alt 60 den Offences against the Person Act, 1861.

11.

Cion faoi alt 1 den Falsification of Accounts Act, 1875.

12.

Cion faoi alt 11 den Criminal Law Amendment Act, 1885, má bhíonn an cúisí os cionn sé bliana déag d'aois agus má líomhantar gur duine faoi bhun sé bliana déag d'aois nó duine neamh-mheabhrach nó leath-mheabhrach nó lag-intinneach an duine lena ndearnadh an gníomh.

13.

Cion faoin Forgery Act, 1913.

14.

Cion faoi ailt 25, 26 nó 27 den Larceny Act, 1916.

15.

Cion faoi aon fhoráil (seachas ailt 25, 26 agus 27) den Larceny Act, 1916, i leith maoine nach mó ná caoga punt a luach, i dtuairim na Cúirte.

16.

Cion faoi alt 24 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 .

17.

Cion faoi alt 11 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 .

18.

Cion faoi alt 65 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 .

19.

Iarracht ar fhios collaí i gcás inar cion faoi ailt 1 (2), 2 (2) nó 4 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúil, 1935, atá ann.

20.

Cion faoi alt 9 den Acht seo.

21.

Iarracht ar chion a dhéanamh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Dúiche, de bhuaidh aon achtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo), chun é a thriail go hachomair.