An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Dleachta Stampa.)

14 1952

AN tACHT AIRGEADAIS, 1952

CUID III.

Dleachta Bais.

Alt 33 den Acht Airgeadais, 1935, a leasú.

17. —I gcás an duine dá ngairmtear an duine marbh i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , arna leasú le halt 16 den Acht Airgeadais, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , d'fháil bháis an lá a rithfear an tAcht seo nó dá éis sin, ní bheidh feidhm ag na srianta a fhorchuireas an t-alt sin 33 arna leasú amhlaidh le híocaíocht ó bhancaeir le marthanóir an duine mhairbh sin nó le gach duine nó aon duine dá mharthanoirí nó le haon duine eile más rud é nach bhfuil an tsuim a taisceadh níos mó ná cúig chéad punt, agus dá réir sin beidh éifeacht ag an alt sin 33 arna leasú amhlaidh, i gcás a fheidhme maidir le haon duine marbh den tsórt sin, amhail is dá gcuirtí “cúig chéad punt” in ionad “céad punt” i bhfo-alt (1) de.