9 1952


Uimhir 9 de 1952.


ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS A RIALÁIL) (LEASÚ), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS A RIALÁIL), 1936 AGUS 1941. [10ú Meitheamh, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1936 ” Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 (Uimh. 43 de 1936) , arna leasú le hAcht 1941 ;

ciallaíonn “ Acht 1941 ” Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil) (Leasú), 1941 (Uimh. 11 de 1941) .

(2) Déanfar na tagairtí i gCuid II d'Acht 1936 don Chuid sin II d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Acht seo.

Tosach foidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a socrófar chuige sin le hordú ón Aire.

Ranníoc ó bhoird i leith scéimeanna chun táirgeadh bainne a mhéadú.

3. —Féadfaidh an bord do chomhcheantar, le toiliú an Aire, íoc as costas iomlán, nó as cuid de chostas, aon scéime a bheas ceaptha chun táirgeadh bainne sa cheantar táirgthe a mhéadú.

Cumhacht bhord chun gabháil le gnó díola bhainne.

4. —(1) Féadfaidh an bord do chomhcheantar, le toiliú an Aire, gabháil, laistigh agus lasmuigh den chomhcheantar, le gnó díola bhainne agus, chun na críche sin, bainne agus táirgí bainne a cheannach, d'ullmhú agus a dhíol, áitribh agus trealamh d'fháil, iostaí a bhunú chun bainne agus táirgí bainne a dhíol, cúltaisce de bhainne tiormaithe agus de bhainne comhdhlúite agus de choimeádáin bhainne a thiomsú agus a chothabháil agus gach ní a dhéanamh is gá chun an gnó sin a sheoladh.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, ní ghabhfaidh an bord do chomhcheantar le gnó díola bhainne tráth ar bith murab é tuairim an Aire go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, barrachas nó ganntanas bainne sa chomhcheantar.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 44 d'Acht 1936 maidir le bainne a dhíol le bord.

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 25 d'Acht 1941 maidir le bord do cheannach bainne.

Ceadúnais chun Bainne den Ghrád is Airde a cheannach.

5. —(1) Féadfaidh bord do chomhcheantar ceadúnas a dheonadh d'aon mhiondíoltóir cláraithe nó d'aon mhórdhíoltóir cláraithe i leith an cheantair sin chun Bainne den Ghrád is Airde a cheannach ó dhuine atá ceadúnaithe chun bheith ag gabháil do tháirgeadh Bainne den Ghrád is Airde faoi na Rialacháin Bhainne agus Déirithe (Ainmneacha Speisialta), 1938 (R. & O. R., Uimh. 148 de 1938), agus nach táirgeoir cláraithe i leith an cheantair sin.

(2) Aon uair a deonfar ceadúnas faoin alt seo do dhuine ar bith, féadfaidh sé, d'ainneoin aon ní in Acht 1941, Bainne den Ghrád is Airde a cheannach do réir an cheadúnais sin.

(3) Féadfaidh an bord do chomhcheantar pé coinníollacha is oiriúnach leo a chur le haon cheadúnas a dheonfaid do dhuine faoin alt seo agus má mhainníonn an duine sin na coinníollacha sin nó aon cheann acu a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear na pionóis a luaitear sa Sceideal a ghabhas le hAcht 1936 a chur air.

(4) Féadfaidh an bord do chomhcheantar ceadúnas a dheonadar faoin alt seo a chúlghairm tráth ar bith.

Ceadúnais ó Bhord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath agus srian le bainne a choannach.

6. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “ an Bord ” Bord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath, a bunaíodh faoi alt 8 d'Acht 1936 ;

ciallaíonn “ miondíoltóir cláraithe ” duine atá cláraithe de thuras na huaire sa chlár de mhiondíoltóirí atá á choimeád ag an mBord ;

ciallaíonn “ mórdhíoltóir cláraithe ” duine atá cláraithe de thuras na huaire sa chlár de mhórdhíoltóirí atá á choimeád ag an mBord ;

ciallaíonn “ uachtarlann ” áitreabh atá cláraithe de thuras na huaire sa chlár d'uachtarlanna atá á choimeád faoin Acht Toradh Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) ;

ciallaíonn “dílseánach cláraithe”, maidir le huachtarlann, dílseánach cláraithe na huachtarlainne sin chun críocha an Achta Toradh Déiríochta, 1924.

(2) Ní cheannóidh miondíoltóir cláraithe ná mórdhíoltóir cláraithe bainne ó dhílseánach cláraithe uachtarlainne ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais chuige sin a deonfar dó faoin alt seo.

(3) Féadfar ceadúnas a dheonadh faoin alt seo tráth ar bith d'aon mhiondíoltóir cláraithe nó d'aon mhórdhíoltóir cláraithe—

(a) á cheadú dhó cainníocht shonraithe bhainne in aghaidh an lae, na seachtaine, na míosa nó aon tréimhse eile a cheannach, i gcaitheamh tréimhse sonraithe, ó dhílseánach cláraithe sonraithe uachtarlainne, nó

(b) á cheadú dhó cainníocht shonraithe bhainne a cheannach ar ócáid shonraithe ó dhílseánach cláraithe sonraithe uachtarlainne.

(4) Féadfaidh oifigeach don Bhord a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord ceadúnas faoin alt seo a dheonadh in ainm agus thar ceann an Bhoird.

(5) Ní foláir gach ceadúnas faoin alt seo a bheith sínithe ag an oifigeach don Bhord a dheoin é agus is dílse-dheimhniú leordhóthaineach ar an gceadúnas sin an síniu sin.

(6) Measfar gur ceadúnas faoin alt seo aon cheadúnas a deonadh faoin Ordú Cumhachta Práinne (Bord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath), 1943 (R. & O. R., Uimh. 406 de 1943), agus a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo.

(7) Féadfar ceadúnas faoin alt seo a dheonadh i dteannta agus faoi réir pé coinníollacha a bheas sainráite ann agus comhlíonfaidh an ceadúnaí na coinníollacha sin.

(8) Féadfaidh an Bord ceadúnas faoin alt seo a chúlghairm tráth ar bith trí fhógra i scríbhínn a bheas sínithe thar ceann an Bhoird ag oifigeach don Bhord a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord.

(9) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear na pionóis a luaitear sa Sceideal a ghabhas le hAcht 1936 a chur air.

Alt 41 d'Acht 1936 a leasú.

7. —Leasaítear leis seo alt 41 d'Acht 1936—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad míre (b) d'fho-alt (1) :

“(b) íocfaidh leis an mbord sin, do réir an ailt seo, dleacht a háireofar do réir suime ordaithe ar gach galún bainne a dhíol sé sa cheantar díola cónasctha i rith na tréimhse cuntasaíochta sin le gach duine (seachas an bord sin) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin de mhiondíoltóirí nó sa chlár sin de mhórdhíoltóirí.”

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad míre (b) d'fho-alt (2) :

“(b) íocfaidh leis an mbord sin, do réir an ailt seo, dleacht a háireofar do réir suime ordaithe ar gach galún bainne a fuair sé i rith na tréimhse cuntasaíochta sin ón mbord sin nó ó aon duine seachas duine atá cláraithe sa chlár sin de mhiondíoltóirí nó sa chlár sin de mhórdhíoltóirí.”

Srian le feidhm ailt 47 d'Acht 1936.

8. —(1) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 47 d'Acht 1936 maidir le díol bainne ag táirgeoir cláraithe i leith comhcheantair Bhaile Atha Cliath is únaer ar áitreabh atá cláraithe in aon cheann de na cláir atá á gcoimeád faoin Acht Toradh Déiríochta, 1924 Uimh. 58 de 1924 ).

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 47 d'Acht 1936 maidir le bainne a cheannach ó tháirgeoir cláraithe i leith comhcheantair Bhaile Atha Cliath is únaer ar áitreabh atá cláraithe in aon cheann de na cláir atá á gcoimeád faoin Acht Toradh Déiríochta, 1924.

Inchúiseamh i leith cionta faoi Acht 1936, faoi Acht 1941 agus faoin Acht seo.

9. —(1) I gcás cion faoi aon alt nó fo-alt atá i gCuid II d'Acht 1936, in Acht 1941 nó san Acht seo, a dhéanamh i gcomhcheantar, féadfaidh an bord don cheantar sin, nó féadfar ar agra an bhoird sin, mar inchúisitheoir, an cion sin d'inchúiseamh.

(2) Athghairmtear leis seo alt 30 d'Acht 1941.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

10. —(1) Féadfar Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil) (Leasú), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1952, a ghairm d'Achta an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 agus 1941, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar Achta an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 agus 1941, agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.