Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

24 1951


Uimhir 24 de 1951.


AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHT (ORDUITHE A DHAINGNIÚ) (Uimh. 3), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DLEACHTA D'FHORCHUR GO PRÁINNEACH, 1932. [27ú Samhain, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa tríú colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na sonraí a luaitear sa dara colún agus sa cheathrú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb'usaide tagairt do na horduithe sin agus iad d'aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa dara colún sin ná sa cheathrú colún sin difir d'fhorléiriú, ná teorannú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an tríú colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Orduithe a Dhaingniú) (Uimh. 3), 1951 , a ghairm den Acht seo.