An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Ostlanna.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Fógra Fáilte.)

15 1952

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952

Caibidil III.

Campai Saoire.

Mínithe.

43. —Sa Chaibidil seo—

Acht 1833.

ciallaíonn “Acht 1833” an Licensing (Ireland) Act, 1833;

Acht 1902.

ciallaíonn “Acht 1927” An t Acht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927) ;

Acht 1927.

ciallaíonn “campa saoire” áitreabh atá cláraithe de thuras na huaire sa chlár de champaí saoire atá á choimeád ag an mBord;

campa saoire.

ciallaíonn “Acht 1902” an Licensing (Ireland) Act, 1902;

áitreabh campa shaoire.

ciallaíonn “áitreabh campa shaoire” na foirgintí go léir atá de thuras na huaire i gcampa saoire, is cuma cad é an chríoch chun a n-úsáidtear iad;

an ceadúnaí.

ciallaíonn “an ceadúnaí” sealbhóir ar-cheadúnais de bhuaidh na caibidle seo agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ar-cheadúnas.

ciallaíonn “ar-cheadúnas” ceadúnas chun deocha meisciúla a dhíol, chun a n-ólta san áitreabh nó lasmuigh dhe;

tréimhse ama shamhraidh.

ciallaíonn “tréimhse ama shamhraidh” tréimhse arna ceapadh ag an Acht um Am Samhraidh, 1925 (Uimh. 8 de 1925) , nó faoin Acht sin, ina tréimhse ama shamhraidh;

luacháil inrátuithe.

folaíonn “luacháil inrátuithe” luacháil shealadach arna heisiúint ag na Coimisinéirí Luachála;

dálach.

ciallaíonn “dálach” lá nach Domhnach, Aoine an Chéasta, Lá Nollag ná Lá Fhéile Pádraig.

Ceadúnas nua i gcóir campa shaoire a dheonadh.

44. —(1) Má thugann duine (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt seo) fógra go cuí go bhfuil sé chun ar-cheadúnas i leith áitribh shonraithe d'iarraidh agus, sna himeachta sa Chúirt Chuarda maidir leis an iarratas, go gcruthóidh an t-iarratasóir chun sástachta na Cúirte—

(a) gur áitreabh campa shaoire nó cuid nó coda d'áitreabh campa shaoire an t-áitreabh,

(b) go gcomhlíonann an campa saoire a bhfuil an t-áitreabh ann na coinníollacha seo a leanas—

(i) go bhfuil cóiriocht cheart chónaithe ann do dhá chéad go leith aoi ar a laghad aon tráth áirithe,

(ii) nach lú ná dhá chéad punt a luacháil inrátuithe, agus

(iii) gur foirgintí buana iomlán nó formhór na bhfoirgintí ann,

féadfaidh an Chúirt, d'ainneoinn aon ní in Acht 1902, ach faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, a chur faoi ndear deimhniú den tsórt a luaitear in alt 5 d'Acht 1833 a thabhairt don iarratasóir á dhearbhú teideal cuí a bheith aige chun ar-cheadúnas d'fháil i leith an áitribh.

(2) Ní tabharfar deimhniú i leith an áitribh má chuireann an Chúirt, de dhroim agóide arna déanamh faoi alt 4 d'Acht 1833, toirmeasc faoin alt sin le har-cheadúnas d'eisiúint ar fhoras nó forais acu seo a leanas:—

(a) carachtar, mí-iompar nó neamhoiriúnacht an iarratasóra;

(b) neamhoiriúnacht nó neamháisiúlacht an áitribh nó an champa shaoire ina bhfuil an t-áitreabh;

(c) nach bhfuil an campa saoire á sheoladh go hordúil.

(3) Nuair a bhéarfar an deimhniú don iarratasóir ní oibreoidh aon ní in Acht 1902 chun cosc a chur le deonadh an cheadúnais dó a ndearbhaíonn an deimhniú go bhfuil sé i dteideal é d'fháil.

Athrú maidir le háitreabh ceadúnaithe.

45. —(1) Má dhéanann an ceadúnaí—

(a) deimhniú faoin alt seo d'iarraidh ar an gCúirt Chuarda, agus

(b) fógra a thabhairt i dtaobh an iarratais mar is gá i gcás iarratais ar ar-cheadúnas,

féadfaidh an Chúirt, ar bheith sásta go bhfuil sé oiriúnach ar chúis ar bith go ndéanfaí athrú in aon tslí áirithe maidir leis an áitreabh lena mbaineann an ceadúnas, seachas feidhm a thabhairt don cheadúnas maidir le háitreabh nach cuid den áitreabh campa shaoire, deimhniú d'eisiúint chun an cheadúnaí ag deimhniú pé ní nó nithe acu seo a leanas is iomchuí sna himthosca—

(a) go gceadaíonn an Chúirt feidhm an cheadúnais a leathnú go dtí cuid nó coda sonraithe den áitreabh campa shaoire;

(b) go gceadaíonn an Chúirt cuid nó coda sonraithe den áitreabh sin d'eisiamh ón áitreabh ceadúnaithe;

(c) go gceadaíonn an Chúirt an ceadúnas d'aistriú ón áitreabh ceadúnaithe go dtí cuid nó coda eile den áitreabh campa shaoire.

2) D'ainneoin aon ní sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar an deimhniú a thíolacadh dóibh, an ceadúnas a leasú do réir téarmaí an deimhnithe.

Uaircanta toirmiscthe.

46. —(1) Ní dleathach don cheadúnaí aon deoch mheisciúil a dhíol ná a thaispeáint chun a díolta ná an t-áitreabh ceadúnaithe d'oscailt ná a choimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil a dhíol ná a cheadú aon deoch mheisciúil d'ól san áitreabh ceadúnaithe—

(a) aon dálach—

(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, roimh leath-uair tar éis a deich a chlog ar maidin ná i ndiaidh leathuair tar éis a deich a chlog tráthnóna, ná

(ii) i rith tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog tráthnóna, ná

(b) faoi réir na n-eisceacht a luaitear in ailt 47 agus 48, aon tráth ar an Domhnach, Lá Nollag, Lá Fhéile Pádraig ná Aoine an Chéasta.

(2) Gach duine a dhíolfas nó a thaispeánfas chun a díolta aon deoch mheisciúil nó a osclós nó a choimeádfas ar oscailt aon áitreabh chun deoch mheisciúil a dhíol nó a cheadós aon deoch mheisciúil d'ól in áitreabh ceadúnaithe contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, más é an chéad chion aige é nó, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná ceathracha punt.

Forála a bhaineas leis an Domhnach, Lá Nollag agus lá Fhéile Pádraig.

47. —Ní oibreoidh aon ní in alt 46 chun a thoirmeasc ar an gceadúnaí deocha meisciúla a sholáthar ar an Domhnach, Lá Nollag nó Lá Fhéile Pádraig chun a n-ólta san áitreabh ceadú naithe—

(a) ag duine atá de thuras na huaire ar lóistín bona fide sa champa saoire—idir leathuair tar éis a seacht a chlog tráthnóna agus, i rith tréimhse ama shamhraidh, leathuair tar éis a deich a chlog tráthnóna, nó, i rith aon tréimhse eile, a deich a chlog tráthnóna, nó

(b) ag aon duine—idir a haon a chlog agus a trí a chlog san iarnóin nó idir a sé a chlog agus a naoi a chlog tráthnóna, más rud é, sa chás sin—

(i) go n-ordóidh an duine sin an deoch mheisciúil an tráth céanna a ordós sé béile substainteach, agus

(ii) go n-ólfar í i dteannta agus le linn an bhéile, agus

(iii) go soláthrófar agus go n-ólfar í sa chuid den áitreabh ceadúnaithe is gnáth d'úsáid le haghaidh béilí.

Forála a bhaineas le hAoine an Chéasta.

48. —Ní oibreoidh aon ní in alt 46 chun a thoirmeasc ar an gceadúnaí deoch mheisciúil a sholáthar Aoine an Chéasta idir a sé a chlog agus a naoi a chlog tráthnóna do dhuine atá de thuras na huaire ar lóistín bona fide sa champa saoire, más rud é—

(a) go n-ordóidh an duine sin an deoch mheisciúil an tráth céanna a ordós sé béile substainteach, agus

(b) go n-ólfar í i dteannta agus le linn an bhéile, agus

(c) go soláthrófar agus go n-ólfar í sa chuid den áitreabh ceadúnaithe is ghnáth d'úsáid le haghaidh béilí.

Cumhachta an cheadúnaí chun srianta breise d'fhorchur.

49. —(1) Féadfaidh an ceadúnaí ó am go ham dá roghain féin tórainn thar mar fhorálas an Chaibidil seo a chur leis na huaireanta a féadfar deocha meisciúla a dhíol, d'fhriotháil nó d'ól san áitreabh ceadúnaithe.

(2) Féadfaidh an ceadúnaí tráth ar bith dá roghain féin a dhiúltú deoch mheisciúil a dhíol le duine ar bith nó d'fhriotháil air.

(3) Ní dhéanfaidh fo-ailt (1) agus (2) difir d'aon cheart ná oblagáid faoi na hAchta um Bia agus Druganna a Dhíol, 1875 go 1936.

Deimhniú chun ceadúnas d'athnuachaint.

50. —An deimhniú is gá faoi alt 11 den Spirits (Ireland) Act, 1854, chun ceadúnas d'athnuachaint, is é a bheas ann, i gcás áitribh a bheas ceadúnaithe de bhuaidh na Caibidle seo, deimhniú á dheimhniú, i dteannta na nithe dá dtagartar san alt sin, go ndearnadh an campa saoire ina bhfuil an t-áitreabh a sheoladh go hordúil i gcaitheamh na bliana roimhe sin.

Ceadúnais ócáideacha.

51. —Féadfar ceadúnas ócáideach a dheonadh faoi alt 13 den Revenue Act, 1862, i leith áitribh a bheas ceadúnaithe de bhuaidh na Caibidle seo amhail is dá mbeadh an t-áitreabh sin luaite leis na háitribh san alt sin.

Orduithe díolúine speisialta.

52. —Féadfar ordú díolúine speisialta faoi alt 5 d'Acht 1927, arna leasú le halt 6 den Acht Deocha Meisciúla, 1943 ( Uimh. 7 de 1943 ), a dheonadh i leith áitribh a bheas ceadúnaithe de bhuaidh na Caibidle seo amhail is dá mbeadh an t-áitreabh sin luaite leis na háitribh san alt sin 6.

Forála d'Acht 1927 nach mbainfidh le campaí saoire.

53. —Ní bhainfidh na forála seo a leanas d'Acht 1927 le háitribh a bheas ceadúnaithe de bhuaidh na Caibidle seo, eadhon, alt 2 (a bhaineas le huaireanta toirmiscthe), alt 3 (a bhaineas le trádáil mheasctha), ailt 13, 14 agus 15 (a bhaineas le díolúine áirithe ó uaireanta toirmiscthe), agus Cuid IV (a bhaineas le laghdú ceadúnas).

Luacháil inrátuithe a ohionroinnt.

54. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar an únaer nó an t-áititheoir dá iarraidh sin, pé cuid is cuí leis a chionroinnt ar an áitreabh ceadúnaithe de luacháil inrátuithe an oidhreachtáin nó an tionóntáin ar páirt de an t-áitreabh sin agus, chun críche an dlí a bhaineas le dleacht a mhuirearú ar an gceadúnas, measfar gurb é an chuid sin a cionroinnfear amhlaidh luacháil an áitribh cheadúnaithe.

(2) Déanfar pé táille a ordós an tAire Airgeadais d'íoc leis an gCoimisinéir Luachála as an roinnt a dhéanamh faoi fho-alt (1) agus déanfaidh an Coimisinéir gach táille den tsórt sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire sin.