An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncaim.) Ar Aghaidh (CUID III. Dleachta Bais.)

15 1951

AN tACHT AIRGEADAIS, 1951

CUID II.

Custaim agus Mal.

Ileacha éadroma udrocarbóin mhianrúil.

7. —(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc amhail ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1951, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus ceithre pingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ).

(2) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1951, nó dá éis, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun críche ar bith seachas chun íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1948 .

Ile udrocarbóin.

8. —(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1951, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus ceithre pingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ).

(2) An lacáiste is inlamhálta faoi fho-alt (2) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an lacáiste sin inlamhálta, é a lamháil, amhail ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1951, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus ceithre pingne an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1948 .

(3) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1951, nó dá éis, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1948 .

(4) An lacáiste is inlamhálta faoi fho-alt (4) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an lacáiste sin inlamhálta agus ar ar híocadh an dleacht mháil a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo do réir scilling agus dhá phingin an galún, é a lamháil do réir scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1948 .

Ileacha éadroma udrocarbóin mhianrúil— díolúine.

9. —Chun críocha na dleachta custam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, nó na dleachta custam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, má cruthaítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil aon íle, d'ainneoin go gcomhlíonann sí aon choinníoll dá sonraítear sa mhíniú ar íleacha éadroma sna hailt sin, ina híle ar chóir, do réir a húsáide, í d'aicmiú le híleacha nach íleacha éadroma do réir an mhínithe sin, measfar nach íle éadrom an íle sin agus nach bhfuil sí inchurtha faoi mhuirear na ndleacht a forchuireadh leis na hailt sin.

Modhnú ar an díolúine ó dhleacht shiamsa.

10. —Beidh éifeacht ag alt 13 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), faoi réir an choinníoll, má cruthaítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go n-áirítear i ndaonra aon bhaile mhóir, do réir daonáirimh, daoine a comhairítear mar dhaoine atá in aon tsámhadh crábhaidh, foras oideachais, dílleachtlann, ospidéal, foras meabhair-ghalear nó teaghlach contae nó in aon phríosún nó scoil cheartúcháin, go measfar chun críocha an ailt sin daonra an bhaile mhóir do réir an daonáirimh sin a bheith arna laghdú de líon na ndaoine sin.

Stórasú ar aistarraing—licéirí agus cumaisc a rinneadh sa Stát.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 74 den Spirits Act, 1880, trí “British liqueurs or” a scrios.

(2) Leasaítear leis seo alt 95 den Spirits Act, 1880—

(a) trí “British liqueurs or” i bhfo-alt (1) a scrios,

(b) trí “British liqueurs” i bhfo-alt (2) a scrios, agus

(c) trí fho-alt (4) a scrios.

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (5) d'alt 95 den Spirits Act, 1880, aon chumaisc a féadfar faoin alt sin, arna leasú le fo-alt (2) den alt seo, a stórasú lena gcaitheamh sa Stát, féadfar, faoi réir aon rialachán is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim d'ordú, iad a stórasú, pé acu lena gcaitheamh sa Stát nó lena n-onnmhuiriú nó le haghaidh stóras loinge é, i mbuidéil in ionad iad a stórasú i gcascanna, agus féadfaidh na rialacháin sin feidhm a thabhairt do na forála den alt sin a bhaineas le stórasú i gcascanna faoi réir pé modhnuithe a mheasfas na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun iad d'oiriúnú do stórasú i mbuidéil.