An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Iascaigh a Chosaint.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Imeachta Dlithiula.)

5 1952

ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952

CUID VII.

Cumhachta Daoine Udaraithe.

Mínithe.

54. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “duine údaraithe” (mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt) comhalta den Gharda Síochána, comhalta nó oifigeach don Choimisiún nó faireoir abhann príobháideach;

ciallaíonn “oifigeach don Choimisiún” cigire nó faireoir abhann arna cheapadh faoi alt 55;

ciallaíonn “faireoir abhann príobháideach” faireoir abhann arna cheapadh faoi alt 56.

Cigirí agus faireoirí abhann a cheapadh.

55. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, le hionstraim faoina ghnáthshéala, duine a cheapadh chun bheith—

(a) ina chigire, nó

(b) ina fhaireoir abhann,

agus féadfaidh an ionstraim sin a chúlghairm.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar ionstraim faoin alt seo.

Daoine ag a bhfuil suim in iascaigh do cheapadh faireoirí abhann.

56. —(1) Gach duine acu seo a leanas—

(a) aon duine ag a bhfuil suim i gcaomhaint éisc aon abhann i Líomatáiste Mhagh Bhile,

(b) aon daoine atá gaite i gcumann le chéile chun aon iascach in aon abhainn den tsórt sin a chaomhaint,

(c) únaer aon iascaigh in aon abhainn den tsórt sin,

(d) únaer aon iascaigh bhradán ar chósta na farraige,

féadfaidh sé ó am go ham, le hionstraim i scríbhinn sa bhfoirm atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, duine ar bith a cheapadh ina fhaireoir abhann chun na hiascaigh ar an gcuid sin de chósta na farraige nó in aon abhainn den tsórt sin nó i suainmheacháin na habhann sin a chosaint.

(2) Aon duine a ceapfar ina fhaireoir abhann faoin alt seo, ní ghníomhóidh sé sa cháil sin go dtí go mbeidh a cheapachán daingnithe (tríd an ionstraim cheapacháin d'fhormhuiniú) ag aon Bhreitheamh Dúiche a mbeidh an faireoir abhann ceaptha chun gníomhú laistigh dá dhúthaigh.

(3) Féadfaidh Breitheamh Dúiche, ar ghearán a dhéanamh leis, ceapachán duine, a bheas ceaptha faoin alt seo, chun gníomhú laistigh dá dhúthaigh, a chúlghairm, agus leis sin beidh deireadh leis an gceapachán.

(4) Má ghníomhaíonn duine ar bith mar fhaireoir abhann príobháideach gan a cheapachán a bheith daingnithe faoi fho-alt (2) den alt seo nó tar éis a cheapachán a bheith culghairmthe faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Tórainn le feidhmiú cumhacht.

57. —(1) Ní feidhmeofar na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo d'fhaireoir abhann príobháideach ach amháin chun na hiascaigh a chosaint a bheas sonraithe ina ionstraim cheapacháin.

(2) Ní feidhmeofar na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo do chomhalta nó d'oifigeach don Choimisiún ach amháin chun na hiascaigh i Líomatáiste an Fheabhail a chosaint.

Barántas chun cumhachta d'fheidhmiú.

58. —Is leor-bharántas d'oifigeach don Choimisiún nó d'fhaireoir abhann príobháideach chun na cumhachta a bheirtear dó leis an gCuid seo d'fheidhmiú é do thabhairt a ionstraime ceapacháin faoin gCuid seo ar aird, ach ní gá dhó, chun na cumhachta sin d'fheidhmiú, an ionstraim sin a thabhairt ar aird murar hiarradh air í a thabhairt ar aird.

Cumhachta ginearálta.

59. —(1) Féadfaidh duine údaraithe, chun na hiascaigh a chosaint, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) dul isteach ar bhruacha nó imill aon aibhneacha a thaithíos bradáin nó bric, nó ar bhruacha nó imill a suainmheachán, agus gabháil tríothu nó ar a bhfeadh,

(b) dul isteach ar aon aibhneacha den tsórt sin le báid nó ar shlí eile,

(c) dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh ar gach cora, sliús, muileann-damba, rás muilinn agus sruthchúrsa a cheanglas leis na haibhneacha sin,

(d) dul isteach in aon bhád a bhí nó atá ag gabháil d'iascach nó atá ar tí gabháil d'iascach,

(e) gach líon ar seasamh nó ar snámh agus gach uile líon eile d'iniúchadh,

(f) aon inneall iascaigh neamhdhleathach, nó aon inneall iascaigh dleathach atá á úsáid go neamhdhleathach, d'urghabháil,

(g) gach gníomh agus ní eile a dhéanamh a húdaraítear dó a dhéanamh leis an Acht seo nó faoi.

(2) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíos d'aon duine dul isteach in aon gharraí fálta ná in aon tigh cónaithe ná ina mhaighean ach amháin mar a dtéann an gnáth-bhóthar nó an gnáth-bhealach go dtí aon chora, damba nó díog trasna an gharraí nó na maighne sin.

Cumhacht Feadhmannaigh Síochána chun barántas a thabhairt chun dul isteach in áiteanna áirithe.

60. —(1) Má chítear d'aon Fheadhmannach Síochána, ar fhaisnéis faoi mhionn, go bhfuil cúis réasúnach chun a chreidiúint go ndearnadh sárú ar fhorála an Achta seo nó aon ionstraime faoin Acht seo laistigh d'aon gharraí fálta nó d'aon tigh cónaithe nó dá mhaighean, féadfaidh sé, le barántas faoina láimh, a chumhasú do dhuine údaraithe dul isteach sa gharraí sin nó sa tigh

cónaithe sin nó ina mhaighean, pé trátha de ló nó d'oíche a luafar sa bharántas.

(2) Ní leanfaidh barántas faoin alt seo i bhfeidhm níos sia ná seacht lá ón dáta a bheas air.

Dul ar bord arthaí iascaigh agus iad a scrúdú.

61. —(1) Féadfaidh comhalta nó oifigeach don Choimisiún nó comhalta den Gharda Síochána, faoi réir aon treoruithe agus rialachán a bhéarfas nó a dhéanfas an Coimisiún, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh maidir le haon árthach a húsáidtear chun iascaigh—

(a) dul ar bord an árthaigh sin,

(b) deimhniú cláraitheachta agus innill iascaigh an árthaigh sin a scrúdú, agus féachaint ar comhlíonadh forála an Achta seo nó na nAcht Iascaigh agus an bhfuil an máistir nó na daoine eile ar bord ag iascach ar an modh a cheanglas an tAcht seo,

(c) aon inneall iascaigh neamhdhleathach, nó aon inneall iascaigh dleathach a húsáidtear go neamhdhleathach, d'urghabháil.

(2) Má dhiúltaíonn máistir aon árthaigh iascaigh deimhniú cláraitheachta an árthaigh sin a thabhairt ar aird nuair a iarrfas comhalta nó oifigeach don Choimisiún nó comhalta don Gharda Síochána air é, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Ciontóirí a ghabháil.

62. —(1) Má gheibhtear, laistigh de Líomatáiste an Fheabhail, aon duine (dá ngairmtear an ciontóir san alt seo) ag ciontú i gcoinne forál na nAcht Iascaigh nó an Achta seo nó i gcoinne dlí chomhréire Thuaisceart Éireann, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) féadfaidh duine údaraithe a cheangal ar an gciontóir aon ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(i) scor den chion sin;

(ii) a ainm agus a sheoladh a thabhairt;

(b) más rud é, tar éis an ceangal sin a chur air, go leanfaidh an ciontóir go toiliúil den chion sin nó go mainneoidh nó go ndiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt, féadfaidh an duine údaraithe agus aon daoine a bheas ag gníomhú ar threoruithe uaidh an ciontóir a ghabháil;

(c) i gcás an ciontóir a ghabháil faoin alt seo ag duine údaraithe nach comhalta den Gharda Síochána, déanfaidh an duine sin, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, an ciontóir a thabhairt láithreach i gcoimeád chomhalta den Gharda Síochána chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

(2) Má bhíonn cúis ag an duine údaraithe a ghabh an ciontóir, nó ag comhalta den Gharda Síochána ar tugadh an ciontóir ina choimeád, chun a chreidiúint—

(a) gur i dTuaisceart Éireann a chónaíos an ciontóir, agus

(b) gur cion faoi dhlí comhréire Thuaisceart Éireann adúradh an cion,

féadfaidh sé an ciontóir a thabhairt láithreach i gcoimeád chomhalta d'fhórsaí póilíneachta Thuaisceart Éireann chun go ndéanfar leis do réir an dlí sin.

(3) Nuair a tabharfar duine i gcoimeád chomhalta den Gharda Síochána i gcomhlíonadh airbheartach forála de dhlí Thuaisceart Éireann atá ar comhréir leis an alt seo, tógfaidh an comhalta ina choimeád é chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

Cumhachta maidir le hinnill iascaigh, etc.

63. —Má gheibheann duine údaraithe—

(a) i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil nó an trátha choiscthe sheachtainiúil—

(i) aon bhealach dúnta nó bacainnithe in aon inneall iascaigh nó in aon tsás, nó

(ii) aon inneall iascaigh nó aon tsás eile d'aon tsórt suite nó á úsáid contrártha don Acht seo nó d'aon ionstraim arna déanamh faoin Acht seo, nó

(b) tráth ar bith, aon bhacainn i mbealach éisc, nó

(c) tráth ar bith, aon bhacainn sa scéith-gheata a ghabhas le haon mhuileann nó monarcha nuair is gá do réir dlí an scéith-gheata sin a bheith ar oscailt,

féadfaidh sé na bealaigh sin d'oscailt agus na bacainní sin d'aistriú, gan aon damáiste neamhriachtanach a dhéanamh, agus gach ní a gheobhaidh amhlaidh nó a bheas á úsáid amhlaidh contrártha d'fhorála na nAcht Iascaigh nó an Achta seo nó aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna d'urghabháil agus d'aistriú.

Cumhachta iniúchta, scrúduithe agus coinneála.

64. —(1) Údaraítear leis seo do gach duine (dá ngairmtear oifigeach údaraithe san alt seo) is comhalta nó oifigeach don Choimisiún nó comhalta den Gharda Síochána gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) aon duine a stopadh agus a chuardach atá, nó a bhfuiltear in amhras é a bheith, ag iompar éisc d'aon tsaghas nó aon uirlise, nimhe nó pléascáin a húsáidtear nó atá ceaptha chun iasc a mharú nó a thógáil go neamhdhleathach agus aon iasc, uirlis nó substaint a gheofar ar iompar ag an duine sin d'iniúchadh agus, chuige sin, aon fheithicil nó pacáiste d'oscailt agus a chuardach a bhfuil, nó a bhfuiltear in amhras go bhfuil, aon iasc, uirlis nó substaint á iompar ann;

(b) gach tráth réasúnach, dul isteach, agus saor-chead a bheith aige istigh—

(i) in aon áitreabh a ndéantar, nó a gcreidtear go go ndéantar, iasc a dhíol, nó a choimeád, a thaispeáint nó a stóráil chun a dhíolta ann, nó

(ii) in aon áitreabh a gcoimeádtar, nó a gcreidtear go gcoimeádtar, ann aon uirlis nó substaint chun iasc a dhíthiú, nó

(iii) in áitreabh aon duine a bhfuil gnó ar siúl aige ag iompar earraí ar luaíocht, nó

(iv) in aon aeradróm, piara, cé, caladh, lamairne nó duga nó in aon áitreabh ar an gcéanna, nó

(v) in aon loing, bád, aerárthach, bhaigín iarnróid, mótar-loraí, cairt, nó árthach nó feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;

(c) an t-iasc go léir a scrúdú a gheofar in aon áit a n-údaraítear dó leis an alt seo dul isteach ann agus chuige sin aon phacáiste d'oscailt a gheofar san áit sin agus a mbeidh iasc ann nó a mbeifear in amhras iasc a bheith ann;

(d) aon bhád a stopadh agus dul isteach inti agus í a chuardach, ar aon abhainn nó ar bhruacha aon abhann nó in aon chuid den fharraige nó de bhruacha na farraige, a húsáidtear, nó a bhfuiltear in amhras í a bheith á húsáid, le haghaidh iascaigh, nó a bhfuil, nó a bhfuiltear in amhras go bhfuil, iasc inti a gabhadh go neamhdhleathach agus an t-iasc go léir agus na hinnill iascaigh go léir a scrúdú a gheofar inti agus chuige sin aon phacáiste d'oscailt a bhfuil, nó a bhfuiltear in amhras go bhfuil, aon iasc nó inneall iascaigh ann;

(e) aon iasc a thógáil, d'aistriú agus a choinneáil faoina choimeád (i dteannta nó d'éagmais aon phacáiste ina mbeidh sé) a gheofar le linn aon chumhacht a bheirtear leis an alt seo d'fheidhmiú agus a bhfuil, nó a bhfuiltear in amhras go bhfuil, cion faoin Acht seo á dhéanamh ina leith nó a gabhadh, nó a bhfuiltear in amhras gur gabhadh é, go neamhdhleathach;

(f) aon inneall iascaigh nó aon earra a thógáil, d'aistriú agus a choinneáil faoina choimeád a dlitear, nó a gcreidtear go ndlitear, é d'fhorghéilleadh faoi na hAchta Iascaigh nó faoin Acht seo;

(g) ainm agus seoladh an duine d'éileamh agus a thógaint a bhfuil faoina choimeád aon iasc nó earra eile a húdaraítear faoin alt seo don oifigeach údaraithe a scrúdú agus fós ainm agus seoladh únaer an éisc nó na hearra eile sin d'éileamh agus a thógaint ón duine sin.

(2) Má choinníonn oifigeach údaraithe aon iasc nó earra eile faoina choimeád faoi údarás an ailt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, pé bearta is cuí chun go ndéanfar do réir an dlí leis an duine atá ciontach, nó a bhfuiltear in amhras é a bheith ciontach, sa chion a rinneadh, nó a bhfuiltear in amhras go ndearnadh é, maidir leis an iasc nó an earra eile sin.

(3) Má choinníonn oifigeach údaraithe aon iasc faoina choimeád faoi údarás an ailt seo agus gur dóigh don iasc sin éirí neamhoiriúnach chun duine dá ithe sara bhféadfadh aon Chúirt déileáil go caothúil leis an gcúis, bhéarfaidh sé an t-iasc sin ar aird d'Fheadhmannach Síochána agus, má údaraíonn an Feadhmannach Síochána sin dó é, déanfaidh an t-iasc sin a dhíthiú nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(4) Aon Fheadhmannach Síochána a dtabharfar aon iasc ar aird dó de bhun an ailt seo, bhéarfaidh sé don duine a bhéarfas an t-iasc ar aird, más dóigh leis gur ceart sna himthosca áirithe an t-iasc a dhíthiú nó a dhiúscairt ar shlí eile, deimhniú i scríbhinn ina dtuairisceoidh an t-iasc agus aon mharcanna, sainiúlachta nó sonraí eile maidir leis a chuirfeas an duine sin in iúl do, agus ina n-údaróidh don duine sin an t-iasc sin a dhíthiú nó a dhiúscairt ar shlí eile, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise dochlóite ar gach pointe fíorais den tsórt adúradh a bheas luaite ann.

(5) Gach duine a dhiúltós a ainm agus a sheoladh féin nó ainm agus seoladh aon duine eile (chomh fada agus is eol dó é) a thabhairt nuair a héileofar sin air go dleathach faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

An nós imeachta i gcás innill iascaigh neamh dhleathacha, agus innill iascaigh dleathacha a húsáidtear go neamhdhleathach, d'urghabháil.

65. —Má dhéanann duine ar bith, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó leis an gCuid seo, aon inneall iascaigh d'urghabháil sa Stát, bhéarfaidh sé é, a luaithe is féidir, i láthair an Bhreithimh Dúiche ar ina dhúthaigh a hurghabhadh é, agus, air sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh é a dtoirmisctear leis an dlí é d'úsáid, ordóidh sé é d'fhorghéilleadh agus a dhíthiú,

(b) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh dleathach an t-inneall iascaigh agus go rabhthas tar éis é d'úsáid, á úsáid nó ar tí é d'úsáid go neamhdhleathach in aon chuid de Líomatáiste an Fheabhail, ordóidh sé é d'fhorghéilleadh,

(c) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh dleathach an t-inneall iascaigh agus nach rabhthas, tráth a urghabhála, tar éis é d'úsáid, á úsáid ná ar tí é d'úsáid go neamhdhleathach mar adúradh, ordóidh sé é a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é a únaer é.

Cosaint do dhaoine údaraithe.

66. —Ní bheidh aon duine údaraithe faoi dhliteanas mar gheall ar aon chaillteanas nó damáiste de dhroim, nó i gcúrsa, aon chumhachta dá dtugtar dó leis an gCuid seo d'fheidhmiú mura go faolrasach nó go mailíseach a tharraing sé an caillteanas nó an damáiste sin.

Pionós mar gheall ar dhaoine údaraithe d'ionsaí nó a chosc.

67. —Má ionsaíonn, má choisceann nó má bhacann duine ar bith aon duine a bheas ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an gCuid seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.