|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 13 de 1953. | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN ROINN TAILTE (FORAOISEOIRÍ A BHUNÚ), 1953. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DÁ CHUMASÚ CEIMIOCHT BHUNAITHE A THABHAIRT D'FHOIRINN FORAOISEOIRÍ NA ROINNE TAILTE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE A BHAINEAS LEIS SIN. [5ú Bealtaine, 1953.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
An tAire. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte. |
[EN] |
Foraoiseoirí. |
2. —(1) Más rud é, ar an Acht seo a rith, go mbeidh duine i seilbh poist lena mbaineann an t-alt seo, féadfaidh Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, ar mholadh an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, deimhniú cáiliúcháin don phost sin a dheonadh don duine sin. |
[EN] | (2) Beidh sé sainráite i ndeimhniú faoin alt seo go bhfuil éifeacht aige ó dháta an Achta seo a rith. | |
[EN] | (3) Baineann an t-alt seo leis na poist seo a leanas sa Roinn Tailte : | |
[EN] | (a) Príomh-Fhoraoiseoir ; | |
[EN] | (b) Foraoiseoir, Grád I ; | |
[EN] | (c) Foraoiseoir, Grád II ; | |
[EN] | (d) Foraoiseoir, Grád III. | |
[EN] |
Oiliúnaithe Foraoiseachta. |
3. —I gcás duine, a bhí ar an Acht seo a rith i seilbh poist mar Oiliúnaí Foraoiseachta sa Roinn Tailte, do chríochnú a chúrsa oiliúna chun sástachta an Aire, féadfaidh Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, ar mholadh an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, deimhniú cáiliúcháin do phost Foraoiseora, Grád III sa Roinn Tailte, a dheonadh don duine sin. |
[EN] |
Eifeacht an deimhnithe. |
4. —I gcás deimhniú cáiliúcháin a dheonadh de bhun an Achta seo, measfar an duine dár deonadh an deimhniú a bheith arna cheapadh chun poist bhuain i Stát-Sheirbhís an Rialtais ar an dáta óna bhfuil éifeacht ag an deimhniú. |
[EN] |
Moladh a bheith faoina roghain ag an Aire. |
5. —Gan dochar don ghá atá le comhthoiliú an Aire Airgeadais, beidh sé faoina roghain go hiomlán ag an Aire moladh a thabhairt faoin Acht seo. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
6. —Féadfar an tAcht um an Roinn Tailte (Foraoiseoirí a Bhunú), 1953 , a ghairm den Acht seo. |