28 1951


Uimhir 28 de 1951.


AN tACHT STÓRAIS ARBHAIR (IASACHTA), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN IASACHTA A THABHAIRT CHUN STÓRAS LE hAGHAIDH ARBHAIR A SHOLÁTHAR AGUS A GHLÉASADH. [26ú Nollaig, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAire.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Iasachta chun stóras le haghaidh arbhair a sholáthar agus a ghléasadh.

2. —Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, iasachta a thabhairt chun stóras le haghaidh arbhair a sholáthar agus a ghléasadh.

Teora le méid iomlánnan-iasacht.

3. —Ní mó ná dhá mhilliún agus cúig chéad míle punt méid iomlán na n-iasacht a bhéarfar faoin Acht seo.

Rogha ag an Aire agus ceadú ón Aire Airgeadais.

4. —Beidh sé de roghain ag an Aire iasachta a thabhairt nó gan iad a thabhairt faoin Acht seo ach ní tabharfar aon iasacht ach amháin le ceadú an Aire Airgeadais.

Téarmaí agus coinníollacha na n-iasacht.

5. —Aon iasacht a bhéarfar faoin Acht seo bhéarfar í ar pé téarmaí agus coinníollacha, maidir le ham agus modh aisíoca, ráta úis, urrús agus aon ní eile, a mheasfas an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, a bheith ceart.

Ráiteas bliantúil i dtaobh na n-iasacht.

6. —A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina dtaispeánfar iomlán na suimeanna go léir a hairleacadh faoin Acht seo suas go dtí deireadh na bliana airgeadais sin agus ina dtaispeánfar na hiasachta a tugadh faoin Acht seo agus a bhí gan aisíoc go hiomlán i ndeireadh na bliana airgeadais sin, agus taispeánfaidh an ráiteas, maidir le gach iasacht, na téarmaí agus na coinníollacha ar ar tugadh an iasacht agus an méid a haisíocadh ina leith roimh dheireadh na bliana airgeadais sin.

Suimeanna áirithe d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

7. —(1) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna uile a gheofar in aisíoc airgid a hairleacadh faoin Acht seo.

(2) Déanfar na suimeanna uile a gheofar in íoc úis ar iasacht a tugadh faoin Acht seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós na tAire Airgeadais.

Caiteachais.

8. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht Stórais Arbhair (Iasachta), 1951 , a ghairm den Acht seo.